Skip navigation Access keys documentation page Search Agriculture Research Food Research

Traschur Eolais

Is eagraíocht leithleach í Teagasc ag ionchorprú taighde, traschur eolais agus oideachas in eagraíocht aonair. Tacaíonn traschur eolais le nuálaíocht ag feirmeoirí maidir leis an gcaoi a mbainistíonn siad a ngnóthaí agus soláthraíonn sé rochtain chuig na teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh siad a fheidhmiú chun a gcumas iomaíochta a fheabhsú.

Shainaithin tuarascáil fhadbhreathnaitheachta 2030 Theagaisc riachtanas suntasach chun traschur eolais thaighde chuig feirmeoirí a fheabhsú chun cabhrú leo a ngnóthaí tuaithe inbhuanaithe a nuáil agus a fhorbairt.

Seachadaítear an clár comhairleach um thaschur eolais ag comhairleoirí san Aonaid Cheantair Chomhairleacha Theagaisc. Tá na comhairleoirí seo i dteagmháil le thart ar 80,000 feirmeoir agus daoine a chónaíonn faoin tuath gach bliain, agus baineann beagnach 45,000 acu feidhm as ár ndianseirbhís comhairliúcháin ar fheirm. Tacaítear leis an seirbhís chomhairliúcháin ag comhairleoirí speisialtóra fiontair bunaithe sna haonaid fhorbartha Theagaisc.

Traschuirtear na teicneolaíochtaí is fearr agus an taighde is déanaí chuig feirmeoirí ag baint úsáide as réimse modhanna, grúpaí díospóireachta, comhairliúcháin aonair, Nuachtlitreacha um Bhainistíocht Feirme agus an Clár Teagaisc um Feirme Níos Fearr san áireamh agus tríd an clár oideachasúil agus traenála.