Skip navigation Access keys documentation page Search Agriculture Research Food Research
New Page 1
 


Agricultural Catchments Programme

Agricultural Catchments

As Bearla

Tá an Agricultural Catchments Programme bunaithe ar chomhpháirtíocht idir feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile agus tá mar fheidhm ag an gClár tacaíocht a thabhairt do thalmhaíocht tháirgiúil ach ag cosaint cáilíocht uisce ag an am céanna. Cuimsíonn an clár comhairle agus taighde agus feidhmíonn in abhantraí beaga de 500 go 2,900ha.

Tá an clár, atá maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus dhá rith ag Teagasc, curtha i bhfeidhm ag foireann taighdeoirí, comhairleoirí agus teicneoirí a oibríonn as lámh a chéile le feirmeoirí. Soláthraíonn na comhairleoirí don chlár seirbhís dhian-chomhairle agus pleanála do fheirmeoirí sna habhantraí le tacaíocht óna gcomhghleacaithe áitiúla agus náisiúnta. Is é an cuspóir atá acu ná brabúsacht na bhfeirmeacha a fheabhsú agus cabhrú leis na feirmeoirí na beartais Deá-Chleachtais Talmhaíochta atá sa gClár Gníomhaíochta Náisiúnta a chuir i bhfeidhm. Oibríonn foireann taighde agus teicniúil an chláir leis na feirmeoirí agus na comhairleoirí chun éifeacht timpeallachta agus eacnamaíoch na mbeartais a mheas.

Tá sé mar aidhm ag an gclár a héifeachtúlacht a uasmhéadú trí sruth eolais agus smaointe idir na feirmeoirí agus an fhoireann a spreagadh. Déanfar é seo a áisiú trí oibriú leis na feirmeoirí go haonarach agus i ngrúpaí chun cur chuige nua a ghiniúint agus chun eolas ón gClár a scaipeadh.

Thug Duncan Stewart, láithreoir Eco Eye (clár teilifíse RTÉ) cuairt ar abhantrach Tigh Molaige, i gContae Chorcaigh. Chas Duncan le roinnt de na feirmeoirí, agus mhínigh said dó chunas mar atá siad ag láimhseáil a gcuid feirmeoireachta, ionas go bhfeabhsaítear brabús agus go gcosnaítear cáilíocht uisce. Chomh maith le sin, léirígh na feirmeoirí dó ce tuige go bhfuil siad mar pháirt don Agricultural Catchments Programme. Tá agallaimh leis na feirmeoirí agus le Ger Shortle (Teagasc), a oibríonn ar an gClár, le feiceáil san fhíseán seo a leanas. Amharc ar an bhfíseán.