Skip navigation Access keys documentation page Search Agriculture Research Food Research

Oideachas & Oiliúint

Réamheolaire Cúrsa 2009

  • Amharc ar chúrsaí ar líne

Fáilte go Réamheolaire Chúrsaí Teagasc le haghaidh 2009

Is geall go mbeidh deiseanna iontacha in earnáil an ghnó agraibhia agus i ngeilleagar na tuaithe sa chéad cheathrú eile den chéad seo chugainn. Is féidir go mbeidh daoine óga a bhfuil na scileanna agus an t-oideachas cuí acu in áit mhaith chun tabhairt faoi shlithe beatha a bheidh dúshlánach agus a mbainfear tairbhe astu.

Mar gheall ar an athbhreithniú a rinneamar le déanaí ar an tseirbhís oideachais agus traenála s’againn is cinnte go mbeidh ár gcláir bunaithe ar mhic léinn, bunaithe ar ardán nuálaíochta agus barrfheabhais agus go bhfreagrófar an riachtanas chun bitheacnamaíocht iomaíoch a bheith ann. Tá ár leathbhádóirí á dtabhairt chun dáta chun tabhairt faoi na dúshláin seo.

Ionchorpraíonn ár gcúrsaí cleachtais bhainistíochta agus teicneolaíochtí ar an fheirm bhaile, obair thionscail a ndéantar maoirseacht uirthi agus pléghrúpaí. Is é Teagasc an príomhsoláthraí breisoideachais do luathfhágálaithe scoile i staidéar gairneoireachta, tamhlaíochta, foraoiseachta agus capallach. Táimid ag cur deise ar fáil, i gcomhoibriú le hInstitiúidí Teagaisc, do scoláirí bogadh chun cinn ó chúrsaí leibhéil teastais chuig leibheal onóracha agus ar aghaidh.

Táimid ag forbairt clár nua céime sa ghnó agus i dteicneolaíocht déiríochta le Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus tá sé beartaithe tús a chur leis an chúrsa seo i Meán Fómhair 2009.

Creidiúnaíonn FETAC ár gcúrsaí breisoideachais agus creidiúnaíonn HETAC ár gcúrsaí ardleibhéil a chiallaíonn go mbíonn cáilíocht ag ár gcéimithe a aithnítear sa bhaile agus thar lear.

Réamheolaire 2009

Léiríonn an réamheolaire seo ár gcúrsaí le haghaidh luathfhágálaithe scoile i limistéir na tamhlaíochta, na gairneoireachta, na foraoiseachta, i staidéir chapallacha agus cuid mhór eile. Áirítear ann chomh maith cúrsaí d’fheirmeoirí fásta i mbainistíocht airgeadais, i gcúrsaí timpeallachta agus i roghanna taobh amuigh den fheirmeoireacht phríomhshrutha. Sa deireadh, tá réimse iomlán na gclár oiliúna Teagasc le haghaidh pearsanra i dtionscal an bhia san áireamh ann fosta.

Amharc ar shonraí an chúrsa sa sainlimistéar a bhfuil suim agat ann:

  • Cúrsaí Breisoideachais
  • Cúrsaí Ardleibhéil
  • Oideachas Leanúnach d’Aosaigh
  • Tionscal an Bhia
  • Coláistí & Áiseanna

Tá an Réamheolaire iomlán i bhfoirm PDF (3.2MB) ar fáil fosta.

Táillí Cúrsaí 2008/2009

Foinsí ón Státchiste Náisiúnta a chuireann maoiniú ar fáil le haghaidh oiliúint Teagasc faoin Phlean Forbartha Náisiúnta 2007 -2013. Bíonn maoiniú 100% ar fáil le haghaidh oiliúna do gach iontrálaí óg agus bíonn maoiniú 60% ar fáil le haghaidh na gcostas a bhaineann le cóiríocht chónaithe.  Bíonn maoiniú ar chéimeanna áirithe ar fáil le haghaidh cúrsaí oiliúna d’fheirmeoirí fásta agus sin ag brath ar an chúrsa a bhfuiltear ag tabhairt faoi. Bíonn maoiniú idir 60% go 80% ar fáil le haghaidh cúrsaí ar son an phobail a bhaineann le dea-chleachtas feirme agus tá cuid mhór de chúrsaí oiliúna bia bunaithe ar aisghabháil iomlán costas. Féach fosta ar sceideal tháillí cúrsaí Teagasc atá iniata

Eolas Bainteach

  • Forbairtí le déanaí
  • Riachtanais Oideachasúla

Ionchais maidir le slite beatha

Sa leabhrán seo déanaim próifíl ar chuid de na hiarchéimithe s’againne agus feicfidh tú go mbíonn cuid mhór roghanna de shlithe beatha ar fáil duit nuair a bhíonn do rogha de chlár oiliúna Teagasc críochnaithe agat.

Tá fearadh na fáilte romhat teacht ar Laethanta Oscailte ár gColáistí i 2009. Déan teagmháil le do rogha coláiste le haghaidh sonraí.

Paddy Browne
Stiúrthóir Oideachais agus Forbartha

 

New Page 1