Feirmeoir as Muineachán ina Mac Léinn na Bliana ag Teagasc
3 Aibreán 2008
Eoin Kerr, mar ionadaí ag Coláiste Tamhlaíochta Theagaisc, Béal Átha hÉis, ina Mhac Léinn na Bliana ag Teagasc 2007.Bhronn an tAire Tamhlaíochta, Iascaigh agus Bia, Mary Coughlan TD, na duaiseanna, a ndearna FBD Trust Teo urraíocht orthu, i mBaile Átha Cliath inniu, an Déardaoin, 3 Aibreán 2008.
Tá an-suim ag mac léinn na bliana, Eoin Kerr, as Éadan na nÉan, Baile Átha Beithe, Co. Mhuineacháin, san fheirmeoireacht agus go háirithe san fheirmeoireacht déiríochta.I ndiaidh dó an Ardteistiméireacht a dhéanamh, chríochnaigh sé a Theastas Leibhéil 5 FETAC sa Tamhlaíocht i gColáiste Tamhlaíochta Bhaile Átha hÉis agus chríochnaigh sé a thréimhse ar socrúchán sa Nua-Shéalainn.Is dóiche gur rachaidh Eoin i gcomhpháirtíocht lena athair go luath, mar dhóigh chun a bhfiontar déiríochta a fhairsingiú.Feirm sheanbhunaithe déiríochta is ea feirm an bhaile agus 180 acra ann, 105 bó agus cuóta de 460,000 lítear bainne.Tá Eoin ag smaoineamh cheana féin ar spriocanna gnó agus bainistíochta; ag leathnú líon na mbó go 150l agus ag baint amach breith dhlúth lao san earrach.
Agus é ag caint ag bronnadh na nduaiseanna, dúirt stiúrthóir Theagaisc, an tOllamh Gerry Boyle: "Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis na mic léinn uile anseo inniu faoi na duaiseanna atá á mbronnadh orthu.Bímid anseo in Teagasc de shíor ag déanamh measúnachta ar ár gcláir oideachais le cinnte a dhéanamh de go gcomhlíonann siad riachtanais fheirmeoirí na todhchaí. D’amharcamar ar chur i láthair na gcúrsaí chun tuilleadh solúbthachta a sholáthar chun freastal a dhéanamh ar mhac léinn an lae inniu.D’amharcamar ar ábhar an chúrsa le cinnte a dhéanamh de go n-ullmhaíonn sé feirmeoirí na todhchaí agus táimid ag iarraidh tosaíocht a dhéanamh de chaipitil atá infheistithe inár n-áiseanna oidheachais sa todhchaí.”
Bhronn an tAire an duais ar an dara duine is fearr, Peter Fogarty, Cill Phádraig, Baile an Chaisleáin, Guaire, Co. Loch Garman, agus fuair William Doogan, Cill Domhnaigh, Béal Átha Séanaigh, Co. Dhún na nGall an tríú duais.
Bhain Peter Fogarty an Teastas Breise sa Tamhlaíocht amach le tuillteanas ag Coláiste Chill an Dátúnaigh i 2008. Bhí sé ar socrúchán naoi mí oibre ar fheirm déiríochta David Farrell in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman. Tá pleananna móra ag Peter dá thodhchaí i bhfeirmeoireacht déiríochta.Tá sé i bhfách le deireadh a chur le cuótaí táirgthe bhainne agus tá plean aige tréad déiríochta de 150 bó a bheith aige sa todhchaí trí thalamh breise a ghlacadh ar léas.
Chríochnaigh William Doogan an Ceardteastas Leibhéil 6 i dTamhlaíocht san Ionad Comhairliúcháin agus Oiliúna i gCarn na Mugach, Leitir Ceanainn, ó 2004 go 2007 le tuillteanas. Bíonn sé ag feirmeoireacht ar 45 heicteár san iomlán i gCill Domhnaigh, Béal Átha Seanaigh, in Iardheisceart Dhún na nGall.Tá sé i gceann ar 30 bó dhiúile, tras-siolraithe de Charolais agus Limousin síolraithe ag tarbh trí úsáid a bhaint as Al.
Dúirt Stiúrthóir Oideachais agus Forbartha Theagaisc, Dona Carey;Tá suim nua ann anois in oideachas tamhlaíochta agus uimhreacha ag ardú in ainneoin na titime i líon na bhfeirmeoirí lánaimseartha.Tá éileamh mór ar chúrsaí lánaimseartha fosta.”
Rinneadh urraíocht fhial ar Mhac Léinn an Bliana le Teagasc ó chuir FBD Trust Teo. tús leis trí bliana is fiche ó shin.
Bronnadh teastais fosta ar:
- Maurice (Fergal) Bates, Baile an Rí, Port Laoise, Co. Laoise, ina ionadaí ag cúrsaí Phort Laoise.
- Thomas Mather, Cill na Tigh, Ráth Iomgháin, Co. Chill Dara, ina ionadaí ag Coláiste Ghoirtín.
- James Gaffney, Baile an Róigh thois, Baile an Gharraí, Co. Luimnigh, as Coláiste Phailís Chaonraí.
- Nuala McDonnell, Cluain Gabhna, Coill na Móna, Inis, Co. Chláir, ina hionadaí ag cúrsa Inis.
- Joseph Keenehan, Páirc na bhFianna, Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin, ó Choláiste an Chreagáin.
- Patrick Cronin, an Baile Ard, Domha Guairne, Mainistir na Corann, Co. Chorcaí, ina ionadaí ag Coláiste Chloich na Coillte.
- Dermot Daly, Cill tSeanbhoithe, Cill Chonla, Tuaim, Co. na Gaillimhe, ó chúrsa Bhaile Átha an Rí.



