Skip navigation Access keys documentation page Search Agriculture Research Food Research

Eolas Riachtanach chun Todchaí níos fearrr a bhaint amach in Earnáil an Ghnó-Agraibhia

30 Bealtaine 2008

Táthar ag dúil le ré nua chorraitheach san fheirmeoireacht agus i dtáirgeadh bia agus luach na hearnála ag méadú faoi dhó go €40 billiún faoi 2030 mar gheall air. Ar na téamaí is lárnaí i dtuarascáil foresight Teagasc a foilsíodh inniu tá fís go mbeidh ról níos leithne ag earnáil an ghnó-agraibhia i nGeilleagar Bitheach bunaithe ar Eolas.

Cuireadh an tuarascáil, Teagasc Foresight 2030, i láthair ag comhdháil Teagasc 2030 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu, an Aoine, 30 Bealtaine 2008. Tá athruithe móra roimh an earnáil agus na hathruithe sin ag méadú go gasta, agus ceisteanna ar nós soláthar fuinnimh agus cúrsaí slándála, treocht praghasanna earraí, athrú aeráide agus athruithe sa mhargadh agus tomhaltóireachta taobh thiar díobh. Rinneadh measúnacht agus staidéar ar thionchar na gcúiseanna seo athraithe thar thréimhse 18 mí mar chuid den phróiseas foresight.

Dúirt Stiúrthóir Teagasc, An tOllamh Gerry Boyle: “Tá cúrsaí tamhlaíochta ar thairseach athrú suntasach. Beidh dúshláin agus deiseanna móra ann agus is féidir linn amharc chun tosaigh agus sinn breá muiníneach go bhfuil todhchaí geal i ndán don fheirmeoireacht.  Beidh fairsingiú mór i ndán do thionscal déiríochta na hÉireann a bheidh iomaíoch ar leibhéal idirnáisiúnta a bheidh ag baint leasa as na buntáisti nadúrtha a thugann féar de réir mar a thagann athrú ar chóras cótaí bainne an AE".

Dúirt sé: “Táimid ag dúil le ré iar-ola nuair a bhogfaidh tionscail ó bhreoslaí iontaise agus gá ann “ceimiceáin ghlasa” a dhíorthú ó phlandaí mar mhalartach ó ábhair bunaithe ar pheirtiliam. Cuirfidh na deiseanna chun breoslaí malartacha inbhuanaithe a aimsiú ó phlandaí dúshlán roimh thaighde agus deiseanna corraitheacha ar fáil dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an tionscal agraibhia."

Ba é Dr Gale Buchanan, as an Roinn Tamhlaíochta sna Stáit Aontaithe a thug spreagaitheasc ag an chomhdháil. D’inis sé do thoscairí gur feabhsaíodh sláinte an duine agus cáilíocht an chomhshaoil nuair a baineadh úsáid as eolaíocht agus oideachas i gcúrsaí tamhlaíochta. Chuir eolaíocht agus oideachas go mór le cothú an duine; bia níos sábháilte; sláinte ainmnithe feabhsaithe; bainistíocht níos fearr ithreacha; úsáid fheabhsaithe leasacháin; éagsúlachtaí méadaithe barra; rialú forbartha ar fheithidí; galair agus fiailí; modhanna níos fearr buainteoireachta, stóráil, iompar earraí feirme agus cuid mhór ranníocaíochtaí eile.

Dúirt Dr Buchanan: “Tá infheistíocht i dtaighde tamhlaíochta agus i bhforbairtí ar na príomhchúiseanna le fás i dtáirgiúlacht aonair. Léiríonn staidéir tháirgiúlachta ar fud an domhain go bhfuil na rátaí fáltais i R & D na tamhlaíochta iontach ard i dtíortha forbartha agus i dtíortha atá i mbéal forbartha."

Lean sé ar aghaidh: “Má táimid a dhul a bheith in inmhe riachtanais an domhain a chomhlíonadh maidir le bia, beathú, gairbhseach, agus breosla, beidh gach gléas eolaíochta agus teicneolaíochta dá bhfuil ar fáil de dhíth orainn.”

D’inis Dr Buchanan do thoscairí go bhfuiltear ag tabhairt dhúshlán na n-eolaíochtaí tamhlaíochta teicneolaíocht a fhorbairt chun táirgeadh inbhunaithe bithbhreoslaí a éascú le haghaidh iompair chomh maith le soláthar na riachtanas maidir le bia, beathú agus gairbhseach atá ag pobal an domhain.

Thug urlabhra na SA rabhadh go bhfuil dúshlán mór roimh earnáil na tamhlaíochta maidir le huisce a bheith ar fáil agus cáilíocht an uisce sin. “In áiteanna sa domhan ina bhfuil cúltaiscí laghdaithe screamhuisce ann, cáilíocht dhíghrádaithe uisce, agus dálaí diúltacha aeráide, is amhlaidh go bhfuil caighdeán agus cáilíocht screamhuisce ag laghdú,” arsa sé.

Chuir An tOllamh Gerry Boyle deireadh leis, agus é a rá: “Is é ról Teagasc ná tacaíocht atá bunaithe ar eolaíocht a chur ar fáil do nuálaíochtaí, ina mbeidh comhpháirtíocht de dhíth, ceannaireacht agus cuntasacht. Tá Teagasc ag ullmhú le haghaidh athraithe agus ullmhaithe dó. Tugadh faoi roinnt céimeanna tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear bunú ionad taighde eolaíochta bithí lena chinntiú go bhfuil teicneolaíocht na heolaíochta agus nuálaíocht ag croílár fhorbairt na hearnála agraibhia.”

New Page 1