Cuireann praghasanna níos airde bainne agus árbhair i 2007 le hIoncaim Fheirmeacha agus le hInfheistíocht
22 Iúil 2008
Tháinig méadú de 18% ar Ioncaim Fheirmeacha i 2007 go €19,687 sa bhliain, de réir Shuirbhé Náisiúnta Feirmeacha Teagasc, a foilsíodh inniu, 22 Iúil 2008. Tugtar faoin suirbhé gach bliain ag Ionad Taighde Taighde maidir le Geilleagar na Tuaithe.
Ba iad na praghasanna méadaithe bainne agus árbhair ba mhó ba chúis leis an mhéadú ar an mheán ar ioncaim fheirmeacha anuraidh, ach gur tháinig laghdú ar ar ioncaim ar fheirmeacha eallach agus caorach. D’fhan íocaíochtaí díreacha mar a bhí i 2007, €16,346 ar an mheán agus ag cur 31% le hasraon feirmeacha agus 84% le meánioncam feirme.
Tharla an leibhéal bliantúil is airde infheistíochta ar fheirmeacha na hÉireann i 2007. Tháinig ardú ollmhór de 76% ar infheistíocht iomlán ar fheirmeacha agus san iomlán meastar gur €1.4 billiún a caitheadh ann go náisiúnta. Ba é €21,000 an infheistíocht iomlán ar an mheán ar na feirmeacha a rinne infheistíocht i 2007, agus 80% dá ioncam feirme a bhí ann san iomlán. Cuireadh leathchuid den infheistíocht ar fáil ar fheirmeacha déiríochta.
Ag caint ar na torthaí, dúirt Liam Connolly, ceannaire ar fhoireann an tSuirbhé Náisiúnta Feirmeacha; “ba iad an dá rud ba thábhachtaí a bhain le torthaí 2007 ná an méadú mór ar ioncaim fheirmeoirí déiríochta agus curaíochta agus an leibhéal ollmhór d'infheistíocht ar fheirm ag €1.4 billiún."
Tharla an méadú is mó ar na feirmeacha a bhí lánaimseartha ar bhonn tráchtála. Bhí ioncaim agus aschurtha i bhfad níos airde i 2007, €43,900 ar an mheán, i gcomparáid le €34,5000 i 2006 - méadú de 27%, Tá 36,400 feirmeoirí sa ghrúpa seo, agus is iad is mó atá chun tosaigh i gcúrsaí tamhlaíochta in Éirinn. Chuaigh ioncaim le haghaidh na bhfeirmeoirí tráchtála seo ó €66,000 an fheirm ar fheirmeacha curaíochta, go €53,800 ar fheirmeacha speisialtóireachta déiríochta agus €17,700 ar fheirmeacha oiliúna. Ní raibh an tábhacht chéanna le híocaíochtaí díreacha ar fheirmeacha lán-aimseartha ag ranníoc 23% den aschur iomlán agus 62% d'ioncam feirme.
Go fóill beag bhí curaíocht agus déiríocht ar na fiontair ba bhrabúsaí agus meánioncaim fheirme de €51,017 ar fheirmeacha déiríochta agus €40,611 ar fheirmeacha curaíochta i 2007. Tá feirmeacha eallach agus caorach páirtaimseartha don chuid is mó, agus ioncaim ísle fheirme acu, agus iad ag brath go mór ar fhóirdheontais agus ar fhostaíocht ar shiúl ón fheirm. Tháinig laghdú de 10% ar ioncaim ar fheirmeacha caorach i 2007 go €10,682 an fheirm mar gheall ar ioncam níos ísle ó dhíolacháin na gcaorach.
Léiríonn an leibhéal íseal ioncaim ar fheirmeacha oiliúna leochaileacht na hearnála maidir le brú ar bith chun praghas a ísliú a bhféadfaí a bheith ann mar gheall ar athruithe i rochtain an mhargaidh mar chuid de chomhaontas ar bith WTO. Tháinig laghdú ar an mheán d'ioncaim ar fheirmeacha oiliúna ó €8,291 i 2006 go €7,702 i 2007 – laghdú de 7%, mar gheall ar chostais níos airde go príomha. €12,755 an fheirm ba ea an t-aschur bunaithe ar an mhargadh ó chórais oiliúna, arb ionann é agus ceathrú de gach feirm sa tír, agus €17,816 ba ea na costais iomlána táirgthe, agus ba mar gheall air seo go raibh caillteanas ó áit an mhargaidh de €5,061.
I measc na dtorthaí eile a tháinig amach ón suirbhé tá:-
- An bhearna idir ioncaim ar fheirmeacha déiríochta agus curaíochta i gcoinne feirmeacha stoic thirim le leathnú.
- Tháinig laghdú ar ranníocaíocht na bhfóirdheontas maidir le hashur agus le hioncam i 2007.
- Ar an iomlán ar 80% d’fheirmeacha bhí foinse eile ioncaim ag an fheirmeoir/chéile ar shiúl ón fheirm.
- Bhí ioncam ar fheirmeacha stoic thirim REPS giota maith níos airde ná ioncam ar fheirmeacha stoic thirim neamhREPS.
Leis an tuarascáil iomlán a léamh cliceáil ar Teagasc National Farm Survey



