Nuacht Taighde Teagasc – An Fómhar 2008
5 Lúnasa 2008
Cur chuige nua foirne chun sláinte tréada a fheabhsú
Cuireadh tús le clár nua sláinte tréada dírithe ar fheirmeoirí déiríochta na hÉireann a ullmhú le haghaidh na ndúshlán bithshábháilteachta a bhaineann le fairsingiú tréada san Ionad Taighde Teagasc um Tháirgeadh Bia, Páirc Uí Mhordha. Cuireadh tús le dhá tionscal taighde, ceann amháin ag díriú ar mhaistíteas agus ar cheisteanna cáilíochta bainne, agus an ceann eile ar ghalair thógálacha, agus John Mee agus a leathbhádóirí mar cheannródaithe orthu. Fostaíodh beirt thréidlia nua le hobair a dhéanamh ar na tionscail seo. Tá sonraí faoi na tionscail nua ar fáil in alt i Tresearch, irisleabhar taighde Teagasc. In Éirinn, tháinig ardú 5,000/ml ar chuntas cealla sómacha ar an mheán ó thús na ndeich mbliana seo. Tá feirmeoirí ag cailleadh mar gheall ar phionóis a ghearrtar mar gheall ar cheisteanna cáilíochta bainne, ar nós chuntas cealla sómacha (SCC), ábhar baictéarach agus iarmhair agus costais dhíreacha a bhaineann le cásanna cliniciúla maistítis.
D'fhiosraigh Ollscoil Wisconsin faoin smaoineamh ar éirigh go geal leis faoi chur chuige bunaithe ar fhoireann chun ceisteanna cáilíochta bainne a réiteach. Tá plean rialaithe Teagasc maidir le cáilíocht bainne/maistíteas atá bunaithe ar fhoireann á dhearadh i láthair na huaire ag Páirc Uí Mhordha agus tá sé bunaithe ar chuid de phríomhchoincheapa chur chuige SA, is é sin, bunaithe ar fhoireann, spriocanna réadúla a bheith iontu, ag sainaithint athraithe straitéiseacha bainistíochta, freagrachta agus athmheasúnachta rialta.
Cuirfear tús leis le clár píolótach a mbeidh 20 feirm páirteach ann. Beidh comhairleoirí Teagasc , ag déanamh comhairleoireachta faoi cháilíocht bainne asraonta, tréidlianna, teicneoirí inneall crúite agus an feirmeoir óstach sna foirne. Beidh ceardlanna oiliúna i gceist maidir le hullmhú le haghaidh an phíolóta do gach páirtí leasmhar agus é sin dírithe ar fheabhas a chur ar na scileanna atá de dhíth chun ceisteanna cáilíochta bainne ar an fheirm a réiteach. Tá feirmeoirí á n-earcú faoi láthair chun páirt a ghlacadh sa chlár phíolótach, a mhairfidh ar feadh tréimhse naoi mí.
Comhdhéanamh de réir póir de thréad náisiúnta na gcaorach
Tá comhdhéanamh géiniteach an tréada náisiúnta caorach in Éirinn faoi réir ailt le Seamus Hanrahan, Ionad Taighde um Chaoirigh, Baile Átha an Rí. Tuairiscíonn sé ar shuirbhé a bhí ann le déanaí agus aithníonn sé ábhair bhuartha. Ábhar amháin imní is ea an méid íseal de reithe a ceannaíodh ag díolacháin ghinearálta, áit a bhfuil eolas ar fáil ar luach póraithe le haghaidh innéics tairteola (LMI) ón lucht póraithe a ghlacann páirt sa Chlár Feabhsúcháin maidir le Pórú Caoirigh Ghinealacha (PSBIP) le haghaidh póruithe foirneacha athar. Ar fud na dtrí phríomhphór athar teirminéalach tarraingítear níos lú ná cúigiú amháin de réithe ó dhíolacháin den chineál sin. Ar a bharr sin, d’aimsigh an staidéar nach bhfuil próifílí aoise na reithe agus coibheas na gcaroach ag leibhéil a bheadh inmhianaithe chun barrshochar a bhaint amach ó chláir fheabhsúcháin ghinitigh.
Chomh maith leis sin, nuair a ghlactar san áireamh úsáid reithe ar thréada na gcnoc, níl pór na gcaorach brocach ag giniúint go leor den íonphór chun an tréad reatha a choinneáil, agus ní féidir le húsáid reatha reithe Cheviot pobal íonphór na Cheviot a choinneáil ach oiread.
Nuálaíocht ar fheirmeacha na hÉireann
Tá feirmeoirí déiríochta agus curaíochta ar an ghrúpaí is nuálaí dá bhfuil ann.
Bailíodh sonraí ar nuálaíocht feirmeoirí mar chuid den Suirbhé Náisiúnta Feirmeoireachta a thug Ionad Taighde Teagasc ar Gheilleagar na Tuaithe le linn an Fhómhair seo a chuaigh thart. Cuireadh ceist ar shampla de 1.052 feirmeoirí faoin chineál nuálaíochta a raibh baint acu léi. Léiríonn na chéad torthaí ó thaighdeoir Teagasc, Kevin Heanue, gurb iad na feirmeoirí déiríochta agus curaíochta is nuálaí. Baineann an cineál is minice nuálaíochta le ceisteanna próisis agus eagrúcháin.
Is amhlaidh go bhforbrófar sa chéad chéim eile den taighde próifil níos cuimsithí de na feirmeoirí sin atá nuálaíoch agus iad siúd nach bhfuil. San áireamh le fachtóirí a théann i bhfeidhm ar dhearcadh feirmeoirí maidir le nuálaíocht tá aois an fheirmeora, méid na feirme, cé acu cliaint Teagasc iad, cé acu feirmeoir lánaimseartha nó páirtaimseatha é, leibhéal oideachais an fheirmeora agus idirghníomhaíocht an fheirmeora leis na pléghrúpaí agus feirmeacha faireacháin, mar shampla.
Nuálaíocht Cáise Pháirc Uí Mhordha
Chuir an taighde leanúnach ar cháis ag Ionad Taighde Bia Pháirc Uí Mhordha go mór le tionscal déiríochta na hÉireann agus tá ionchas mór roimh an tionscal chun asraon cáise a fhorbairt romhainn go fóill. Ar na forbairtí is corraithí ar na mallaibh ba é comhdú Pháirc Uí Mhordha le haghaidh paitinne ar theicneolaíocht nua déanta cáise gach céim draenála meidhg. Tá sonraí san eagrán is déanaí de Tresearch faoin teicneolaíocht nua seo. Míníonn Tom Beresford agus Tim Guinee ó Pháirc Uí Mhordha forbairt an chláir thaighde cáise ó 2000. Mar gheall ar an mhaoiniú poiblí a cuireadh ar fáil chun tacú le taighde cáise bhíothas in inmhe forbairt leanúnach a dhéanamh ar chlár cáise a fhreagraíonn riachtanais na tionsclaíochta, ach ag an am chéanna leagann sé síos bunsraitheanna san eolaíocht agu sa teicneolaíocht a chuideoidh le fairsingiú agus forbairt an tionscail sa todhcaí.



