Skip navigation Access keys documentation page Search Agriculture Research Food Research

Cathaoirleach Nua Teagasc Ceaptha

17 Meán Fómhair 2008

Cheap an tAire Tamhlaíochta, Iascaigh agus Bia, Mr Brendan Smith TD,  Dr. Noel Cawley inniu, an 17 Meán Fómhair, mar Chathaoirleach nua ar Teagasc. Tagann Dr. Cawley mar chomharba ar Dr Tom O’Dwyer a bhfuil dhá théarma de chúig bliana déanta aige mar Chathaoirleach.

Bhí Dr. Cawley ina Phríomhfheidhmeannach ar Bhord Bainne go dtí 2006. Bhí sé mar Chathaoirleach fosta ar Bhord na gCapall, agus le déanaí bhí sé ina Chathaoirleach ar an Athbhreithniú Straitéise um Bia Mara a bhunaigh an Rialtas agus ar Ghrúpa  Feidhmithe. Is de Chontae Shligigh ó dhúchas é Dr. Cawley, agus bhí sé ina chathaoirleach fosta ar Ghrúpa Faireacháin Chairt na bhFeirmeoirí ar bhunaigh an Roinn Tamhlaíochta, Iascaigh agus Bia é agus tá sé ina Stiúrthóir ar One 51 Plc.

Ghabh an tAire Smith buíochas leis an Dr. O’Dwyer mar gheall ar an chion fir a rinne sé mar Chathaoirleach ar Teagasc le 10 mbliana, ar thréimhse é inar tharla mórathruithe in earnáil an ghnó-agrabhia, agus dúirt sé; “Fágann Dr. O'Dwyer Teagasc agus struchtúr soiléir leagtha amach aige agus misean le haghaidh na heagraíochta sna blianta atá romhainn agus go háirithe, le déanaí, le cur i ngníomh an chláir thaighde Vision Teagasc agus le seoladh Tuarascáil Foresight 2030 Teagasc a shainíonn tosaíochtaí taighde, nuálaíochta agus tacaíochta sa chéad cheathrú eile don chéad seo chugainn in earnáil ghnó an agraibhia in Éirinn”.

Dúirt Stiúrthóir Teagasc, An tOllamh Gerry Boyle, go raibh sé ag dúil le comhoibriú a dhéanamh le Dr. Cawley, de réir mar a thagann claochlú agus athrú ar Teagasc chun deiseanna nua atá ag teacht chun cinn sna hearnálacha tamhlaíochta agus bia ach ag cuidiú le tionscail na feirmeoireachta agus an bhia todhchaí inbhuanaithe a chruthú de réir mar a thugann siad faoi na dúshláin atá rompu.

Chomh maith leis an aire, ghabh An tOllamh Boyle buíochas leis an Chathaoirleach a bhí ag dul as oifig, Dúirt sé; ó ceapadh é i 1998, ar philleadh dó i ndiaidh gairmréim fhada chéimiúil leis an Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil ina raibh sé mar Chef de Cabinet ag beirt Choimisinéirí AE, agus mar Stiúrthóir ar Tháirgí Beostoic, bhí Tom O'Dwyer ina cheannródaí ar Teagasc de réir mar a rinneadh eagraíocht nuálaíoch dhiminiciúil eolaíochta a dhéanann freastal ar na hearnálacha gairneoireachta agus bia chomh maith sin sa lá atá inniu ann.”

I dteannta le ceapadh an chathaoirligh nua, cheap an tAire Brendan Smith beirt bhall eile ar Údarás Teagasc. Ceapadh Padraigh Gibbons as an Bhallán, Co. Mhaigh Eo, agus beidh sé mar ionadaí ICOS ar bhord Teagasc. Is feirmeoir déiríochta é, cathaoirleach ar Chomharchumann Connacht Gold agus iar-uachtarán ar ICOS.

Ceapadh Frank O’Mahony fosta, as Baile Orgain, Baile an Mhanaigh, Co. Chorcaí ar feadh téarma cúig bliana ar Údaráis Teagasc. Macra na Feirme a d’ainmnigh é.

Téann siad ann in áit Michael O’Dwyer as Contae Thiobraid Árainn agus Patrick Kelly as Dún na nGall. D’fhreastail Michael O’Dwyer as Radharc an Droichid, Caiseal, ar an bhord ar ar feadh 20 bliain agus ciallaíonn sé sin go bhfuil sé ar dhuine de na baill is faide freastal ar an bhord. Chríochnaigh Patrick Kelly, feirmeoirí déiríochta as Cúil na gCuirridín, Co. Dhún na nGall, a théarma cúig bliana ar Údarás Teagasc, i ndiaidh gur cheap Macra na Feirme é.

 

New Page 1