Skip navigation Access keys documentation page Search Agriculture Research Food Research

Taighde & Nuálaíocht

Is institiúid taighde lonnaithe in Éirinn é Teagasc atá go mór chun cinn i gcúrsaí taighde, ag tabhairt faoi thaidghe nuálaíoch sa bhitheolaíocht, i dtáirgeadh tamhlaíochta, sa timpeallacht agus i ngeilleagar  na tuaithe.

Tugann tuarascáil Foresight Teagasc 2030 aghaidh ar na hathruithe a bhféadfaí a tharlú le linn an 20 bliain seo chugainn agus léiríonn sé an tábhacht a bhaineann le heolas le haghaidh thodhchaí na tamhlaíochta, an tionscail bhia, na timpeallachta agus le haghaidh eacnamaíocht ceantar tuaithe.

Sna hocht n-ionad taighde Teagasc atá lonnaithe fud fad na hÉireann, tá breis agus 750 taighdeoir eolaíochta, foireann theicniúil agus mic léinn iarchéime, ag obair ar thionscail nuálaíocha agus dhúshlánacha, ar lorg freagraí na gceisteanna eolaíochta a bhíonn de shíor ag teacht chun cinn.

As siocair go bhfuil ról lárnach ag Teagasc agus eolas faoi leith á chur ar fáil le haghaidh na n-earnálacha tamhlaíochta agus bia, rinne sé infheistíocht i dtólamh in áiseanna nua úrscothacha agus sa “chaipiteal daonna” tríd an chlár Teagasc Vision, chun an tionscal a threorú agus chun cuidiú le forbairt eacnamaíoch an eolais in Éirinn.  

Tugtar faoi Thaighde ar bhia sa Ionad Taighde Bia i mBaile Uí Mhaolmhordha agus in Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh. Leantar de chláir thaighde ar shábháilteacht bhia, bia la haghaidh sláinte, comhábhair i mbia, cultúir bhia, teicneolaíocht feola, teicneolaíocht déiríochta, bia ullmhaithe le haghaidh tomhaltóirí, oiliúint i dtionscal an bhia, agus taighde margaidh.

Bíonn forbairt ag teacht i dtólamh ar  Thaighde Tamhlaíochta agus taighde nua á dhéanamh ar eolaíocht bhitheach agus meastar go mbeidh ról níos tábhachtaí ag eolaíocht bhitheach ar bharr as seo amach. Cuidíonn cláir thaighde Teagasc i limistéir ar nós déiríochta, mairteola, caorach, gairneoireachta agus muc le taca a chur faoin ghníomhaíocht tráchtála ar bhealach eolaíoch sna hearnálacha seo, ach ag coinneáil dea-chleachtais timpeallachta ag an am chéanna.

Cuireann taighde ar fhiontair eile úsáide talún ar nós foraoiseachta agus barraí fuinnimh bonn eolais ar fáil ar féidir leis na hearnálacha seo atá ag teacht amach forbairt a dhéanamh orthu.

I measc na taighde ar eacnamaíochtaí gheilleagar na tuaithe, tá anailís ar mhargadh tráchtearraí, anailís pholasaí agus taighde maidir le struchtúir feirme, inmharthanacht feirme agus ioncaim ó chúrsaí tamhlaíochta. Tugann disciplíní ar nós tíreolaíochta agus socheolaíochta  agus ábhair eile chuí le forbairt tuaithe.

Cuireann Teagasc béim mhór ar chomhoibriú le grúpaí eile taighde, go háirithe san Eoraip agus i SAM. Cuidíonn an comhoibriú seo le cinnte a dhéanamh de go mbíonn an eagraíocht chun cinn i bhforbairtí nua eolaíochta i ngach limistéar de thaighde.