Scéime Gaeilge
Réamhrá agus Cúlra
D’ullmhaigh Teagasc an scéim seo de bhun Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (an tAcht). Forálann Alt 11 d’ullmhú Scéim Reachtúil comhlachtaí poiblí lena n-áirítear cur síos ar na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil acu
- trí mheán na Gaeilge
- trí mheán an Bhéarla, agus
- trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla
agus na bearta atá le cur i bhfeidhm d’fhonn a chinntiú go gcuirfear seirbhís ar bith nach bhfuil á chur ar fáil ag an gcomhlacht trí mheán na Gaeilge faoi láthair ar fáil laistigh d’fhráma ama aontaithe.
Treoirlínte d’ullmhú scéime
Cuireadh an Scéim seo le chéile de réir treoirlínte atá ullmhaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Ullmhaíodh na treoirlínte seo i gcomhar le Grúpa Idir-Rannach Oibre; grúpa ar a raibh ionadaithe ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia.
D’fhoilsigh Teagasc fógra sna nuachtáin náisiúnta an ar an 19ú 2007 ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara maidir le hullmhú na Dréacht-Scéime. Fuarthas roinnt aighneachtaí agus is féidir teacht ar na haighneachtaí sin ar láithreán gréasáin Theagasc www.Teagasc.ie. Chabhraigh na haighneachtaí seo leis an Scéim a chur i dtoll a chéile, le cois moltaí a fuarthas ó chomhaltaí foirne i dTeagasc.
Ábhar na Scéime Teanga
Chabhraigh Grúpa Oibre ar a raibh ionadaithe ó gach Stiúrthóireacht atá ag feidhmiú laistigh de Theagasc le dréachtú na Scéime.
Leanfaidh Coiste Bainistíochta Theagasc le hathbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtach na Scéime.
Áiríonn an Scéim tiomantas measúnacht leanúnach a dhéanamh ar an éileamh atá ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus a chinntiú go ndéanann Teagasc tréan iarracht an t-éileamh seo a chomhlíonadh ar bhealach réalaíoch, pleanáilte, comhleanúnach agus inrochtana.
Tosú na Scéime
Tá an Scéim seo daingnithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cuirfear tús leis an Scéim ar an 1ú Eanáir 2008 agus beidh an Scéim i bhfeidhm do thréimhse trí bliana ón dáta seo, nó go dtí go ndaingníonn an tAire Scéim nua de bhun Alt 15 den Acht, cibé acu is túisce.



