Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Plean Náisiúnta d’Earnáil na Curaíochta de Dhíth

Ní mór go nglacfadh gach uile ceann de na leasanna dílsithe i dtalmhaíocht na hÉireann; ón táirgeoir anonn go dtí an tomhaltóir; le cur chuige aontaithe d’fhonn earnáil na curaíochta a shábháil. Sin í an teachtaireacht a bhí ag an Uasal Michael Hoey, feirmeoir curaíochta agus úinéir County Crest i mBaile Átha Cliath agus é ag labhairt ag Comhdháil Náisiúnta Churaíochta Theagasc atá ar siúl inniu an 28 Eanáir, i gCeatharlach.

Mheabhraigh sé don 500 feirmeoir a bhí i láthair inniu gur plean náisiúnta atá de dhíth ar thionscal na curaíochta. ‘Ba cheart go dtabharfadh an plean gach uile ghné den slabhra ó thaighde agus forbairt go táirgíocht agus margaíocht san áireamh. Ba cheart go sásódh sé éilimh an mhargaidh. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm aige margaí inbhuanaithe agus breis luacha a fhorbairt agus a mhéadú do tháirgí an fheirmeora, cibé an bia nó fuinneamh a bheadh i gceist. Ba cheart go bhfoghlaimeodh sé ó bhotúin a rinneadh i dtionscal siúcra na hÉireann ach go háirithe. Is éard atá de dhíth ná fís san fhadtréimhse, mar aon leis an bhfeasacht gur plean torthúil atá ag teastáil seachas a bheith ag brath ar dheontais nó ar chuótaí.’

In óráid spreagúil chuig baill na comhdhála dúirt sé gurbh í an talamhaíocht cúltaca gheilleagar na hÉireann i gcónaí. Féadfar poist réadúla, inbhuanaithe agus glas a chruthú trí phlean náisiúnta a fhobairt agus féadfar geilleagar na tíre a neartú’.

Deacrachtaí sa Mhargadh Gráin

Dar le Heike Hintze- Gharres ó Home Grown Cereals Association sa Ríocht Aontaithe, tá na margaí réasúnta cinnte de go bhfuil breis agus go leor eorna agus cruithneacht ar fáil don chuid eile den séasúr. Mheabhraigh sí gur ísligh praghsanna go tubaisteach sa samhradh agus san fhómhair sna margaí eornan agus cruithneachta nuair ba léir go mbeadh barrachas arís ann, ach d’fheabhsaigh sé gcoitinne ó shin. San fhadtréimhse áfach, feicfear feabhas sna praghsanna de réir mar a mhéadóidh an daonra agus an t-éileamh agus de réir mar a cheistóidh an domhan cibé an mbeidh ar chumas an domhain táirgiúlacht a mhéadú a dhóthain. Tuairiscítear sna Stáit Aontaithe, ceann de na táirgeoirí agus easportálaithe cruithneachta is mó ar domhan go bhfuil an laghdú is mó anois ann ar chur geabhchruithneachta ón mbliain 1913.

Beidh ar fheirmeoirí curaíochta atá ag brath ar bhrabach an- íseal, níos mó barraí a fhás chun teacht isteach leor dóthanach a chothú a dúirt Michael Hennessy, Speisialtóir Curaíochta le Teagasc. Dar leis tugann feirm- roinnt rochtain ar thalamh inar féidir an scála a bhaint amach ag leibhéal inbhuanaithe. Is iad na buntaistí eile a ghabhann leis ná gur féidir léas níos faide a fháil gan na híocaíochtaí seasta agus geall leis an tsolúbacht chéanna le conacra, de bhreis ar sin roinnfear cuid de na rioscaí. Bainfidh an feirmeoir agus úinéir na talún leas as scála méadaithe trí chumhacht mhéadaithe ó thaobh ceannach agus díol de.

Marthanacht Septoria

Sa bhliain 2008/2009 fuair taighdeoirí in Ionad Taighde ar Bharraí i bPáirc na Darach go raibh tréithchineál den ghalar gráin Septoria níos ábalta seasamh i gcoinne fuigicíd trí-asóil, Opus agus Proline ná aon cheann a aimsíodh go núige seo sna barraí cruithneachta. Dúirt an Dochtúir Eugene O’Sullivan go mbaineann na haonráití seo le tréithchineál géiniteach den phataigín nach bhfuarthas in Éirinn roimhe seo. Dúirt John Spink ó Theagasc leis an gcomhdháil go raibh gach cuma ar an scéal go raibh éifeacht ag na tréithchineálacha nua a mbreathnaíodh orthu i ndhá shuíomh páirce ar éifeachtúlacht ó thaobh srianadh láithreach galair agus ar dhianseasmhacht srianadh galair. Dúirt sé áfach gur féidir léibhéil mhaithe de srianadh galar a bhaint amach tríd na comhábhair ghníomhacha trí-asóil a athrú go cúramach agus iad a mheascadh le táirge eile a bheadh gníomhach i gcoinne Septoria nó trí na meascáin trí –asóil a úsáid le meascán oiriúnach.

Na Dúshláin a Ghabhann leis an gCreat –Treoir Uisce

Beidh impleachtaí nach beag ag an gCreat –Treoir Uisce ar earnáil na curaíochta. Dúirt Colin Byrne ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil go bhfuil smachtú cailliúintí fosfair agus nitrigíne go huiscí dromchla agus screamhuisce d’fhonn a chinntiú nach sárófaí caighdéain uisce, thar a bheith dúshlánach i roinnt áiteanna mar gheall ar an cuinsí áitiúla ithreach agus hidrigeolaíocha.

Dúirt sé go bhfuil an clár monatóireachta náisiúnta atá i bhfeidhm ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil tar éis patrúin ar ábhar imní iad a aimsiú. Tugadh léibhéil ardaithe níotráití faoi deara go seasta in oirthear agus in oirdheisceart na tíre i screamhuisce agus uiscí dromchla ar aon. Tá dianfheirmeoireacht á cleachtadh ar ithreacha saorshilteacha san oirdheisceart agus meastar gur fhoinsí éagsúla feirmeoireachta atá faoi deara na léibhéil ardaithe níotráití. Táispeánadh comhghaol dearfach idir leibhéil na níotráití agus an méid talamh treafa i ndobarcheantair na n-aibhneacha san oirdheisceart. B’iad na hinbhir in oirdheisceart na tíre agus i ndeisceart na tíre cosúil leis an Sláine, an Dubhabhainn agus an Bandan b’eotrófaí ar fad.