Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Deiseanna Borrtha in Earnáil an Bhia Ceardaí

Tá borradh leanúnach le sonrú in earnáil an bhia ceardaí agus an tsainbhia agus tá méadú tagtha ar mhargú na mbianna seo i margaí áitiúla bia agus trí dhíolacháin dhíreacha le bialanna agus tithe ósta.

Agus í ag labhairt ag scoil samhraidh na Comhairle TASTE i Maigh Chríodáin Thoir i gContae Chill Mhantáin inniu, Dé Máirt an 30 Lúnasa, dúirt taighdeoir de chuid Theagasc, an Dr Áine Macken-Walsh an méid a leanas: “Léiríonn staidéir nach bhfuil go leor feirmeoirí in Éirinn ag próiseáil a dtáirgí feirme nó iad a dhíol go díreach, in ainneoin na dtorthaí geilleagracha ó bhreis luacha a chur ar an mbuntáirge. Léiríonn figiúirí nach bhfuil ach 0.4% ag plé le próiseáil bia agus 128,000 feirm ann san iomlán in Éirinn."

Is ann do roinnt cúiseanna leis an íseal-leibhéal seo de phlé le próiseáil bia agus le díolacháin dhíreacha. Dúirt an Dr Macken-Walsh: “Aithníodh i staidéir shocheolaíocha roinnt de na cúiseanna leis seo. Tá eolas agus roghanna gairme go leor feirmeoirí traidisiúnta dírithe ar ghníomhaíochtaí táirgthe talmhaíochta. Tá ag feirmeoirí eolas sofaisticiúil ar theicnící táirgthe talmhaíochta, nach mór a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach, agus freisin, tá acu eolas luachmhar áitiúil ar mhodhanna traidisiúnta feirmeoireachta a oireann don éiceolaíocht áitiúil. Ar an taobh eile den phingin, d’fhéadfadh nach mbeadh ag feirmeoirí traidisiúnta na scileanna ceannródaíocha corparáideacha, nó na tosaíochtaí lena dtáirge a phróiseáil, a bhrandáil, a mhargú, a dhíol agus a dháileadh go héifeachtach. Maidir le mórchuid d’fheirmeoirí a bhfuil infheistíocht á déanamh acu i dtáirgeadh lánaimseartha talmhaíochta, d’fhéadfadh nach mbeadh tabhairt faoi na gníomhaíochtaí riachtanacha corparáideacha lena dtáirge a bhrandáil agus é a thabhairt chun margaidh indéanta – fiú ó thaobh cúrsaí ualach oibre agus ama.”

Tá sé de chuspóir ag samhail a forbraíodh in SAM, darb ainm an tsamhail 'Lárthalmhaíochta’ (‘Middle Agriculture’) lámh chúnta a thabhairt do na feirmeoirí sin. Dúirt an Dr Macken-Walsh an méid a leanas: Tharlódh go n-éireodh leis an tsamhail ‘Lárthalmhaíochta’ i gcás na hÉireann, de bharr go n-aithníonn sí go bhfuil ag feirmeacha beaga agus meánmhéide teaghlaigh a tháirgeann bia líon buntáistí lárnacha san áit mhargaidh. Léiríonn an bia céard a theastaíonn ó líon tomhaltóirí – ní tháirgtear go dian é agus táirgeann teaghlach é, baineann feirmeacha den saghas seo ardchaighdeáin amach i dtaobh leas ainmhithe, agus cuireann na feirmeacha seo inbhuanaitheacht agus éagsúlacht chun cinn – i dtaobh cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil de. Táirgeadh saor-raoin is ea an chuid is mó de mhairteoil agus d’uaineoil na hÉireann agus glacann mórchuid d’fheirmeoirí na hÉireann páirt i scéimeanna agra-chomhshaoil. Teastaíonn brandáil, margaíocht agus seirbhísí eile cuí corparáideacha, áfach, le rochtain a fháil ar mhargaí ard-bhreisluacha. Molann an tsamhail ‘Lárthalmhaíochta’ go mbunófar comharchumann atá faoi úinéireacht agus faoi reáchtáil feirmeora a dhéanann an scála riachtanach de tháirgí a éascú mar aon leis na seirbhísí riachtanacha corparáideacha a cheannach (ó chéimithe óga, b’fhéidir) ionas go mbainfidh a dtáirgí an margadh amach.”

Presentation_AMW_TasteCouncil(577KB, PDF format)