Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Spreagann Teagasc an Oidhreacht Thógtha ar Fheirmeacha na hÉireann  

Mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, reáchtáil Teagasc roinnt Imeachtaí Bainistíochta Tuaithe i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta, a bhí dírithe ar Fhoirgnimh Feirme Traidisiúnta agus conas iad a chothabháil. I mbliana, is ag díriú ar Oidhreacht Thógtha a bhí imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Tá neart oidhreacht thógtha le fáil sa tírdhreach talmhaíochta, idir láithreáin sheandálaíochta agus fhoirgnimh feirme traidisiúnta.

Ag imeacht a reáchtáladh sa Ghaillimh, leag Catherine Keena, Saineolaí Bainistíochta Tuaithe Teagasc, béim ar an tábhacht a bhaineann le foirgnimh feirme traidisiúnta mar ghnéithe tírdhreacha, gnáthóga d’ialtóga agus d’éin cosúil le hulchabháin, fáinleoga agus gabhláin ghaoithe agus mar chuid thábhachtach de chúlra na feirme, bealach chun nasc a chruthú idir na feirmeoirí agus na glúine a chuaigh rompu.

Dúirt Tom Walsh, comhairleoir Teagasc a d’eagraigh an t-imeacht sa Ghaillimh go raibh an-spéis ag feirmeoirí áitiúla san imeacht, feirmeoirí ar chúis bróid dóibh a bhfoirgnimh feirme traidisiúnta ar a gcuid feirmeacha féin agus feirmeoirí ar spéis leo níos mó a fhoghlaim faoi chothabháil na bhfoirgneamh feirme sin. Fianaise air sin ba ea an slua mór a thug aghaidh ar fheirm David agus Violet Satchwell, i Mountmary, Na Creaga, Co. na Gaillimhe.

Ábhar spreagtha é scéim deontais atá ar fáil d’fheirmeoirí atá páirteach i scéim REPS 4, a bhfuil sé mar aidhm léi tacú le caomhnú agus le deisiú bhallaí seachtracha na bhfoirgneamh seo. Tá an scéim deontais á riar ag an gComhairle Oidhreachta agus á maoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Bíonn tuairim is 40-50 deontas ar fiú idir €5,000 agus €20,000 ar fáil ag ráta 75% gach bliain chun oibreacha caomhnaithe agus deisithe a chur i gcrích. Táthar ag súil leis na foirmeacha iarratais do scéim na bliana seo a eisiúint go luath. Téann an scéim seo chun tairbhe ceardaithe a bhfuil scileanna traidisiúnta acu, gaibhne dubha mar shampla, mar aon le daoine a bhíodh ag obair i réimsí dála rindreáil aoil, caomhnú adhmaid agus sclátaí.

Cuireann oidhreacht na dtithe feirme agus na bhfoirgneamh allamuigh go mór le tírdhreach na hÉireann. Blianta ó shin bhain seiftiúlacht leis an úsáid a bhain daoine as na hábhair a bhí ar fáil acu go háitiúil agus bhíodh sé de nós acu cloí go dílis le traidisiúin na háite. Dá réir sin, tá an chuma ar na foirgnimh seo gur cuid den tírdhreach féin iad. Is léir trí shúil a chaitheamh ar an talamh feirme go raibh ábhair dhifriúla in úsáid i réigiúin dhifriúla chun ballaí agus díonta a thógáil.
Teist iad na hábhair a úsáideadh agus ceardaíocht na ndaoine a thóg na foirgnimh, geataí agus ballaí seo ar a n-oilteacht an méid tairbhe agus ab fhéidir a bhaint as na hacmhainní a bhí acu. Is ionann daoine gan chúlra fada, fairsing agus fear gan chuimhne. D’fhonn na mblianta amach romhainn a phleanáil ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar na blianta atá sleamhnaithe tharainn.