Buann an tOllamh Tim Guinee Bonn Óir Teagasc
Is é an tOllamh Tim Guinee, Príomhoifigeach Taighde i Roinn Cheimic agus Teicneolaíocht an Bhia i Lárionad Taighde Bia Teagasc, an Chloch Liath, buaiteoir 2013 an Bhoinn Óir de chuid Teagasc. Bronntar Bonn Óir Teagasc gach bliain ar chomhalta foirne a bhfuil obair thar na bearta déanta aige/aici thar ceann na heagraíochta agus na hearnála agraibhia.
Bronnadh an gradam ar an Ollamh Guinee mar aitheantas ar a chuid éachtaí le linn a ghairme le Teagasc ón uair a thosaigh sé leis an eagraíocht i 1990.
Is údar/comhúdar é an tOllamh Guinee ar 84 páipéar eolaíochta piarmheasúnaithe, dhá phaitinn, 21 caibidil leabhar, trí théacsleabhar, dhá mhonagraf, agus go leor alt teicniúil eile i meáin éagsúla. I láthair na huaire, is comhalta é de Bhord eagarthóireachta an International Dairy Journal (ó 2005) agus an Egyptian Journal of Dairy Science (ó 1995), agus bhí sé ina chomheagarthóir ar an International Dairy Journal (2001-2005) roimhe seo. Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Taighde na hÉireann um Eolaíocht, Innealtóireacht agus Theicneolaíocht ó 2006-2010. In Eanáir 2011, ceapadh é ina Ollamh Taca i gColáiste na hEolaíochta, Innealtóireachta agus Eolaíocht an Bhia, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Chomh maith leis sin, tá sé ina chomhalta d'fhoireann ghníomhaíochta um laghdú salainn i gcáis, foireann atá bunaithe ag an gCónaidhm Idirnáisiúnta Déiríochta.
Is saineolaí idirnáisiúnta é an tOllamh Guinee chomh fada is a bhaineann le staidéar ar shreabheolaíocht agus airíonna feidhmiúla maitrísí bia ilchodacha ardphróitéine, agus saothrú na n-airíonna seo i monarú agus comhthiomsú/foirmliú bia, le béim faoi leith ar chórais ghlóthán agus cáis-bhunaithe. Tá staidéar fairsing déanta aige ar thionchar na dtosca éagsula ar thréithe cáiseanna, lena n-áirítear comhdhéanamh/cóiriú bainne, coinníollacha glóthaithe, cóiriú próiseála, comhábhair bhreise, dáil timpeallachta agus aosú.
Bhí freagracht dhíreach aige as cumadh agus as forbairt d'ardán teicneolaíochta nua don cháis a bhí bunaithe ar úsáid comhábhar púdar bainne chun cineálacha roghnaithe cáise a dhéanamh do mhargaidh eachtracha. Is é atá i gceist leis an teicneolaíocht ná dearadh an chomhábhair agus teicneolaíochta próiseála chun cáiseanna saincheaptha a dhéanamh. Is slí nuálaíoch í chun cáis a dhéanamh, a bhféadfaí í a fhairsingiú chun cuimsiú comhábhair fheidhmiúla a chumasú agus chun tréithe céadfacha de cháiseanna traidisiúnta i dtíortha eachtracha a ionsamhlú.
Bíonn an tOllamh Guinee i dteagmháil go forleathan le tionscal an bhia trí chomhairleacht, trí chomhairle, trí thionscadail choimisiúnaithe a dhéanamh, trí aistriú teicneolaíochta, agus trí sholáthar de chúrsaí traenála cineálach agus saincheaptha, trí cheardlanna, trí léachtaí agus trí tuarascálacha saineolacha.
Is aitheantas agus duais fhoirmiúil é Bonn Óir Teagasc as obair Teagasc a chur chun cinn agus tá sé dírithe ar shármhaitheas a spreagadh i measc na foirne agus cintíonn sé go spreagfaí feidhmíocht den chéad scoth. Ar bhuaiteoirí roimhe seo de Bhonn Óir Teagasc tá: an Dr Paul Cusack, an tOllamh Liam Donnelly, Nuala King, an tOllamh Paul Ross agus an Dr Lance O’Brien.