Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Conradh Theagasc d'Anailís Ithreach Bronnta ar Southern Scientific Services

Tá conradh nua sínithe ag Teagasc agus Southern Scientific Services Ltd chun seirbhísí anailís ithreach a sholáthar d'fheirmeoirí do na trí bliana amach romhainn. Bronnadh an conradh seo i ndiaidh próisis iomaíoch tairisceana. Tá an tseirbhís seo curtha ar fáil ag Southern Scientific Services do Theagasc agus dá chuid cliant le cúig bliana anuas.

Dúirt stiúrthóir Theagasc an tOllamh Gerry Boyle: "Tá lúcháir orm a bheith in ann an caidreamh le Southern Scientific a athnuachan. Leanann an tseirbhís a chuireann Southern Scientific ar fáil d'fheirmeoirí ar chliaint de Theagasc iad, an tseirbhís d'ardchaighdeán atá curtha ar fáil ag saotharlann Theagasc i gCaisleán Bhaile Sheáin le blianta fada anuas. Is é an t-eolas ar stádas cothaitheach agus pH na ngort aonair an pointe tosaigh d'fheirmeoirí le barra talamh féaraigh, gránbharra agus barra eile ar ardtoradh agus ar ardcháilíocht a tháirgeadh."

Measadh go mba dhúshlán an-mhór é an tseirbhís thábhachtach seo a aistriú ó Theagasc go Southern Scientific ach toisc proifisiúntacht, ardcháilíocht agus pointeáilteacht Kate Murphy agus a foirne, ba bheag deacracht a bhí leis an bpróiseas. Dúirt Kate Murphy, Stiúrthóir Bainistíochta Southern Scientific Limited: "Bhí an comhoibriú idir Southern Scientific agus Teagasc go mór chun tairbhe an dá eagraíocht. Lig sé do Southern Scientific an gnó agus fostaíocht a fhás. De bharr cháiréiseacht Theagasc agus Southern Scientific maidir le seirbhísí anailíse d'ardcháilíocht a sheachadadh go leanúnach d'fheirmeoirí, tá feabhas mór tagtha ar nósanna imeachta agus ar phróisis sa ghnó agus ar ár n-éifeachtúlacht i gcoitinne. Táim ag tnúth go mór le leanúint de bheith ag obair le Teagasc agus seirbhísí ardcháilíochta á soláthar d'fheirmeoirí Theagasc.

Dúirt Ceann ar Aistriú Eolais Comhshaoil le Teagasc, Pat Murphy go ndéantar anailís ar thart faoi 100,000 sampla ithreach gach bliain in Éirinn agus go gcuireann sé sin ar chumas na bhfeirmeoirí barrfeabhas a chur ar fhás a gcuid barra agus ár dtimpeallacht nádúrtha a chothbháil agus a chosaint ag an am céanna.

Ritheann Southern Scientific Ltd. saotharlann i gCiarraí a bhfuil creidiúnacht idirnáisiúnta aige. Ba cheart d'fheirmeoirí a bhfuil seirbhís anailís ithreach á lorg acu í a iarraidh ar a gcomhairleoir Theagasc sa ghnáthshlí.