Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Díríonn Leabhrán Nua “Staying Fit for Farming” ar Shláinte na bhFeirmeoirí!

 

Scaipfear leabhrán Sláinte nua dar teideal ‘Staying Fit for Farming’ go náisiúnta d'fheirmeoirí ar an Déardaoin, 23ú Eanáir mar iatán san Irish Farmers Journal. Tá sé mar sprioc ag an leabhrán cleachtais sláinte níos fearr a chur chun cinn i measc feirmeoirí go náisiúnta.

Tagann an leabhrán ar sháile taighde scáfair ó chomhairleach leighis FSS, an Dr Breda Smyth M.D. a thugann le fios go mbíonn rátaí báis i bhfad níos airde ag feirmeoirí ná mar a bhíonn ag grúpaí eile sa raon aoise oibre 15 go 64. Ba léir ón taighde go raibh ráta básmhaireachta feirmeoirí cúig huaire níos airde ná fostaithe a raibh tuarastal á fháil acu, fostaithe a raibh an ráta básmhaireachta is ísle luaite leo.

Tá ráta báis sách ard ag feirmeoirí mar thoradh ar ghalair imshruthaithe, ailse, gortuithe agus nimhiú. Is é an Dr Noel Richardson, Stiúrthóir an Ionaid um Shláinte na bhFear ag Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach, a rinne stiúrthóireacht ar an taighde i leith ullmhaithe an leabhráin. I gceist bhí agallaimh le feirmeoirí agus le grúpaí fócais chun iniúchadh a dhéanamh ar dhearcaí agus ar chleachtais feirmeoirí, rudaí atá ina bpríomhchinntithigh d'iompar sláinte.

Scríobhadh an leabhrán go speisialta d'fheirmeoirí agus istigh ann tá na nithe a measann feirmeoirí agus eagraíochtaí feirmeoireachta iad mar na príomh-shaincheisteanna sláinte a chuireann isteach ar fheirmeoirí. Tugann sé breac-chuntas ar chéimeanna simplí ar féidir le feirmeoirí a ghlacadh chun a sláinte a chosaint agus a fheabhsú. Ba cheart d'fheirmeoirí an leabhrán a léamh agus gníomhú dá réir, agus ba cheart dóibh an leabhrán a choimeád mar ábhar tagartha ionas go bhféadfaidís aire a thabhairt dá sláinte féin.

Aontaíonn na páirtithe go léir a raibh lámh acu i bhforbairt an leabhráin, lena n-áirítear FSS, FBD, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) & Teagasc, gur bua ar gach taobh d'fheirmeoirí agus dá muintir é gníomhú bunaithe ar an gcomhairle a aimsítear in 'Staying Fit for Farming'. Dúirt an Dr Richardson go dtugann na sonraí taighde an dúshlán don dearcadh gur 'gairm shláintiúil' í an fheirmeoireacht toisc go mbíonn sí amuigh faoin aer. Ní mór d'fheirmeoirí, mar aon le fir ar fud an domhain, céimeanna níos gníomhaí a ghlacadh chun a sláinte a choimeád agus a fheabhsú.

Dúirt an Dr Richardson go bhféadfadh dul chun cinn mór agus feabhas a chur ar shláinte na bhfeirmeoirí ach breis airde a thabhairt ar na teachtaireachtaí sláinte praiticiúla atá sa leabhrán. Dúirt sé leis gur baineadh úsáid as 'cás-staidéir' sa leabhrán chun torthaí na drochshláinte a léiriú chomh maith leis na gníomhartha atá de dhíth chun an tsláinte a chothú nó a fheabhsú.

Dúirt an tUas. Patrick Griffin, Cigire Sinsearach leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta le freagracht don earnáil talmhaíochta, go gceanglaíonn taighde idirnáisiúnta an drochshláinte le leibhéil ardaithe timpistí, agus mar sin go mbeadh laghdú ar rioscaí de dhrochthimpiste feirme mar thoradh ar do shláinte a fheabhsú nó a chothú.

Dúirt an tUas. John McNamara, Oifigeach Sláinte agus Sábháilteachta le Teagasc, gur gné ríthábhachtach í an tsláinte do cháilíocht na beatha agus chun dul i mbun feirmeoireachta go rathúil. Tugann taighde ón Suirbhé Naisiúnta Feirmeoireachta le tuiscint go mbaineann an drochshláinte le meánlaghdú ioncaim 15%, ach d'fhéadfadh an laghdú a bheith i bhfad níos airde i gcásanna áirithe.

Scaipfear an leabhrán seo go naisiúnta tríd an Irish Farmers Journal agus beidh sé ar fáil ó láithreáin ghréasáin agus oifigí de chuid Teagasc, an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta (HSA), FSS agus FBD.

Ceanncheathrú: Teagasc, Páirc na Darach, Ceatharlach, Éire | Teil: +353 59 917 0200 | Facs: +353 59 9