Eolaíocht agus Teicneolaíocht - Catalaíoch don Nuálaíocht sa Tionscal Feola
Tá an 5ú ócáid Teagasc Food Gateways ag leagan béime ar dheiseanna do thionscal na mairteola in Éirinn glacadh le heolaíocht agus le teicneolaíocht chun a bheith níos iomaíche, níos faide chun cinn, agus níos inbhuanaithe.
Taispeánann ócáid an lae inniu Meat@Gateways, atá ar siúl ag Teagasc Bhaile an Ásaigh, Dé Céadaoin 21 Bealtaine, an mhais chriticiúil atá ann idir Teagasc agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh maidir le teicneolaíocht agus eolaíocht na feola agus an comhoibriú taighde atá ann faoi Chomhaontas Nuálaíochta um Bia Teagasc/UCC. Taispeánann sé go soiléir a bhfuil ar fáil don tionscal, amhail saineolas taighdeoirí, acmhainní bonneagair, aschuir thaighde i bhfoirm foilseachán agus nuashonrúchán taighde, seirbhísí i bhfoirm traenála, comhairleacht nó forbairt táirgí nua agus maoin intleachtúil i bhfoirm tairiscintí teicneolaíochta.
Ag Meat@Gateways, thug an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Tom Hayes TD, aitheantas don ról comhpháirtíochta idir Teagasc, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Fiontraíocht Éireann, agus a Roinn féin atá ina príomh-fhoinse maoinithe do na tionscadail taighde le feiceáil ag an ócáid, agus dúirt sé faoin obair atá ar taispeáint: “tá ról riachtanach aici tionscal próiseála feola na hÉireann a choimeád chun tosaigh maidir le nuálaíocht teicniúla i bhforbairt táirgí, teicneolaíochtaí nua próiseála feola ar mhaithe le héifeachtúlacht agus sábháilteacht, agus is bunús í inár n-iarrachtaí margaidh easpórtála a choimeád agus a mhéadú.”
Tá tionscal bia na hÉireann ina sheoid mhór i ngeilleagar na hÉireann. Bhí méadú 8% ar easpórtálacha feola agus beostoic le €3.3. billiún bainte amach in 2013, a chuimsíonn aon trian dár n-easpórtálacha bia agus dí.
Dúirt Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle: “Tá aghaidh á thabhairt ag an tionscal ar dhúshláin mhóra lena n-áirítear an gá an lorg carbóin a laghdú a thuilleadh, iomaíocht níos géire san earnáil um próitéin bhia, bonn costais atá ag dul i méid, agus tomhaltóirí atá ag éirí níos eolasaí maidir le sláinte. Soláthraíonn Éire táirge ar ardchaighdeán le fíor-dhintiúirí “glasa”. Ghlac an tionscal leis na teicneolaíochtaí is déanaí chun sábháilteacht agus cáilíocht a chinntiú, ach is é an rud atá de dhíth anois ná na deiseanna atá ann trí nuálaíocht atá bunaithe ar an eolaíocht a thapú, ionas go bhféadfadh an tionscal a bheith níos iomaíche, in ann margaidh a choimeád agus a mhéadú agus dul i ngleic leis na treochtaí is déanaí ó thomaltóirí ar fud an domhain.”
Tá Clár Teagasc um Thairsigh Bhia [Food Gateways Programme] lárnach do Straitéis Teagasc um Aistriú Teicneolaíocht an Bhia [Food Technology Transfer Strategy]. Foilsíodh eagrán speisialta de Phunann Teicneolaíochta Teagasc inniu a dhéanann cur síos ar na teicneolaíochtaí, na hacmhainní, na seirbhísí agus an saineolas atá ann faoi láthair maidir le hearnáil na feola.
Dúirt Declan Troy, ceannaire Oifige um Aistriú Teicneolaíocht an Bhia de chuid Teagasc: “Áiríonn an ócáid inniu 24 taispeántán agus taispeántas ón tionscal. I measc na réimsí saineolais atá anseo tá géineolaíocht ar mhaithe le cáilíocht na feola a fheabhsú, cainníochtú astaíochtaí gáis ó eallaigh mairteola cothaithe le féar, tábhacht na feola sa réim bia, seilfré táirgí feola a mhéadú, cáilíocht ite feola a chinntiú agus réitigh nua um pacáistíocht chliste. Is taispeántas uathúil é d'acmhainn na hÉireann maidir le teicneolaíocht feola agus is deis í dul i ngleic leis na taighdeoirí chun úsáid a bhaint as féidearthachtaí gnó nua chomh maith le féidearthachtaí nua táirge.”
Ag an ócáid Meat@Gateways, phléigh an Dr Chris Calkins, Ollamh le hEolaíocht na Feola ag Ollscoil Nebraska sna Stáit Aontaithe, foirm chomhoibríoch an taighde agus na nuálaíochta sna Stáit Aontaithe. I dtionscadail taighde is minic a bhíonn grúpa oibre cuimsithe ag lucht gairme ó thionscal na feola, eolaithe, agus fostaithe an rialtais. Chuaigh sé siar ar thorthaí tionscnaimh a d'aithin gearrthacha nua nuálaíocha mairteola bunaithe ar luach a meastar go bhfuil méadú $1 billiún USD ar luach na mairteola dá bharr. Mhol an Dr Calkins do rannpháirtithe dul ar aghaidh go hionsaitheach agus leag sé béim ar an luach a thagann as réimse leathan de thallann a bheith ag obair le chéile.