Ionadaí Foirne Nua Ceaptha ar Údarás Theagasc
Tá Joseph Larkin ceaptha ar Údarás Theagasc le haghaidh téarma cúig bliana ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Siomón Ó Coibheanaigh TD. Tá Joe ag teacht i gcomharbacht ar Marie Christie ar Údarás Theagasc tar éis di téarma cúig bliana a chríochnú i mí Lúnasa na bliana seo. Is é Joe an ionadaí foirne ar an Údarás agus d'fhreastail sé ar a chéad chruinniú de bhord Theagasc inniu, an Chéadaoin, 5 Samhain ag oifig comhairle Theagasc i gCill Mocheallóg, Contae Luimnigh.
Is Oifigeach Taighde Thurgnamhaigh é Joseph Larkin ag Roinn Taighde Ainmhithe agus Eolaíochta Bithí Theagasc, An Ghráinseach, Co. na Mí. Thosaigh a shaol oibre le réamhtheachtaí Stiúrthóireacht Taighde Theagasc an AFT i 1977, agus tá tréimhsí caite aige ag obair i gCionn tSáile, i mBaile an Ásaigh agus sa Ghráinseach. Tá dioplóma aige san Eolaíocht Fheidhmeach ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, is Ball le Céim é den Society of Biology (UK) agus Bitheolaí Cairte. Tá taithí 25 bliana aige mar ionadaí foirne ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Ón gClochar, Droichead Bhéal an Átha Móir, Co. na Gaillimhe ó dhúchas é Joseph agus é ina chónaí anois i gCluain Dubhagáin, Cnoc an Línsigh, Co. na Mí.
Ag cruinniú an Údaráis inniu, chuir an Dr. Noel Cawley fáilte roimh Joseph Larkin agus thréaslaigh a cheapachán leis. "Tá saol oibre fada, oirirc caite ag Joseph le Teagasc agus tabharfaidh sé leis go dtí an bord saibhreas eolais agus taithí Tugann a rannpháirtíocht i nGrúpa Comhoibríochta Náisiúnta Theagasc chomh maith lena rannpháirtíocht in athbhreithniúcháin inmheánach éifeachtúlachta, léargas luachmhar ar raon fairsing gníomhaíochtaí a chuireann Teagasc ar fáil san oideachas, comhairle agus taighde. Táim ag súil go mór le bheith ag obair leis i gcaitheamh na mblianta le teacht."
Mhol cathaoirleach Theagasc tiomantas agus dúthracht Marie Christie le linn a tréimhse cúig bliana ar Údarás Theagasc. Dúirt sé: "Ní fhéadfaí luach a chur le páirt Marie le cúig bliana anuas le linn don eagraíocht trí Chlár Athruithe a aontú agus a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an athrú eacnamaíoch a tharla. Ba mhór an chabhair a cur chuige praiticiúil agus dearfach agus ba mhór linn a páirt mar bhall de bhord Theagasc"
D'fhág Tom Tynan a phost ar Údarás Theagasc ar 31 Deireadh Fómhair den bhliain seo. É seo tar éis dó a bheith ceaptha ar Chomh-aireacht Chomisinéir Talamhaíochta an AE Phil Hogan. Tá Tom Tynan ag freastal ar Bhord Theagasc ó Eanáir 2013.
Ag an gcruinniú inniu ghabh Cathaoirleach Theagasc an Dr.Noel Cawley buíochas le Tom Tynan as a ionchur luachmhar san eagraíocht i gcaitheamh an dá bhliain agus go háirithe as a chathaoirleacht ar an gCoiste Iniúchóireachta Braithfimid uainn eolas, taithí agus ionchur Tom ag cruinnithe an Bhoird agus ar mo shon féin agus thar ceann bhaill uile an Údaráis ba mhaith liom a cheapachán a thréaslú leis."