Lá Oscailte um Thréad Mór Déiríochta
Tá cothú na feidhmíochta ardleibhéil ar cheann de na príomh-dhúshláin roimh fheirmeoirí nuair a dhéanann siad machnamh ar a bhfiontar déiríochta a mhéadú tar éis baint na gcuótaí.
Tá feirm Tom agus Simon Browne, Cnoc na gCeapach, Cill Ia, Contae Chorcaí, ar na feirmeacha teaghlaigh ar éirigh leo é sin a bhaint amach agus tá Lá Oscailte um Thréad Mór Déiríochta á óstáil acu inniu, Déardaoin, 26 Meitheamh. Méadaíodh líon na mbó bainne go 820 móide ionadaithe ar 486 heicteár d'achar feirmeoireachta iomlán. Tháirg an tréad 1,746 cileagram de sholaid bhainne in aghaidh an heicteáir ar an ardán féaraigh anuraidh. Rinne an fheirm 12 tona d'ábhar tirim féir in aghaidh an heicteáir in 2013.
Dúirt Ger McMahon, Bainisteoir Comhairleach Réigiúnach Teagasc do Chorcaigh Thoir: “Tá mórán ceachtanna le foghlaim ón bhfeirm seo, na háiseanna, struchtúir bhainistíochta agus eagraíocht saothair atá curtha i bhfeidhm agus ar féidir úsáid a bhaint astu ar fheirmeacha eile atá ag déanamh machnaimh ar mhéadú. Éiríonn bainistíocht riosca níos tábhachtaí le hoibriúchán ar an scála seo agus le linn tréimhse drochaimsire bíonn acmhainní ann chun ann stoc déiríochta a chothú agus a chur faoi dhíon aon am sa bhliain.
Dúirt an Dr Pat Dillon, Ceannaire ar Chlár Nuálaíochta agus Taighde, Ainmhithe & Féarach ag Teagasc: “Agus deireadh na gcuótaí bainne ag drannadh linn, tá méadú táirgthe bainne á phleanáil ag a lán feirmeoirí. Cé go dtabharfaidh sé sin féidearthacht mhór méadaithe d'fheirmeoirí déiríochta, cuirfidh méadú brú breise ar fheirmeacha teaghlaigh, go háirithe maidir le bainistiú na dtréad níos mó. Tugann an lá oscailte inniu deis d'fheirmeoirí feidhmiú tréad mór déiríochta rathúil a fheiceáil go díreach.”