Léacht Céad Bliain an Dr. Tom Walsh
Déantar comóradh i mbliana ar chéad bliain ó rugadh an Dr. Tom Walsh, arbh é a fhís agus a bhríomhaireacht faoi deara fhorbairt an Fhorais Talúntais (réamhtheachtaí Theagasc) mar institiúid taighde den chéadscoth agus a bhí ina bhunshraith don rath a tháinig ar thionscal agraibhia na hÉireann Faoina cheannaireacht inspioráideach, ghlac buíon eolaithe óga páirt i dtaighde ceannródaíoch a foilsíodh ní amháin sna hirisí eolaíochta idirnáisiúnta is fearr ach a cuireadh i bhfeidhm freisin thar gach gné d'fheirmeoireacht agus de shaol tuaithe na hÉireann.
Leis an ócáid a cheiliúradh, d'eagair Teagasc 'Léacht Céad Bliain an Dr. Tom Walsh' a thabharfar i gCaisleáin Bhaile Sheáin, Loch Garman, inniu, Aoine, 5 Nollaig. Is é an tOllamh John Ryan a thabharfaidh an léacht dar teideal 'Éabhlóid agus Éachtaí na hEolaíochta Ithreach in Éirinn' Is eolaí idirnáisiúnta clúiteach ar ithir é an tOllamh Ryan féin ar bronnadh an 'International Service in Agronomy Award 2004' de chuid an American Society of Agronomy air. Is comhalta den American Society of Agronomy, an Soil Science Society of America é an tOllamh Ryan, agus bronnadh an International Soil Science Award, agus Distinguished Citizen of the University of Arizona air.
Dúirt an tOllamh Ryan: "Bhraith forbairt na talmhaíochta sna 50aidí go mór ar an eolaíocht ithreach faoi cheannas an Dr. Tom Walsh. Is bunchloch í an Eolaíocht Ithreach faoi fhorbairt bhreise an tionscail talmhaíochta agus faoi na dúshláin i Fómhar Bia 2020."
Ag caint dó ag Caisleán Bhaile Sheáin inniu ar an lá céanna a thiteann Lá Ithreach an Domhain an FAO, dúirt Stiúrthóir Theagasc an tOllamh Gerry Boyle: Bhí fís dhomhanda ag an Dr. Walsh don talmhaíocht, a léargas sin sna scéimeanna a chuir sé ar bun le heolaithe óga Éireannacha a oiliúint in ollscoileanna agus in institiúidí sna Stáit Aontaithe, sa Nua Shéalainn agus sa Ríocht Aontaithe. Inniu, trí Chlár Iarchéime Chomhaltachta Walsh, leanann Teagasc den ghné seo d'ionchur i bhforbairt na nglúine d'eolaithe Éireannacha an Dr. Walsh a chomóradh.
Seimineár Chomhaltachta Walsh
Beidh Seimineár Chomhaltachta Walsh ar siúl i mBaile Chaisleáin Sheáin inniu freisin. Tá fás mór tagtha ar mhéid agus ar thábhacht an Chláir Chomhaltachta, a ainmníodh in onóir don Dr. Walsh, ó seoladh é i mBaile Chaisleáin Sheáin i 1995. Ghlac suas le 2,000 mac léinn iarchéime páirt sa scéim le fiche bliain anuas. Tá Comharbacht Walsh ar cheann de na scéimeanna iarchéime is mó in Éirinn, agus cuireann sé deiseanna taighde ar fáil do líon suntasach iarchéimithe den scoth.
Chuir 18 gComharba Walsh a dtorthaí taighde i láthair ag an seimineár agus chuir 17 gComharba póstaeir i láthair.
Ba í Mary Harty ó Cho. Chiarraí a bhuaigh seimineár Comharbachta Walsh agus bonn an RDS i mbliana dá léiriú ar fhoirmliú an leasacháin nitrigine: an tionchar ar tháirgeacht agus ar astúcháin gáis.
Ba é Conor Murphy an buaiteoir don phóstaer ab fhearr.
Bronnadh bonn Institiúid Eolaíochta agus Teicneolaíochta Bia na hÉireann ar Aidan Casey don léiriú is fearr ar eolaíocht agus teicneolaíocht bia.