Mairteoil 2014 - Lá Oscailte Teagasc
Beidh lá mór oscailte Teagasc, Mairteoil 2014, ar siúl ar an gCéadaoin, 18ú Meitheamh ag Teagasc, Ionad Taighde agus Nuálaíochta Ainmhithe & Féaraigh, an Ghráinseach, Co. na Mí. Is é ‘Gnó na nEallaí’ téama na hócáide agus tabharfaidh sí aghaidh ar na gnéithe ar fad atá de dhíth ar fheirmeoireacht mairteola atá rathúil agus brabúsach i gcórais um lao diúil go mairteoil agus um ghamhain go mairteoil. Tá rannpháirtithe móra uile an tionscail ar fad ag teacht le chéile, cosúil le ICBF, AHI, DAFM, Bord Bia, UCD, ionadaithe ó thionscal na feola, cumainn phóir eallaigh agus an Farmers Journal chun díriú ar theicneolaíochtaí ar féidir feidhm a bhaint astu chun cabhrú le feirmeoirí mairteola gnó brabúsach feirmeoireachta a bhaint amach.
Ag Mairteoil 2014 i mí an Mheithimh, beidh deis ann seastáin a fheiceáil maidir le: córais feola diúil; roghanna um ghamhain go mairteoil; ard-fheidhmíocht ó fhéarach; úsáid a bhaint as géineolaíocht; dlúth-bhreith lao a bhaint amach agus pleanáil sláinte tréada. Pléifear na príomh-chórais táirgthe, le breac-chuntas ar aschuir sprioctha in aghaidh an heicteáir agus príomh-chúiseanna na brabúsachta. Pléifear chomh maith na straitéisí is fearr ionas go mbeadh feirmeoirí in ann éifeachtúlachtaí ar a bhfeirm a uasmhéadú, trí chostais ionchuir a laghdú, chun corrlach níos fearr a bhaint amach.
Sráidbhailte Teicneolaíochta
Beidh sráidbhailte ann leis an bhfaisnéis is déanaí iontu lena n-áirítear; teicneolaíocht nua; taispeántas féaraigh; sláinte ainmhithe; timpeallacht feirme inbhuanaithe; mairteoil den scoth a tháirgeadh agus margaíocht a dhéanamh uirthi agus roghanna cothaithe faoi dhíon. I láthair chomh maith beidh rannpháirtithe ó Chlár Mairteola BETTER Farm de chuid Teagasc/Irish Farmers Journal, chun breac-chuntas a thabhairt ar a dtaithí maidir leis an bhfeidhm phraiticiúil a bhíonn ag teicneolaíochtaí ar a bhfeirm tráchtála.
Fóram Díospóireachta
Beidh feirmeoirí mairteola móra ag glacadh páirte i bhfóram dar teideal “Mo Thodhchaí sa Mhairteoil” faoin gcaoi ina bhfuil a dtodhchaí mar tháirgeoirí mairteola á phleanáil acu. Labhróidh siad faoina n-oibriúchán indibhidiúil feirmeoireachta agus na céimeanna a glacadh i dtreo gnó mairteola atá brabúsach agus iomaíoch. Beidh an fóram, atá urraithe ag FBD Trust, ar siúl ag deireadh an lae oscailte.
Clúdófar bainistiú gnó, CBT san áireamh, chomh maith le heolas maidir le pleanáil chomharbais, comhshocraíochtaí feirmeoireachta, pleanáil ghnó agus monatóir eprofit. Beidh foireann RTBM agus comhairleoirí Teagasc ar fáil chun déileáil le fiosrúcháin maidir le CBT. Seirbhísí Comhairleach agus Oideachais.
Reáchtálfar an Lá Oscailte ó 10.30rn go 4.00in agus is ócáid cháiliúcháin BTAP é.