Mion-scrúdú Dríodar
Tá Teagasc ag úsáid taighde geo-eolaíochta chun foinse an dríodair i n-ár n-aibhneacha a fhiosrú.
Tá mór-thionchar ag dríodar na n-aibhneacha ar chúrsaí timpeallachta agus eacnamaíochta. Laighdíonn an dríodar, a thagann ó fhoinsí talamhaíochta is fhoraoiseachta, an méid solais atá ar fáil do na plandaí sna haibhneacha. Plúcann an iomarca dríodar gnáthóga atá riachtanach do spéiseis mar an Diuilicín Dubh ag an Bradán.
Dúirt an Dr. Daire O hUallacháin (Teagasc, Johnstown Castle) go bhfuil sé “tabhachtach foinsí an dríodar i n-ár n-aibhneacha a chinntiú, i dtreo is gur féidir bainistíocht eifeachtach abhann a threorú i gceart”.
Is nua-theicnic é an mion-scrudú dríodar (sediment fingerprinting), le fáil amach cad iad na foinsí atá ag cuisiú an dríodar sna habhantracha. An modh fiosracháin na go scrúdaitear samplaí ithreach ó fhoinsí dríodair eagsúla (mar shampla bruacha, pairceanna treafa agus foraoiseacha). Deantar mion-scrudú eolaíochta ar na samplaí ithreach a faightear, gur háirithe máidir le cheimic, geo-chemic, raid-nuicleic, maighnéadacht agus dath. Nuair a chuirtear an t-eolas seo i gcompráíd leis an mion-scrudú eolaíochta ar an dríodar san haibhneach, is féidir a rá le cinnteach cad as a thagann an dríodar.
Dúirt a Dr Ó hUallacháin go bhfuil an taighde se ar siúl i dtrí abhantrach do cuid an Agricultural Catchment Programme. “Tugann an teicnic úr seo léargas luachmhar ar fhoinsí eagsúla an dríodar sa timpeallacht talamhaíochta. Léiríonn sé áiteanna gur féidir diriú orthu leis an fhadhb a laghdú, agus cabhródh an taighde seo le caighdeán an uisce a ardú, rud atá riachtanach de réir treoreacha an tAontas Eorpach (an Chreat-Treoir Uisce).