Príomhoide Ceaptha do Choláiste Talmhaíochta Chill an Dátúnaigh Teagasc
Tá Paul Hennessy ceaptha ina Phríomhoide ag Teagasc ar Choláiste Talmhaíochta Chill Dátúin, Baile an Phoill, Co. Chill Chainnigh. Tá sé ag teacht i gcomharbacht ar Frank Murphy a bhfuil post mar Bhainisteoir ar Fhorbairt Churaclaim agus Caighdeáin le Teagasc glactha aige, i ndiaidh dó 14 bliana a chaitheamh ina phríomhoide i gCill Dátúin.
Ghnóthaigh Paul Hennessy Céim san Eolaíocht Talmhaíochta ó Choláiste na hOllscoile BÁC i 1978. Rinne sé Dioplóma Iarchéime sa Staidéar Gnó (Bainistíocht Airgeadais Feirme) in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge in 2003.
Chuir sé tús lena shaol oibre mar Theagascóir Sealadach Talmhaíochta le Coiste Talmhaíochta Chontae Chill Chainnigh sular ceapadh ina Oifigeach Oiliúna Láir Tíre é leis an mBord Printíseachta Feirme. In 2000/02 bhí sé ag múineadh go páirtaimseartha i gColáiste Talmhaíochta an Ghoirtín. Nuair a tógadh an Bord Printíseachta isteach i dTeagasc in 2002, ceapadh Paul ina Speisialtóir Oideachais agus Oiliúna leis an Aonad Forbartha Curaclaim. In 2006, ceapadh é ina Oifigeach Socrúcháin Náisiúnta Theagasc agus é freagrach as socrúcháin na mac léinn ar fheirmeacha a bhainistiú agus a chomhordú. In 2010 ghlac sé chuige an cúram breise mar Oifigeach um Dhearbhú Cáilíochta is é ag soláthar fíordheimhnithe caighdeán do chúrsaí Teagasc.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Tony Pettit, Ceann an Oideachais in Teagasc, is é ag tréaslú a cheapachán le John "Tá líon na mac léinn ar chúrsaí Teagasc níos airde anois ná mar a bhí riamh agus tá an t-ádh le Teagasc duine de mhianach Paul a bheith acu le ceannasaíocht a thabhairt i seachadadh cúrsaí oideachais i gColáiste Talmhaíochta Chill Dátúin agus chun cúnamh a thabhairt don fhoireann bainistíochta oideachais in Teagasc an t-oideachas talmhaíochta in Éirinn a threorú.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Kelly agus é ag trácht ar a cheapachán: "Táim ag súil go mór le bheith ag obair le foireann agus le mic léinn Choláiste Chill Dátúin agus le páirtithe leasmhara eile chun cúrsaí Fetac agus Hetac d'ardchaighdeán sa talmhaíocht agus sa ghairneoireacht a sheachadadh. Tá oideachas d'ardchaighdeán thar a bheith tábhachtach d'inbhuaineacht an tionscail talmhaíochta agus tá raon iontach de chúrsaí talmhaíochta agus gairneoireachta á dtairiscint i gColáiste Chill Dátúin. Tá deis ag mic léinn cáilíochtaí luachmhara Fetac a ghnóthú ag Leibhéal 5 agus ag Leibhéal 6 agus is féidir leo dul ar aghaidh go dámhachtainí Hetac ag Leibhéal 7 agus Leibhéal 8 tríd ár naisc leis na hInstitiúidí Teicneolaíochta."
Tá beagnach 2,000 foghlaimeoir cláraithe ar chláir bhreisoideachais i gcoláistí talmhaíochta agus ar chláir ardoideachais atá bainteach le Teagasc don bhliain acadúil 2014/15. Tá sé seo ag teacht i ndiaidh an éilimh mhóir a bhí ar chúrsaí Teagasc le tamall de bhlianta anuas. Tá éileamh suntasach freisin ar chúrsaí páirtaimseartha agus cianoideachais an Teastais Ghlais a ritheann Teagasc. Fuair Teagasc nach mór 2,000 iarratas ar chúrsaí an Teastais Ghlais. Seo trí oiread an leibhéil iarratas a bhíonn ann de ghnáth. Gach bliain glacann 3,500 foghlaimeoir páirt i gcláir bhreisoideachais agus i gcláir bhainteacha ardoideachais Theagasc. Anuas air sin soláthraíonn Teagasc gearrchúrsaí saincheaptha do 5000 feirmeoir aosacha agus d'oibrithe agraithionscail gach bliain.