Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Seolann Aurivo agus Teagasc Comhchlár um Fhorbairt Déiríochta

Tá Aurivo Co-op agus Teagasc tagtha le chéile chun comh-thionscnamh nua Fócas Feirme a sheoladh atá dírithe ar aschur agus brabúsacht ó táirgeadh bainne a fheabhsú ar fheirmeacha i réigiún Aurivo.

Tabharfaidh an tionscnamh le chéile na hacmhainní go léir atá ag Teagasc agus ag Aurivo chun dian-chlár comhairleach comhordaithe a chur ar bun maidir le gach gné de tháirgeadh éifeachtúil bainne do sholáthraithe bainne Aurivo.

Is í an Dr Roberta McDonald, Bainisteoir Cláir um Brabúsacht Feirme le Aurivo, atá i gceannas ar an tionscnamh.

Beidh bunú d'Fheirmeacha Fócais mar chuid thábhachtach den chlár, a mbainfear úsáid astu chun feidhmiú de thaighde cruthaithe a léiriú agus chun dea-chleachtas maidir le táirgeadh éifeachtúil bainne a thagarmharcáil.

Leanfar leis an líonra de 34 pléghrúpa a bunaíodh sa réigiún faoi chláir dheiridh Aurivo/Teagasc. Tá thart ar 35% de sholáthraithe Aurivo ina rannpháirtithe sna pléghrúpaí. Tabharfar faoi thréaniarracht líon na rannpháirtithe a mhéadú trí líon na ndaoine i ngrúpaí atá ann cheana féin a mhéadú agus trí ghrúpaí nua a bhunú.

Díreoidh tionscnamh Fócas Feirme chomh maith ar spreagadh agus ar chabhrú le daoine nua ag dul le táirgeadh bainne agus ar chomhairle sprioctha a thabhairt d'fheirmeoirí ar mhaith leo méid a dtréada agus a n-aschur bainne a mhéadú.

Ag caint ag an seoladh, dúirt Stiurthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle, go dtugann an clár nua an comhoibriú idir Aurivo agus Teagasc go leibhéal nua. D'fhear sé fáilte roimh an bhfíric go bhfuil úsáid mhéadaithe den Mhonatóir Brabúis ar na príomh-chuspóirí den chlár. “Gan Monatóir Brabúis, níl féidir le comhairleoir comhairle chiallmhar a thabhairt d'fheirmeoir,” a dúirt sé. Leag sé béim chomh maith ar chuimsiú tionscadail ghluaiseachta talún sa chlár ina ndéanfaí iniúchadh ar an bhféidearthacht maidir le talamh a roinnt chomh maith le roghanna talamhúsáide eile.

Dúirt John Daly, Bainisteoir Ginearálta um Ghnó Talmhaíochta le Aurivo, go mbainfidh an comh-thionscnamh úsáid as na hacmhainní comhairleacha agus cumarsáide go léir chun a chinntiú go bhféadfadh feirmeoirí na teicneolaíochtaí is brabúsaí a úsáid. Dúirt sé go mbeadh an taighde a dhéantar ar a fheirm dhéiríochta siúd i mBéal Átha hÉis ábhartha ach go háirithe don chlár.

“Is spriocanna ar cheart d'fheirmeoirí déiríochta i réigiún Aurivo iarracht a dhéanamh iad a bhaint amach na príomh-theachtaireachtaí maidir le pórúchán, torthúlacht, ábhar tirim féir agus aschur ard de sholaid bhainne a tháinig le chéile chun meán-bhrabús de €800 in aghaidh an bhó a thabhairt d'fheirm Bhéal Átha hÉis le trí bliana anuas,” a dúirt John Daly.