Speisialtóir Eallaigh Ceaptha ag Teagasc don Iarthar agus do Lár Tíre
Tá Teagasc tar éis cur lena fhoireann speisialtóirí mairteola. Ceapadh James Keane mar Speisialtóir um Aistriú Eolais ar Eallach do Réigiún an Iarthair agus Láir Tíre. Beidh sé ina bhall d'fhoireann Speisialtóirí Eallaigh Theagasc atá faoi cheannas Pearse Kelly agus ar a bhfuil Aidan Murray, Adam Woods agus Karen Dukelow.
Bunaithe in oifig Theagasc i Maothail, Co. Liatroma beidh James Keane ag obair le comhairleoirí stoic thirim Theicneolaíocht agus Gnó Theagasc, le feirmeoirí eallaigh agus leis an tionscal mairteola i gcoitinne chun úsáid na teicneolaíochta ar fheirmeacha a mhéadú agus chun feidhmíocht fhisiciúil agus airgeadais a fheabhsú orthu freisin. Beidh sé ag obair le foirne taighde Theagasc le taighde ábhartha ar eallaigh a aithint agus a chur i bhfeidhm agus ag obair freisin le comhairleoirí chun clár comhairleach mairteola a fhorbairt agus a leathnú i bpáirtíocht leis an bhfoireann speisialtóirí ar stoc tirim. Leanfaidh James lena ghrúpaí comhrá BTAP a éascú go dtí deireadh na bliana seo. I measc a chuid tosaíochtaí eile beidh sé ag tabhairt tacaíochta do chomhchláir Theagasc/Thionscail agus ag cabhrú le tograí nua tionscail a fhorbairt.
Is ó chúlra feirmeoireachta i gContae Liatroma é James agus bhí sé ag obair le Teagasc mar chomhairleoir ar Ghnó agus Theicneolaíocht Stoic Thirim sa Longfort. Chuaigh sé isteach i dTeagasc in 2001 agus bhí sé bunaithe sa Chabhán ar dtús. Thosaigh sé a shaol oibre mar phleanálaí Reps le Philip Farrelly agus a chuideachta. Cáilíodh é le B.Eol.Tal. ó Choláiste na hOllscoile BÁC agus rinne sé Máistreacht in Eolaíocht an Chomhshaoil ina dhiadh sin.
Ag caint dó tar éis dó a bheith ceaptha dúirt James Keane "Is tréimhse dhúshlánach í seo do tháirgeoirí eallaigh, is iad faoi bhrú ag an ionad margaíochta agus ag costais arda. De réir anailís e-Profit Monitor do 2013 ámh, is é an bealach is fearr d'fheirmeoirí lena n-ioncam a chosaint ná leibhéil arda feidhmíochta teicniúla a bhaint amach.