Stiúrthóir Teagasc Athcheaptha
Tá an tOllamh Gerry Boyle athcheaptha ina Stiúrthóir Teagasc don dara téarma ag Údarás Teagasc.
Beidh an ceapachán, faoi réir conartha, do thréimhse trí bliana le rogha ann do cheithre bliana bhreise. D'fhaomh an tÚdarás an ceapachán, le toiliú ón Aire Talmhaíochta, Bia, agus Mara, Siomón O Coibheanaigh TD, ag a chruinniú i mBaile an Ásaigh, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 2 Iúil 2014.
Ag deireadh mhí Mheán Fómhair, beidh a chéad tréimhse mar Stiúrthóir Teagasc críochnaithe ag an Ollamh Boyle. Ceaptha in 2007, rinne an tOllamh Boyle maoirseacht ar chomhtháthú na bhfeidhmeanna um chomhairliúchán, oideachas agus taighde i Teagasc go múnla uathúil comhtháite de thaighde agus aistriú eolais. Bhí sé i gceannas ar chur chun feidhme dhá Chlár Athraithe Teagasc a chuíchóirigh struchtúr agus a d'fheabhsaigh éifeachtúlacht agus éifeachtacht na seirbhísí a chuireann an eagraíocht ar fáil. Thar an tréimhse ama, bhí méadú ar na príomh-tháscairí feidhmíochta a úsáidtear chun táirgiúlacht agus tionchar na bhfeidhmeanna atá ag an eagraíocht a thomhas maidir le taighde, comhairliúchán agus oideachas.
Is Ollamh Emeritus le hEacnamaíocht ag Ollscoil na hÉireann é an tOllamh Boyle agus bhí sé mar cheann ar Roinn na hEacnamaíochta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Bhain sé amach céim BA i 1977 agus chuaigh sé ar aghaidh chun MA agus PhD a bhaint amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ina luath-ghairm d'oibrigh sé ina oifigeach taighde ag an bhForas Talúntais, atá anois mar chuid de Teagasc, agus bhí sé ina oifigeach taighde sinsearach i rannóg an gheilleagair thuaithe sular tháinig sé go hOllscoil na hÉireann Maigh Nuad. Go luath sna 1980aidí, agus é ar iasacht, fostaíodh mar eacnamaí é le Banc Ceannais na hÉireann.
Tá an tOllamh Boyle pósta ina chontae dúchais Tiobraid Árann agus tá ceathrar clainne aige.