Táirgiúlacht Fheabhsaithe ar Fheirmeacha Caorach na hÉireann trí Ghéineolaíocht níos fearr
Is rannpháirtí nach beag í an táirgeacht caorach don gheilleagar náisiúnta agus don gheilleagar talmhaíochta le haschur ar fiú €209 milliún é, agus easpórtáiltear timpeall 80% den mhéid sin. Bhí sé sin ar na príomh-theachtaireachtaí ag Comhdháil Náisiúnta Teagasc um Chaoraigh, atá ar siúl i mBaile Átha Luain inniu, Dé Máirt, 4 Feabhra agus amárach, Dé Céadaoin, 5 Feabhra i Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall. Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Siomón O Coibheanaigh TD, aitheasc ag an gcomhdháil i mBaile Átha Luain.
Labhair ar Dr John McEwan, ó Agresearch sa Nua-Shéalainn faoi na hionchais amach anseo maidir le feabhsú géiniteach i gcaoraigh. Tharraing sé aird ar na feabhsaithe a tháinig ón géineolaíocht cheana féin maidir le líon méadaithe na n-uan beirthe, marthanacht fheabhsaithe na n-uan, meáchan ardaithe scoite, conablaigh níos troime, saill laghdaithe conablach, agus lomraí níos troime.
Dúirt taighdeoir Teagasc, an Dr Noirín McHugh, gur uirlis chumhachtach í measúnuithe géiniteacha d'fheirmeoirí caorach a cheadaíonn dóibh roghanna pórúchán níos eolasaí a dhéanamh agus d'fhéadfadh sé cur le táirgiúlacht agus brabúsacht ag leibhéal na feirme.
Rinne Damien Barrett, ón tSaotharlann Réigiúnach Tréidliachta i Sligeach, cur síos ar a mhonatóireacht de víreas Schmallenberg agus ar an mbagairt atá ann do thréad caorach na hÉireann. Dúirt sé "Is beag má tá fianaise de scaipeadh breise ag an víreas i rith 2013, a mhalairt agus an rud a rabhthas ag súil leis. Tá spéis ag an tSaotharlann Réigiúnach Tréidliachta in uain agus gamhna nuabheirthe míchumtha a fháil ionas go bhféadfaimis leanúint le monatóireacht ar an leitheadúlacht agus na treochtaí”.
Leag Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle, béim ar thábhacht na rannpháirtíochta gníomhaí i bPléghrúpaí a dtaispeánadh iad mar shlí an-éifeachtach chun go nglacfaí le teicneolaíocht nua ar fheirmeacha agus níos faide anonn go dtiocfadh táirgiúlacht agus ioncam feirme méadaithe aisti.
Dúirt Ceannaire Teagasc ar Fhiontraíocht Caorach, Michael Diskin, go bhfuil cláir nua maidir le críochnú uan cnoic, caighdeán feola, feabhsú géiniteach, agus eolaíocht féarach faoi lán seoil agus go bhfuil siad tábhachtach do thodhchaí tionscal Caorach na hÉireann. "Táimid réidh anois tús a chur le tionscnamh pórúcháin chaorach nua ag Teagasc Bhaile Átha an Rí agus scoth-tréadanna Suffolk agus Texel á bhunú, ag tarraingt ón ngéineolaíocht is fearr in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, agus sa Nua-Shéalainn."
Dúirt Ceannaire Teagasc um Aistriú Eolais Chaorach, Michael Gottstein, gur thug an chomhdháil seo deis do thoscairí éisteacht go pearsanta le saineolaithe ag caint ó Éirinn agus ó thar lear faoi théamaí tábhachtacha maidir le sláinte an tréada agus maidir leis an ngéanómaíocht, rudaí ríthábhachtacha do ghnó gach feirmeora caorach.
Rinne MSD Animal Health urraíocht ar Chomhdháil Náisiúnta Teagasc um Chaoirigh.