Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Bainisteoir Nua de chuid Teagasc do Réigiún Comhairleach na Gaillimhe/an Chláir

Tá ceapachán David Colbourne mar bhainisteoir nua Teagasc do réigiún comhairleach na Gaillimhe/an Chláir faofa ag Údarás Teagasc. Rinneadh an ceapachán seo tar éis do Brendan Heneghan dul ar scor tar éis gairmréim fhada rathúil in Teagasc.

Bhí David Colbourne ag obair mar chomhairleoir Gnó Déiríochta agus Teicneolaíochta de chuid Teagasc, agus é bunaithe i mBéal Átha hÉis agus Coill an Chollaigh i gContae an Chabháin le cúig bliana déag anuas. Bhí sé ina léachtóir san eolaíocht déiríochta agus bainistíocht feirme roimhe sin ag Coláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis ó chuaigh sé isteach in Teagasc in 1996. Bhí sé ina mhúinteoir meánscoile nuair a thosaigh sé ag obair ar dtús agus é ag múineadh matamaitice agus eolaíocht i scoileanna i mBaile Átha Cliath agus Loch Garman.

Bhain David céim onóracha amach san Eolaíocht Talmhaíochta ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chríochnaigh sé Máistreacht san Eolaíocht Talmhaíochta agus Ard-Dioplóma san Oideachas ina dhiaidh sin. Tá Dioplóma Iarchéime aige chomh maith i Staidéar Gnó ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Agus é as Biorra i gContae Uíbh Fhailí ó dhúchas, bhí David páirteach in eagraíochtaí amhail Macra na Feirme agus Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus tá obair déanta aige i gcomhchlár déiríochta Teagasc le Lakeland Dairies. Bhí Bonn Óir Gaisce, Gradam an Uachtaráin, buaite aige roimhe seo.

Agus é ag labhairt tar éis dó a bheith ceaptha, dúirt David Colbourne: “Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le feirmeoirí Chontaetha na Gaillimhe agus an Chláir agus leis na heagraíochtaí talmhaíochta sa réigiún seo, agus muid ag cur ár gcláir chomhairleacha agus oideachais ar fáil le cabhrú leo a ngnóthaí a fhorbairt tuilleadh. Tá foireann láidir comhairleoirí againn sa réigiún seo agus iad tacaithe ag speisialtóirí agus taighdeoirí Teagasc ag an áis taighde ainmhithe, féaraigh agus eacnamaíoch i mBaile Átha an Rí.”

Agus é ag tréaslú le David Colbourne tar éis dó a bheith ceaptha, dúirt Ceann na Stiúrthóireachta Aistrithe Eolais in Teagasc, an Dr Tom Kelly: “Tá sé mar thoradh ar thaighde David ar thuiscint a fháil ar theaghlaigh feirme agus ar an gcaoi a n-athraíonn siad agus a dtéann siad in oiriúint d'athruithe eacnamaíocha agus beartais, tá sé mar thoradh air seo go bhfuil sé oilte go sármhaith leis an tseirbhís chomhairleach i nGaillimh agus sa Chlár a stiúradh. Tá teist láidir air i gcur ar fáil seirbhísí comhairleacha líne thosaigh d'fheirmeoirí agus cláir oideachais do mhic léinn.“