Bonn Óir Teagasc bronnta ar an Dr Pádraig O’Kiely
An bonn á bhronnadh ar Bhuaiteoir an Bhoinn Óir, an Dr. Pádraig O’Kiely, ag an Dr Noel Cawley, Cathaoirleach Teagasc, ag cruinniú d'Údarás Teagasc i bPáirc na Darach, Ceatharlach
Is é buaiteoir Bhonn Óir Teagasc le haghaidh 2015 ná an Dr Pádraig O’Kiely, fear a bhfuil dua caite aige ar feadh a shaol oibre le taighde ag Ionad Taighde agus Nuálaíochta Teagasc maidir le hAinmhithe agus Féarach sa Ghráinseach i gContae na Mí. Bronntar Bonn Óir Teagasc go bliantúil ar dhuine atá tar éis cur go heisceachtúil le Teagasc agus leis na hearnálacha talmhaíochta agus bia.
Bhí an gradam bronnta ar an Dr O’Kiely ag Cathaoirleach Teagasc, an Dr. Noel Cawley ag cruinniú d'Údarás Teagasc i bPáirc na Darach, Ceatharlach. Dúirt sé: “Tá Pádraig ar na pearsana is aitheanta ar domhan in agranamaíocht, caomhnú agus úsáid foráiste. Tá beagnach 600 páipéar eolaíoch foilsithe aige, in éineacht le breis is 400 alt sa phreas teicniúil agus mór-ráchairte feirme agus tá breis is 1,000 cur i láthair déanta aige ag comhdhálacha agus ócáidí feirmeoireachta agus tionscail. Tá sé mar eagarthóir ar chúig irisleabhar chéimiúla idirnáisiúnta phiarmheasúnaithe. Tá teist ar a chuid oibre le fada agus tá sé ar na heolaithe is mó cumas san eagraíocht.”
Cháiligh an Dr Pádraig O’Kiely ó COBÁC le céim onóracha den chéad ghrád san eolaíocht talmhaíochta in 1978. Chríochnaigh sé Céim Mháistreachta san Eolaíocht Talmhaíochta tar éis dó dul isteach san Fhoras Talúntais agus rinne sé a PhD ina dhiaidh sin, agus an dá cháilíocht sin i réimse an táirgthe sadhlais. Tá suimeanna éagsúla eolaíochta aige, ach is é an cion oibre atá déanta aige do thaighde talmhaíochta an rud a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, go háirithe an cion oibre atá déanta aige chun eolas eolaíoch agus praiticiúil a chur chun cinn ar tháirgeadh, caomhnú agus úsáid foráiste do tháirgeadh beostoic.
Agus é as Contae Laoise ó dhúchas, bhí Pádraig ar dhuine de na chéad daoine a fuair Scoláireacht Fulbright agus chaith sé 1986 ar saoire shabóideach ag Ionad Taighde Foráiste Déiríochta na Stát Aontaithe ar champas Ollscoil Wisconsin. Bhí sé mar Uachtarán ar Chumann Féaraigh na hÉireann agus bronnadh gradam Fiúntais Saoil Chumann Féaraigh na hÉireann air in 2011. Tá sé mar bhreitheamh i gcomórtas Eolaí Óg na Bliana le breis is deich mbliana anuas.
Agus é ag glacadh leis an ngradam, dúirt an Dr O’Kiely: “Is mór an onóir é agus téann sé go croí ionam an gradam seo a fháil agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine go léir ar oibrigh mé leo sa Ghráinseach le blianta fada anuas agus sa chuid eile den eagraíocht. Chuaigh mé i mbun m'obair thaighde i gcónaí le teacht ar an bhfírinne agus í a insint ansin, agus chun an t-eolas a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus do dhaoine eile a raibh sé de dhíth orthu.”
Is aitheantas é Bonn Óir Teagasc ar chur chun cinn obair Teagasc agus tá sé dírithe ar ardfheidhmíocht a spreagadh agus feabhas a chur chun cinn. Daoine eile a bhuaigh Bonn Óir Teagasc ná: An tOllamh Liam Donnelly, an Dr Paul Cusack, Nuala King, an tOllamh Paul Ross, an Dr Lance O’Brien, Christy Watson agus an tOllamh Tim Guinea.