Cúrsaí Nua Páirtaimseartha Gairneoireachta
Tá Coláiste Teagasc le haghaidh Gairneoireacht Taitneamhachta ag Garraithe Náisiúnta na Lus i mBaile Átha Cliath tar éis sraith cúrsaí nua páirtaimseartha/bunaithe ar obair don earnáil ghairneoireachta a fhógairt. Tairgfear trí dhámhachtain ilchodacha nua de chuid DCCÉ (QQI) ag Leibhéal 6 in Éiceolaíocht agus an Comhshaol, Oibríochtaí Ionad Garraíodóireachta agus i mBainistíocht Crann agus Tor. Cuirfear iad seo ar fáil in éineacht leis na gradaim atá ar fáil cheana in Eolaíocht agus Cothabháil Scraith Spóirt, Garraíodóireacht Mhargaidh, Táirgeadh Stoc Plandlainne agus Dearadh/Tógáil Tírdhreacha.
Tá na cúrsaí seo beartaithe do mhic léinn ionchasacha atá fostaithe i láthair na huaire sa tionscal gairneoireachta agus ar mian leo forbairt bhreise a dhéanamh ar a ngairm bheatha ina n-earnáil roghnaithe. Cuirfidh na cúrsaí seo ar chumas an mhic léinn tuiscint níos mó a fháil ar na heolaíochtaí atá mar bhonn lena n-earnáil agus cabhróidh sé leo a scileanna agus a n-inniúlacht a fheabhsú go praiticiúil chomh maith.
Tá na cúrsaí seo á dtairiscint ag am agus ar bhealach le freastal ar an gcaoi is fearr ar riachtanais an tionscail ghairneoireachta. Tosóidh na cúrsaí i mí na Samhna i nGarraithe Náisiúnta na Lus agus i mí Eanáir i gColáiste Chill an Dátúnaigh. Beidh na mic léinn ag freastal ar na coláistí ar feadh dhá lá in aghaidh na seachtaine ar a mhéad. Tairgfear na cúrsaí thar thréimhse 16 seachtaine nuair a bheidh clár iomlán oiliúna acadúla agus praiticiúla ar siúl ag na mic léinn. Déanfaidh na mic léinn tionscadal chomh maith atá bunaithe ar thionscal agus é bainteach lena n-earnáil roghnaithe.
Dúirt Príomhoide Choláiste Teagasc le haghaidh Gairneoireacht Taitneamhachta i nGarraithe Náisiúnta na Lus, John Mulhern: “Chomh maith le blaiseadh a chur ar fáil don fhoghlaimeoir ar oiliúint tríú leibhéal ina (h)earnáil roghnaithe, cuirfidh na cúrsaí seo an scil eolais agus an inniúlacht a bhaineann leis an earnáil ina bhfuil sé/sí fostaithe ar fáil don fhoghlaimeoir. Nuair a bheidh na cúrsaí seo críochnaithe acu, is féidir le mic léinn dul faoi oiliúint lánaimseartha nó pháirtaimseartha ghairneoireachta trí roghnú ón réimse cúrsaí atá á dtairiscint ag dhá choláiste gairneoireachta Teagasc ag Leibhéal 5, 6 agus 7.”
In éineacht leis na cúrsaí seo do phearsanra tionscail, tá Teagasc ag tairiscint cúrsaí nua dámhachtana ilchodaí chomh maith ag Leibhéal 5 ar Mheicniú Gairneoireachta, Tógáil/Cothabháil Tírdhreacha agus Cosaint Plandaí. Tá Iomadú Plandaí agus Aithint/Úsáid Plandaí á dtairiscint cheana sna coláistí mar chomhchodanna aonair. Tá na cúrsaí seo beartaithe dóibh siúd a bhfuil suim mhór acu i ngairneoireacht agus ar mian leo a scileanna agus a n-inniúlacht a fheabhsú sna réimsí fíorthábhachtacha seo.
Bhí Lá Eolais faoi Ghairmeacha agus Cúrsaí ar siúl inné, Déardaoin, 10 Márta i gColáiste Teagasc le haghaidh Gairneoireacht Taitneamhachta, Garraithe Náisiúnta na Lus.
Tá an coláiste tar éis oiliúint tionscail ar leith a chur ar fáil le déanaí chomh maith do chleachtóirí Gairneoireachta. Tá Teagasc tar éis dul i gcomhar le Cumann Conraitheoirí Tírdhreacha na hÉireann (CCTÉ) chun cláir spriocdhírithe a chur ar fáil dá bhaill. Is éard a bhí i gceist leo seo ná teicnící tírdhreachaithe bhoig in éineacht le haithint agus comhcheangail phlandaí. Is féidir tuilleadh eolais agus eolas faoin bhfáil a bheidh ar na cúrsaí seo amach anseo a fháil go díreach ón gcoláiste.