Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Speisialtóir Nua Barr de chuid Teagasc Fógartha

Tá Údarás Teagasc tar éis ceapachán Shay Phelan mar Speisialtóir Barr a fhaomhadh, agus beidh sé bunaithe ag Ionad Taighde Barr Teagasc i bPáirc na Darach. Beidh sé ag obair mar chuid d'fhoireann speisialtóirí barr sa Roinn Aistrithe Eolais ar Bharra, rud atá á stiúradh ag Michael Hennessy.

Tá Shay Phelan ag obair mar chomhairleoir Gnó agus Teicneolaíochta Curaíochta de chuid Teagasc le cúig bliana anuas, agus é ag cur comhairle theicniúil ar fáil d'fheirmeoirí ar bharra curaíochta agus prátaí, agus é ag freastal ar Chontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, Laoise agus na Mí. D'oibrigh sé roimhe sin mar chomhairleoir déiríochta i gcomhchlár Teagasc/Glanbia ar feadh ceithre bliana.

Bhain Shay céim onóracha amach san Eolaíocht Talmhaíochta (B.Agr.Sc.) ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne sé Dioplóma Iarchéime i Staidéar Gnó i mBainistíocht Airgeadais Feirme ina dhiaidh sin ag Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Agus é as Contae Laoise ó dhúchas, tá lear mór eolais ag Shay mar agranamaí maidir le gránaigh, barra sosa agus prátaí. Beidh sé ag tacú le comhairleoirí Curaíochta Gnó agus Teicneolaíochta Teagasc, feirmeoirí curaíochta agus leis an tionscal sa leath tuaisceartach den tír ar mhaithe le feidhmíocht ar fheirmeacha a fheabhsú. Bhí sé páirteach i gClár Barra Feirme BETTER Teagasc, rud atá éifeachtach ag méadú aistriú eolais agus teicneolaíochta ar fheirmeacha. Beidh sé ag obair le foireann taighde barr Teagasc i bPáirc na Darach chun réimsí a aithint le haghaidh tuilleadh taighde chun iomaíochas idirnáisiúnta earnáil churaíochta na hÉireann a chothú agus a fheabhsú.

Agus é ag labhairt tar éis dó a bheith ceaptha, dúirt Shay Phelan: “Tá mé ar bís faoi na dúshláin nua a bhaineann leis an ról seo in Teagasc. Tá brú laghdaithe praghsanna ar an earnáil i láthair na huaire ar mhargaí idirnáisiúnta, rud a fhágann go bhfuil tábhacht níos mó ag baint leis an bhfócas ar éifeachtúlacht feirmeacha a fheabhsú. Tá mé ag súil le bheith ag obair le saothróirí curaíochta, comhairleoirí agus taighdeoirí curaíochta Teagasc agus le comhairligh phríobháideacha le dul i ngleic leis na dúshláin sin.”

Thréaslaigh Michael Hennessy, Ceann Roinn Aistrithe Eolais Teagasc ar Bharra, le Shay tar éis dó a bheith ceaptha agus dúirt: “Tá teist den chéad scoth air in obair a dhéanamh le comhpháirtithe tionscail, grúpaí plé feirmeoirí curaíochta, agus trí fhoilseacháin theicniúla, chun eolas bainteach a thabhairt do shaothróirí agus cur ina luí orthu gníomhú dá réir agus athruithe a dhéanamh.”