Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Déanann Teagasc €5.2m a infheistiú sa chéad ghlúin eile de cheannairí taighde

Sheol Michael Creed TD, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, clár nua chun an chéad ghlúin eile de cheannairí taighde a fhorbairt chun tacú le cuspóirí straitéis Food Wise 2025 de chuid na hÉireann.

Cuirfidh an clár sin maoiniú ar fáil ar feadh 36 mí an duine do 20 taighdeoir nua a bhfuil taithí acu, as seo go ceann cúig bliana. Á reáchtáil ag Teagasc, agus comhchistithe ag an gCoimisiún Eorpach, osclófar an clár, atá á reáchtáil ag Teagasc agus comhchistithe ag an gCoimisiún Eorpach ar an Luan, an 2 Iúil. Tugann sé an deis d'iarratasóirí a dtaighde a dhéanamh san eagraíocht acadúil, nó neamhacadúil, is fearr dá rogha ar fud an domhain (lasmuigh d'Éirinn) ar feadh 18 mí, agus tréimhse fillte a chaitheamh le Teagasc (in Éirinn) ar feadh 18 míosa eile.

Ag labhairt dó faoin nglaoch maoinithe, dúirt An tAire Creed “gur deis ar leith atá sa chlár comhaltachta na taighdeoirí is cumasaí atá go luath ina ngairm a fhorbairt le bheith mar cheannairí taighde agus nuálaíochta an lae amárach”.

Beidh luach €5.2m ar an iomlán ar an gclár agus beidh dhá ghlaoch maoinithe aige; gach ceann a chuirfidh maoiniú ar fáil le haghaidh 10 gcomhaltachta (20 comhaltacht san iomlán). Mairfidh gach comhaltacht 36 mhí. Cuirfear béim láidir ar fhorbairt gairme na dtaighdeoirí; tabharfaidh gach comhalta faoi chúrsa creidiúnaithe bainisteoireachta, beidh meantóir gairme tiomnaithe (murab ionann agus a stiúrthóirí eolaíoch) acu agus freastalóidh siad ar thionól bliantúil ag a ndéanfaidh ceannairí cruthaithe taighde ó thionscal, ón saol acadúil agus eagraíochtaí sochaí sibhialta cur i láthair.

Rachaidh an clár i ngleic leis an “píblíne ligeach” trí nach mbaineann taighdeoirí mná a bhfuil gealladh fúthu poist shinsireacha amach. Beidh cianghrúpaí athbhreithnithe agus an painéal deiridh athbhreithnithe cothrom ó thaobh inscne de. Tarraingeoidh cuid thiomanta den suíomh gréasáin aird ar chúiseanna dearfacha gur chóir do thaighdeoirí mná iarratas a dhéanamh ar an gcomhaltacht. Éascófar iarratasóirí mná a n-éireoidh leo taighdeoir sinsearach mná a aimsiú le bheith mar mheantóir gairme orthu.

Is é Teagasc, Údarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia na hÉireann, a reáchtálfaidh an clár comhaltachta. Agus buiséad bliantúil €190 milliún aige, anuas ar thaighde den scoth i réimsí an bhia agus na talmhaíochta, tá seirbhís leathnaithe/chomhairleach feirmeora agus roinn atá dírithe ar an teicneolaíocht a aistriú chuig tionscadal an bhia ag Teagasc. Tá 350 tionscadal taighde, arna ndéanamh ag 500 foireann eolaíoch agus teicniúil i seacht n-ionad taighde ar fud na hÉireann i bpunann taighde bliantúil Teagasc. Roinntear an taighde i gceithre réimse cláir Ainmhithe agus Féarthailte; Barra, an Comhshaol agus Talamhúsáid; Bia; agus Geilleagar agus Forbairt Tuaithe. Tá teacht ag taighdeoirí Teagasc ar níos mó ná 1,250 heicteár de thalamh feirme turgnamhacha, saotharlann taighde ar thús cadhnaíochta agus comhpháirtíochtaí láidre tionscail.

Ag labhairt dó faoin gclár nua, dúirt An tOllamh Gerry Boyle, Stiúrthóir Teagasc: “Is infheistíocht shuntasach i gceannairí taighde agus nuálaíochta na todhchaí é Ceannairí Taighde 2025. Molaim d'ábhar iarrthóirí dul i gcomhairle le taighdeoirí Teagasc chun tionscadal a dhearadh a mbeidh an‑tionchar aige agus a chuireann leis na láidreachtaí atá acu cheana agus chun nasc a chruthú le hóstach oiriúnach lasmuigh d'Éirinn don chéim amach. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh na comhaltaí teacht ar ais go Teagasc do na 18 mí dheireanacha dá gcomhaltacht”.

Is féidir teacht ar shonraí iomlána na gcomhaltachtaí ar shuíomh gréasáin Teagasc ag www.teagasc.ie/rl2025

Reáchtálfar seimineár gréasáin ag 2 pm in am Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin 11 Iúil.

Tá maoiniú faighte ag an tionscadal seo ó chlár taighde agus nuálaíochta Horizon 2020 de chuid an Aontais Eorpaigh faoi chomhaontú deontais Marie Skłodowska-Curie Uimh. 754380.