Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Dhá Cheapachán in Údarás Teagasc

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD Patrick Duffy as Bréanros, Maothail, Contae Liatroma agus John Buckley, Áth an Mhíl, Beanntraí, Contae Chorcaí a cheapadh d'Údarás Teagasc ar feadh thréimhse cúig bliana.

Ag cruinniú boird Teagasc inniu, Céadaoin, 3 Deireadh Fómhair, chuir cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy fáilte roimh an mbeirt bhall nua agus rinne sé comhghairdeas leo as a gceapachán. Dúirt sé: “Bainfidh Údaras Teagasc tairbhe as an taithí agus eolas fairsing atá ag an mbeirt ar thalmhaíocht, ar an bhfeirmeoireacht agus ar an tionscal bia, agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair go dlúth leo sna blianta atá amach romhainn”.

Is é Patrick Duffy Cathaoirleach Chomhchumann Aurivo agus is feirmeoir déiríochta é as Bréanros, Maothail, Contae Liatroma. Tá Dioplóma sa Stiúradh Corparáideach (Gnó an Bhia) aige ó UCC agus tá sé ina bhall de Bhord Aurivo ó 2002 ar aghaidh. D'fheidhmigh sé mar chathaoirleach ar feadh sé bliana idir 2008 agus 2014 sular ghlac sé an chathaoirleacht in 2016. Is é Cumann Comhar-Eagraíochtaí na hÉireann Teoranta (ICOS) a mhol é.

Is feirmeoir déiríochta as Iarthar Chorcaí é John Buckley agus is é Macra na Feirme a mhol é. Is iarbhuaiteoir John Buckley i gcomórtas Feirmeoir Óg na Bliana FBD in 2013. In 2015, bronnadh Scoláireacht Nuffield air chun ceist an lucht oibre ar fheirmeacha in Éirinn a scrúdú, agus foilsíodh an tuarascáil; 'People Skills: The Biggest Challenge Facing Irish Agriculture' dá bharr.

D'éirigh Padraig Gibbons agus Alan Jagoe as a bpoist ar Údarás Teagasc tar éis dóibh a dtéarmaí ar an Údarás a chríochnú. Ghabh cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy, buíochas le Padraig agus le Alan as an méid a rinne siad ar son na heagraíochta. Dúirt sé: “Chuir siad eolas ar leith, saineolas agus scileanna éagsúla leis an eagraíocht, agus bhí tionchar an-tairbheach acu ar dhéanamh cinntí Údarás Teagasc. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a ndúthracht agus as an méid iontach a rinne siad ar son Teagasc thar na blianta fada”.

Thug Liam Herlihy aitheantas freisin don chathaoirleach atá ag éirí as, an Dr Noel Cawley, as an tseirbhís den scoth a thug sé ar son Teagasc mar chathaoirleach le deich mbliana anuas. Dúirt sé: “Bhain Teagasc agus an tionscal agraibhia tairbhe iontach mór as a cheannaireacht, a chríonnacht agus a eolas”.