Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Alan Phelan ceaptha mar Phríomhoifigeach Oibríochtaí Teagasc

Tá Alan Phelan ceaptha mar Phríomhoifigeach Oibríochtaí Teagasc, agus beidh sé freagrach as ceannasaíocht a thabhairt ar na seirbhísí corparáideacha, ranna earcaíochta, airgeadais, acmhainní daonna agus TFC, mar aon le Gnóthaí Údaráis. Beidh sé mar Rúnaí ag Údarás Teagasc chomh maith.

Rinne Údarás Teagasc an ceapachán a fhaomhadh ag a chruinniú inniu, Dé Céadaoin, an 7 Deireadh Fómhair. Tá sé ag teacht i gceannas in áit Tom Doherty a bheidh ag éirí as níos moille i mbliana, i ndiaidh dó freastal mar Phríomhoifigeach Oibríochtaí ó 2010 i leith.

Bhí Alan Phelan mar Cheann Acmhainní Daonna le ceithre bliana déag anuas. Tá sé i ndiaidh Teagasc a threorú agus cláir éagsúla maidir leis an athrú eagraíochtúil ar bun, chomh maith le ceannasaíocht a thabhairt chun trí straitéis acmhainní daonna a chur ar fáil. Cuireadh cláir shuaitheanta éagsúla i dtaca le ceannasaíocht agus forbairt foirne ar fáil mar gheall ar an Straitéis maidir le Foireann, Ceannasaíocht agus Athrú, agus Straitéis Foirne Teagasc. Bhí Alan Phelan ina Bhainisteoir ar Oibríochtaí Acmhainní Daonna agus ar an gCaidreamh idir an Lucht Bainistíochta agus Fostaithe roimhe seo, agus tá ról lárnach i ndiaidh a bheith aige i dtaca le forbairt a dhéanamh ar fheidhm na nAcmhainní Daonna ina ghairm fhada san eagraíocht. 

Bhain sé Baitsiléir sa Staidéar Gnó amach in Ollscoil Chathair BÁC, le speisialtóireacht sna hacmhainní daonna, agus tá MSc sa Cheannaireacht Feidhmiúcháin agus MSc san Iompraíocht Eagraíochtúil aige. Chomh maith leis sin, is oide cáilithe é, an cháilíocht sin bainte amach aige ó Scoil Ghnó Smurfit, COBÁC.

Rinne Liam Herlihy, Cathaoirleach Teagasc, comhghairdeas le Alan Phelan ar a cheapachán, agus bhí an méid seo le rá aige: “Tá eolas agus taithí a shaoil ag Alan ar eagraíocht, foireann agus cláir Teagasc, a bheidh mar chuidiú don eagraíocht na hathruithe oibríochta is gá a dhéanamh chun tabhairt faoi na dúshláin atá roimh fheirmeoirí agus an earnáil agraibhia. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le Alan amach anseo.” 

Chuir an tOllamh Gerry Boyle, Stiúrthóir Teagasc, fáilte roimh an gceapachán, agus arsa seisean: “Beidh Alan ina Phríomhoifigeach Oibríochtaí den scoth. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéantar oibríochtaí Teagasc a bhainistiú go héifeachtúil chun úsáid chríonna agus éifeachtach na n-acmhainní atá curtha ar fáil ag cáiníocóirí agus ag ár bpáirtithe leasmhara a áirithiú. Níl aon amhras orm faoi ach go dtabharfaidh sé leis cuid mhór fuinnimh agus cruthaitheachta chuig an ról.”