An Dr Tom O’Dwyer ceaptha mar Cheann ar Chlár Comharthaíochta Teagasc
Tá clár Comharthaíochta nua á sheoladh ag Teagasc. Is é a bheidh ann ná feachtas ilbhliantúil chun feirmeoirí go léir na hÉireann a ghríosú i mbun an ghníomhaithe ar son na haeráide. Tá an Dr Tom O’Dwyer ceaptha ag Údarás Teagasc mar Cheann ar an gClár Comharthaíochta. Faoi láthair, tá Tom ina cheann ar Roinn Aistrithe Eolais Déiríochta Teagasc.
Spreagfaidh an Clár Comharthaíochta feirmeoirí chun dul chun cinn luath a bhaint amach le hastaíochtaí gásacha a laghdú i dtalmhaíocht na hÉireann chomh maith lena léiriú dóibh cén dóigh é sin a bhaint amach. San am céanna, déanfar cáilíocht an uisce a fheabhsú, bithéagsúlacht a chaomhnú agus a fheabhsú, agus fiontair feirmeoireachta a chruthú a bheidh níos inbhuanaithe agus níos brabúsaí.
Beidh an Clár Comharthaíochta ag feidhmiú mar bhinse tástála le haghaidh toisí ceaptha carbóin ar an bhfeirm ionas go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) iad a chur san áireamh, de réir a chéile, san fhardal náisiúnta um Ghás Ceaptha Teasa. Clár comhoibríoch a bheidh ann, a dtabharfaidh Teagasc ceannasaíocht air, na comhpháirtithe ábhartha ar fad ón tionscal agus comhlachtaí stáit san áireamh.
Chuir Tom O’Dwyer tús lena ghairm le Teagasc mar Phleanálaí REPS le haghaidh Thiobraid Árann Thuaidh sa bhliain 1995, sular ghlac sé ról mar Speisialtóir Déiríochta sa bhliain 1998, a bhí bunaithe in Teagasc Chill an Dátúnaigh. Sa bhliain 2007, ceapadh é mar Bhainisteoir Comhairleach Ceantair le haghaidh Dhún na nGall, agus chaith sé trí bliana ag bainistiú na Seirbhíse Comhairlí san iarthuaisceart sular fhill sé chuig deisceart na tíre arís chun tabhairt faoin ról atá aige faoi láthair mar Cheann an Aistrithe Eolais Déiríochta in Teagasc, atá bunaithe ar an gCloch Liath.
Agus é ag labhairt i ndiaidh a cheapacháin, is é seo a dúirt an Dr Tom O’Dwyer: “Tá dúshlán mór roimh earnáil talmhaíochta na hÉireann chun astaíochtaí talmhaíochta a laghdú. Tá na teicneolaíochtaí ar féidir leo astaíochtaí gás ceaptha teasa agus amóinia a laghdú aitheanta i dtaighde le Teagasc, ach caithfidh feirmeoirí glacadh leis an teicneolaíochtaí sin go gasta agus go fairsing. Mar chuid den Chlár Comharthaíochta nua, beidh Teagasc ag obair le feirmeoirí chun cur ar a gcumas gníomhú ar son na haeráide ar a bhfeirmeacha féin. Taispeánfaimid na céimeanna praiticiúla is féidir le gach feirmeoir a ghlacadh chun astaíochtaí talmhaíochta a laghdú, ar nós úiré chosanta a úsáid seachas leasachán CAN, trealamh leata sciodair astaíochtaí ísle a úsáid, seamair a thabhairt isteach i mbáinsí féir, agus roinnt crann a chur ar an bhfeirm.”
Rinne Stiúrthóir Taighde Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara, comhghairdeas leis an Dr O’Dwyer as a cheapachán, agus is é seo a dúirt sé; “Beidh Tom ag obair le comhpháirtithe ar an gclár le líonra Feirmeacha Comharthaíochta a bhunú, a bheidh ag feidhmiú mar fheirmeacha taispeána don chlár agus mar shuíomhanna do na toisí ceaptha carbóin. Taispeánfaidh siad sin an bealach chun tosaigh i dtreo feirmeoireacht atá cliste ó thaobh na haeráide de, agus beidh siad lárnach i dtaca leis an dara gné, feachtas Comhairleach Comharthaíochta, ina ndéanfar teagmháil leis na feirmeoirí go léir agus ina dtacófar leo bogadh i dtreo córais feirmeoireachta níos inbhuanaithe.”
Arsa an tOllamh Gerry Boyle, Stiúrthóir Teagasc, “Tá mé muiníneach, mar gheall ar cheapachán Tom, go mbeidh an Clár Comharthaíochta ar thús cadhnaíochta lena chinntiú go dtéann an earnáil i ngleic go sásúil leis an dúshlán is mó dár nglúin.”
Le tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an nasc: : https://www.teagasc.ie/publications/2020/the-signpost-programme.php