Ceapachán Nua ar Údarás Teagasc
Rinneadh ceapachán nua ar Údarás Teagasc. Ainmníodh Brian Rushe ag Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) mar ionadaí dóibh ar Údarás Teagasc. Ghlac an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, lena ainmniúchán. Is feirmeoir déiríochta ó Chontae Chill Dara é, agus tá sé ina Leas-Uachtarán ar Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, post a toghadh é le déanaí air.
Údarás
Chuir Cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy, fáilte roimh Brian Rushe chuig an Údarás ag cruinniú Údaráis Teagasc inniu, Dé Céadaoin an 5 Feabhra, agus ghabh sé comhghairdeas leis as a cheapachán. Dúirt sé: “Tá mé ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le Brian sna blianta amach romhainn, de réir mar a thugann Teagasc aghaidh ar na dúshláin atá roimh an earnáil feirmeoireachta agus an earnáil bhia.”
Tá Brian Rushe pósta le Rebecca agus tá beirt pháistí acu. Tá Brian i mbun na feirmeoireachta déiríochta i gContae Chill Dara agus is iarchathaoirleach IFA é i gCill Dara agus Cill Mhantáin Thiar. Ghlac sé le post Leas-Uachtarán an IFA ag an CBG i mí Eanáir. Is scoláire Nuffield é, agus ba é ábhar a thaighde ná; ‘Labhairt amach ar son na Talmhaíochta – Ceadúnas Sóisialta na Feirmeoireachta a Chosaint’.
D'éirigh Richard Kennedy as Údarás Teagasc tar éis dó 4 bliana a bhaint amach ar an Údarás. Rinne Cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy, a bhuíochas a ghabháil le Richard as ucht ar chuir sé le cruinnithe an Údaráis le linn na ceithre bliana. Dúirt sé: “Chuir Richard go mór le cinnteoireacht agus plé Údaráis Teagasc. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis as a bheith tiomanta do Theagasc le roinnt mhaith blianta.”