Ceapachán Nua ar Údarás Teagasc
Ceapadh Elizabeth Reynolds d'Údarás Teagasc ar feadh téarma cúig bliana. Lena linn sin ceapadh Liam Woulfe, Áth Dara, Co Luimnigh arís ar feadh an dara téarma cúig bliana.
Is comhairleoir sinsearach í Elizabeth Reynolds le Ignite Purpose, lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Roimhe sin d'oibrigh sí le GlaxoSmithKline ag díriú ar Chúram Sláinte Tomhaltóirí. D'oibrigh sí in Éirinn, san RA, sa tSín, san Astráil, i Singeapór agus i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise ar feadh breis is 25 bhliain agus bhí róil shinsearacha Bhainistíochta, Mhargaíochta agus ghaolmhara aici a bhain le hearraí tomhaltóirí, feistí leighis agus cúram sláinte. Tá céim Máistir agus céim Baitsiléara Margaíochta agus Tráchtála aici ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Anuas air sin bhí róil éagsúla aici ar Bhoird agus mar Stiúrthóir laistigh de roinnt cuideachtaí, comhlachas agus forais tionscail ar fud na cruinne a bhí dírithe ar bhainistiú riosca agus rialachas. Anois lonnaithe i mBaile Átha Cliath, is as Contae an Longfoirt ó dhúchas í Elizabeth agus tógadh in Ardach agus ar fheirm í.
Rinne Cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy, comhghairdeas le hElizabeth Reynolds as a ceapachán, agus le Liam Woulfe as a athcheapachán d'Údarás Teagasc. Dúirt sé: “Beidh taithí dhomhanda Elizabeth i gcúram sláinte agus cothú mar aon lena saineolas ar phleanáil straitéiseach agus bainistiú athruithe an-tairbheach do Theagasc sna blianta amach romhainn. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le hElizabeth amach anseo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh chomh maith le Liam as a athcheapachán. “
Is Stiúrthóir Bainistíochta Grassland AGRO agus Freshgrass Group é Liam Woulfe agus tá a chéad téarma cúig bliana díreach curtha i gcrích aige ar Údarás Teagasc.
Ghabh Cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy, buíochas chomh maith le Cliona Murphy as ucht a cúnamh a rinne sí ar son na heagraíochta le linn a téarma ar an Údarás. Dúirt sé: “Thug Cliona saineolas agus scileanna luachmhara léi chuig an mbord, a chuir leis na cinntí dearfacha atá á ndéanamh ag Údarás Teagasc. Ba mhian liom buíochas a ghabháil léi as ucht a tiomantais agus a cúnaimh le roinnt mhaith blianta.”