Cuairt Ríoga ar Teagasc sa Ghráinseach
Paul Crosson agus Edward O Riordan, taighdeoirí eallaigh ag Teagasc sa Ghráinseach ag labhairt leis na Mórgachtaí Ríoga Diúc agus Bandiúc Cambridge le linn a gcuairte ar Theagasc sa Ghráinseach Dé Céadaoin, an 4 Márta 2020
Bhuail Michael Creed T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus Liam Herlihy, Cathaoirleach Teagasc, leis an lánúin Ríoga agus chuir siad fáilte roimpi go Teagasc Dé Céadaoin, an 4 Márta 2020. Cuireadh an tOllamh Gerry Boyle, Stiúrthóir Teagasc, an Comhairleoir Wayne Harding, Cathaoirleach Chomhairle Contae na Mí agus Jackie Maguire, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Mí in aithne dóibh. Bhí baill d'Údarás Teagasc i láthair chomh maith.
Thaispeáin Paul Crosson agus Edward O Riordan, taighdeoirí eallaigh ag Teagasc sa Ghráinseach, trí bhó, le cúpla lao ag gach ceann acu, don lánúin ríoga. Tá na ba mar chuid den tréad diúil taispeána Derrypatrick san ionad Taighde agus Nuálaíochta Teagasc maidir le hAinmhithe agus Féarach sa Ghráinseach, Contae na Mí. Leag Paul Crosson agus Edward O Riordan amach na céimeanna atá glactha ar fheirmeacha eallach in Éirinn chun a chinntiú go bhfuil an mhairteoil táirgthe i mbealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Labhair siad chomh maith faoi na teicneolaíochtaí a forbraíodh a glacadh leo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tréad a laghdú.
Cuireadh Catherine Keena, Speisialtóir Bainistíochta Tuaithe le Teagasc in aithne don lánúin ríoga agus labhair sí faoi na tionscnaimh ar an bhfeirm sin agus ar fheirmeacha eile ar fud na tíre chun bithéagsúlacht a chur chun cinn agus fál sceach a fhorbairt sa chaoi is go bhfuil siad oiriúnach ‘d’éin agus beacha’ araon, ag cur láithreán neadaireachta agus caor ar fáil d’éin, agus go leor bláthanna do phailneoirí.
Ansin bhuail an lánúin le Comhairleoirí Teagasc Eilish Burke agus William Byrne a chur na feirmeoirí Ronan Hughes, Justin Walsh, Teleri Thomas, David Hannon, agus Donal Keane in aithne dóibh. Labhair na feirmeoirí faoin mhéid atá á dhéanamh acu chun feirmeoireacht a dhéanamh leis an nádúr ar a gcuid feirmeacha féin. D'inis siad a scéalta faoi conas atá géineolaíocht na n-ainmhithe is fearr á húsáid acu, nó córais táirgthe féarbhunaithe, atá dírithe ar athshíolú agus córais mhaithe banraí agus i gcás Donal Keane mar gheall air féin mar fheirmeoir Orgánach Taispeána.
Bhí Eileen O’Reilly, Príomhoide Scoil Náisiúnta Chill Táile, Dún Samhnaí, Contae na Mí, sa Ghráinseach in éineacht le 10 ndalta ó rang a sé chun buaileadh leis an lánúin Ríoga. Bhí tionscadail curtha i gcrích ag na daltaí maidir le feirm go forc, táirgeadh bia agus inbhuanaitheacht.
Sular imigh siad, bhronn cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy, bronntanas ar an lánúin Ríoga.