Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Figiúirí nua eisithe maidir le hInbhuanaitheacht Fheirmeacha na hÉireann

Tá a thuarascáil is déanaí eisithe ag Teagasc ina ndéantar inbhuanaitheacht réimse córas feirme in Éirinn a thagarmharcáil. Sa tuarascáil, baintear feidhm as Suirbhé Náisiúnta Feirmeacha Teagasc chun feidhmíocht feirmeacha déiríochta, eallaigh, caorach agus curaíochta a rianú agus iad ag tabhairt faoina n-inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta a fheabhsú.

Déantar monatóireacht sa staidéar ar an nglacadh le nuálacha feirme d’fhonn an sprioc seo a bhaint amach. Tá na sonraí nua a tiomsaíodh le haghaidh 2019 sa tuarascáil, mar aon le sonraí le deich mbliana anuas, a fhágann gur féidir feidhmíocht na bhfeirmeacha a mheas thar thréimhse.

Luaigh príomhúdar na tuarascála, an Dr Cathal Buckley, ó Chlár Gheilleagar agus Fhorbairt Tuaithe Teagasc, an méid seo a leanas, “Tá inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta ar leibhéal níos airde ann i gcás feirmeacha déiríochta i gcomparáid leis an gcuid is mó de na córais feirme eile, ach tá leibhéil níos airde astaíochtaí comhshaoil ag baint leo fosta.

Cuireann na sonraí in iúl go bhfuil feirmeoirí déiríochta ag cur feabhas ar a n-éifeachtúlacht ó thaobh an chomhshaoil de i gcónaí, agus tá gás ceaptha teasa agus amóinia á n-astú ar leibhéil níos ísle in aghaidh an tona den táirge a tháirgtear. Bíodh sin mar atá, tá an feabhas sin á shárú ag méadú ar an táirgeadh bainne ar an iomlán, agus tá an feabhas san éifeachtúlacht astaíochtaí á chúiteamh ag an méadú ar líon na mbó bainne.

Ina choinne sin, tá inbhuanaitheacht eacnamaíoch ar leibhéil níos ísle ar fheirmeacha stoic thirim, ach tá leibhéil níos ísle astaíochtaí comhshaoil ag baint leo chomh maith. Bhí feirmeacha curaíochta áit éigin idir feirmeacha déiríochta agus stoic thirim ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, ach tá leibhéil níos ísle astaíochtaí comhshaoil ag baint leo chomh maith. Is suntasach go ndéantar tromlach na n-astaíochtaí ar fheirmeacha speisialaithe curaíochta a ghiniúint ó fhiontraíocht stoic thirim ar na feirmeacha”.

Thug Trevor Donnellan, Ceann Roinn na hEacnamaíochta Talmhaíochta agus na Suirbhéireachta Feirmeacha in Teagasc, agus comhúdar na tuarascála, an méid seo a leanas le fios, “Imríodh drochthionchar ar tháscairí eacnamaíocha agus comhshaoil in 2018 de dheasca drochaimsire, ach cuireadh an fhorbairt dhiúltach sin ar mhalairt slí ó tharla go raibh dálaí ní ba thipiciúla aimsire ann in 2019. Caithfear cumas na héagsúlachta aimsire ó bhliain go bliain, tionchar a imirt ar threocht na méadrachta is tábhachtaí inbhuanaitheachta, a chur san áireamh nuair atá treochtaí le himeacht ama á meas. Ar an gcúis sin, foilsítear torthaí sa tuarascáil seo ar bhonn mheán rollach trí bliana, maille le sonraí simplí bliantúla. Tugtar cothromaíocht isteach mar gheall ar phróiseas an mheáin rollaigh, a chuireann treocht ar fáil atá ina léiriú níos fearr ar na forbairtí faoina bun”.

Agus trácht á dhéanamh aige ar eisiúint na tuarascála, bhí an méid seo a leanas le rá ag Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle, “Tá faisnéis luachmhar maidir le beartas a dhearadh á cur ar fáil do lucht déanta beartas sa mhioneolas fairsing atá i dTuarascáil Inbhuanaitheachta Teagasc. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil Teagasc, mar bhall de Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme an AE, in ann treoir a chur ar fáil do phiaraí ar fud an AE maidir leis na bealaí is fearr chun inbhuanaitheacht a thomhas sa chiall níos leithne, mar a shamhlaítear i dtionscnamh an AE, Feirm go Forc. Go sonrach, beidh gá le tuilleadh méadracht chomhshaoil a sholáthar, ionas go mbeifear in ann aistriú chuig Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme, mar a bheartaítear sa Straitéis Feirm go Forc.”