Scoláirí Walsh: An Chéad Ghlúin Eile
Bronnadh Bonn Óir Scoláirí Walsh Teagasc ar Meritxell Grau ó Chlár Teagasc um Bharra, an Comhshaol agus Talamhúsáid. Bronnadh an Bonn Óir ag an imeacht ar líne – Scoláirí Walsh: An Chéad Ghlúin Eile, a bhí ar siúl inniu, Déardaoin, an 5 Samhain, a thugann aitheantas don Scoláire Walsh is fearr den bhliain.
Chuir Sharon Ní Bheoláin an t-imeacht ar líne i láthair, inar cuireadh taighde ceannródaíoch iarchéime agraibhia Teagasc os comhair an phobail. D’fhoghlaim a raibh i láthair faoi Chlár Scoláireachtaí Walsh, agus chuala siad faoi chuid de na staidéir an-suimiúla atá ar bun ag Scoláirí na bliana deiridh.
Dúirt an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Taighde Teagasc, an méid seo a leanas: ‘Is é an misean atá ag an gClár soláthar tallainne a chur ar fáil don earnáil, ‘an chéad ghlúin eile’ de cheannairí sa taighde, comhairleoireacht agus oideachas agraibhia. Tá breis agus 250 Scoláire againn faoi láthair atá ag tabhairt faoi PhD nó Céim Mháistir. Tá formhór na scoláirí á maoiniú ag Teagasc, agus tá scoláirí eile á dtacú go náisiúnta ag Cláir FIRM, Stimulus agus CoFoRD na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, ag Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann agus ag GCC, agus go hidirnáisiúnta ag sruthanna maoinithe ó chlár an AE, Fís.’
Dúirt sé: ‘Tá tionscadail taighde ar bun ag na Scoláirí atá againn chun teacht ar an eolas agus nuálaíocht atá de dhíth orainn le dul chun cinn a spreagadh ar fud na leibhéal ar fad san earnáil agraibhia. Tá sé spreagúil dúinn éisteacht le cuid dár Scoláirí bliana deiridh inniu agus tá súil agam go gcuireann sé sin fonn ar dhaoine eile atá ag breathnú iarratas a dhéanamh ar Scoláireacht.’
Rinne an tOllamh O’Mara comhghairdeas le Meritxell Grau cionn is gur bronnadh Bonn Óir Scoláirí Walsh uirthi. I dtionscadal taighde Meritxell, tá cíoradh á dhéanamh ar an éifeacht atá ag pH ithreach agus fosfar ar na pobail mhiocróbacha a astaíonn ocsaíd nítriúil (N2O), gás ceaptha teasa láidir. Tá sí ag súil go dtabharfaidh an taighde léargas ar an mbainistíocht is fóirsteanaí ithreach le haghaidh miocrób, d’fhonn astaíochtaí N2O a laghdú.
Is é seo an 27ú huair do Teagasc an Bonn Óir a bhronnadh, sin an gradam is airde atá ag an gClár. I measc Scoláirí Walsh eile ar tugadh aitheantas dóibh ag an imeacht inniu bhí:
Paul Smith, Scoláire Walsh na Bliana don Chlár Taighde agus Nuálaíochta Ainmhithe agus Féaraigh. Tá cíoradh á dhéanamh i dtionscadal PhD Paul ar an nasc idir comhdhéanamh mhicribhithóm na cogansaí, éifeachtúlacht na beatha agus aschur meatáin in eallach feola.
Gemma Regan, Scoláire Walsh na Bliana don Chlár Bia agus buaiteoir bhonn Institiúid Eolaíochta agus Teicneolaíochta Bia na hÉireann. I dtionscadal PhD Gemma, rinneadh anailís ar fhuíll nítreafúráin, antaibheathaigh a bhfuil cosc ar a n-úsáid in ainmhithe táirgthe bia, agus rinneadh an t-aga anailíse a ghiorrú ó 4 lá go 1.5 lá.
Adrienne Attorp, Scoláire Walsh na Bliana i gClár Gheilleagar agus Fhorbairt na Tuaithe. I dtionscadal PhD Adrienne, déantar na dúshláin atá i gceist le bainistíocht na n-uiscebhealaí ar bhonn leanúnach, atá faoi chúram na hÉireann agus Thuaisceart Éireann araon, a mheas i ndiaidh an Bhreatimeachta.
Kevin Maher, Scoláire Walsh na Bliana do Chlár an Aistrithe Eolais. I dtionscadal Máistreachta Kevin, rinneadh cíoradh ar na tosca a imríonn tionchar ar phleananna bainistíochta cothaitheach i measc an mhaolaithe níotráite.
Tá físeáin le fáil ó gach Scoláire Walsh na Bliana ar https://teagasc.ie/about/research--innovation/postgraduate-scholarships/the-next-generation/
Buaiteoir Ghradam Céimithe Scoláirí Walsh le haghaidh 2020
Is í Carol Newman Buaiteoir Ghradam Céimithe Scoláirí Walsh le haghaidh 2020. Tá Carol ina hOllamh le hEacnamaíocht agus is í Ceann Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus na Fealsúnachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Chuir sí a Scoláireacht Walsh i gcrích sa bhliain 2001, i ndiaidh di tabhairt faoi PhD ina ndearnadh cíoradh ar thionchar an fháis ioncaim ar chaiteachas bia. Ba é Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle, a d’fhógair an scéala.
Agus an gradam á bhronnadh uirthi, is é seo a leanas a dúirt Carol Newman: ‘Tá lúcháir orm a bheith i mo Bhuaiteoir Ghradam Céimithe Scoláirí Walsh le haghaidh 2020. Thug an tréimhse a chaith mé mar Scoláire Walsh riar scileanna agus inniúlachtaí dom a leag amach an bealach romham don ghairm atá agam sa taighde, chomh maith lena chur ar mo shúile dom a thábhachtaí agus atá an taighde le haghaidh beartas a cheapadh. Táim thar a bheith buíoch de Teagasc as an deis a tugadh dom na blianta ó shin agus is mór an onóir dom go bhfuil aitheantas á thabhairt do mo chuid oibre leis an ngradam seo.’
D’iarr an tOllamh Boyle ar chéimithe ón gClár caidreamh a dhéanamh arís le Teagasc, agus lena chéile, i nGrúpa Céimithe Scoláirí Walsh ar LinkedIn.
Dúirt sé: ‘Tá corradh le 1,200 céimí againn anois atá ag obair in Éirinn agus ar fud an domhain, cuid mhór acu i bpoist a bhfuil an-tionchar ag baint leo sa saol acadúil, san earnáil phoiblí agus in earnáil phríobháideach na tionsclaíochta. Beifear ag ceangal, ag roinnt agus ag tabhairt faoi chaidreamh gníomhach leis na céimithe mar thosaíocht i bhforbairt an Chláir amach anseo.’
Beidh feachtas ar na meáin shóisialta, #WalshScholars #NextGeneration , ina bhfeicfear níos mó ó eolaíocht an Chláir, le haghaidh níos mó de na Scoláirí, á reáchtáil go fóill le linn Sheachtain Eolaíochta 2020. Le tuilleadh a fheiceáil, féach cuntais Teagasc ar Twitter, Facebook agus LinkedIn.