Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Teagasc don bhliain 2019
Fuarthas deontas i gcabhair €130.373 milliún ón Stát le haghaidh oibríochtaí reatha agus €5.32 milliún chun críocha caipitiúla in 2019. Nuair a cuireadh an Glanmhaoiniú Iarchurtha do Phinsin as an áireamh, €198 milliún a bhí in ioncam 2019, a bhí €3 mhilliún ní b’airde ná in 2018. I comparáid le 2018, tháinig méadú €1 mhilliún ar an deontas i gcabhair chun críocha reatha agus laghdú €1 mhilliún ar an deontas i gcabhair chun críocha caipitiúla.
Thit an t-ioncam um Aistriú Eolais €1.05 milliún (4.7%), agus tháinig méadú €1.49 milliún (8.4%) ar ioncam le haghaidh Taighde. I gcás an Aistrithe Eolais, tháinig laghdú €0.57 milliún ar ioncam le haghaidh Seirbhísí Comhairleacha cionn is go raibh níos lú scéimeanna bainteach le hobair chomhairleach agus oiliúna ann i gcomparáid le blianta roimhe seo. Tháinig méadú ar ioncam i gcás an Taighde ar an ábhar go mór go raibh tuilleadh gníomhaíochta ann ar thionscadail taighde a maoiníodh go seachtrach.
€149 milliún an caiteachas iomlán a bhí ann in 2019, pinsin as an áireamh, €3 mhilliún ní b’airde ná in 2018. Leithdháileadh cistiú caipitil ar thionscadail atá ar siúl faoi láthair, lena
n-áirítear €1.02 chun leanúint ar aghaidh le tionscadal forbartha Chaisleán Bhaile Sheáin agus €1.15 do thionscadal eile, an Mol Náisiúnta Nuálaíochta Bia.
Buaicphointí 2019
Dúirt Cathaoirleach Údarás Teagasc, Liam Herlihy, go raibh infheistíocht €10 milliún a rinne Teagasc agus páirtithe leasmhara ón tionscal in Moorepark Technology Teoranta (MTL), a chuir áiseanna treoirghléasra ar fáil le go mbainfidh cuideachtaí bia leas astu, i measc na mbuaicphointí in 2019. Cuireadh tús le hinfheistíocht €10 milliún breise a dhéanamh sa Mhol Náisiúnta Nuálaíochta Bia in Teagasc na Cloiche Léithe in 2019, agus tá dul chun cinn déanta ar an infheistíocht sin le linn 2020. Beidh an dá thionscnamh sin mar chuidiú ag cuideachtaí bia chun dul in oiriúint do riachtanais an chustaiméara, custaiméir atá ag síorathrú, agus na riachtanais sin a shásamh. Tá infheistíocht den chineál sin déanta sa Lárionad Náisiúnta Bia Ullmhaithe Tomhaltais in Teagasc, Baile an Ásaigh, agus mar sin, tá Teagasc ag cur ar a cumas don earnáil bia a bheith réidh don Bhreatimeacht.’
Oideachas agus seirbhísí comhairleacha
Dúirt an tOllamh Gerry Boyle, Stiúrthóir Teagasc; “Bhí leibhéil eisceachtúla éilimh agus chlárúchán ar phríomhchláir oideachais Teagasc sa tréimhse 2014 go 2019. Bhí 4,078 deimhniúchán ar an iomlán in 2019. Tháinig borradh faoin éileamh ar chúrsaí Teagasc le haghaidh daoine fásta don Teastas Glas, a chuir leis an méadú sin. Is iad na daoine siúd atá ag iarraidh cáilíocht aitheanta mar fheirmeoir oilte a fháil chun scéimeanna dírithe ar fheirmeoirí óga faoin gclár náisiúnta um fhorbairt tuaithe a shásamh atá taobh thiar den éileamh sin.”
Arsa seisean; “Is iontach iad na figiúirí le haghaidh sheirbhísí comhairleacha Teagasc fosta. In 2019, rinne an dá réigiún chomhairleacha déag freastal ar bheagnach 42,000 cliant ar feirmeoirí iad, agus bhí seisiúin chomhairliúcháin, cuairteanna ar fheirmeacha agus iarratais ar scéimeanna i gceist. Glacann 11,300 de na cliaint sin páirt i bPléghrúpaí bunaithe ar an bhfiontar: 424 don stoc tirim, 286 sa déiríocht, agus 37 don churaíocht. Tugadh tacaíocht chomhairliúcháin chomh maith maidir le bainistíocht ghnó, comharbas agus oidhreacht, agus éagsúlú. Thug speisialtóirí ó Teagasc tacaíocht i ndáil leis an ngairneoireacht, foraoiseacht, táirgeadh éanlaithe agus táirgeadh muc, fearachas eachaí agus feirmeoireacht orgánach.”
Taighde Comhshaoil
Tá Cuar Imeallchostais Lacáiste (MACC) Teagasc mar bhonn le haghaidh cuid mhór de na gníomhartha i bPlean Gníomhaithe an Rialtais ar son na hAeráide. Aithníodh 14 bhearta mhaolaithe ar an iomlán in MACC Teagasc chun astaíochtaí talmhaíochta a laghdú (meatán agus ocsaíd nítriúil) a bheidh tairbheach, neodrach agus éifeachtach ó thaobh costais de. Dá gcuirfí na bearta sin i bhfeidhm, meastar go dtiocfadh laghdú 1.85 Mt coibhéis dé-ocsaíde carbóin ar astaíochtaí, in aghaidh na bliana, idir 2021 agus 2030. Na rannpháirtithe is mó atá ag cur leis an lacáiste, úiré chosanta atá in úsáid acu, rud atá ag cur feabhas ar EBI na déiríochta agus a úsáideann leathadh sciodair ar astaíochtaí ísle.
Tá sé léirithe ag taighde atá déanta ag Teagasc gur féidir leis na gníomhartha a dhéanann éifeachtúlacht táirgeachta a fheabhsú cur le dul chun cinn ó thaobh an chomhshaoil de. Ós rud é go bhfuil bonn láidir taighde taobh thiar díobh, tá comhairleoirí Teagasc in áit an-mhaith chun cuidiú a thabhairt d’fheirmeoirí tabhairt faoi na dúshláin atá romhainn.
Comhfhiontar idir Teagasc, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, chomh maith leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil is ea clár ASSAP, agus léiríonn sé, in éineacht le próiseálaithe déiríochta trí Dairy Sustainability Ireland, mar is féidir le comhairleoirí tionchar a imirt ar fheirmeoirí, agus iad a spreagadh, chun an comhshaol a chosaint, dobharlaigh na hÉireann go háirithe.
Fás na Déiríochta
D’fhreastail na mílte feirmeoirí ar Lá Oscailte Déiríochta Teagasc in Iúil 2019, ar an gCloch Liath. Mar chuid de réimse cuimsitheach taighde agus comhairle déiríochta ag an imeacht, chuala a raibh i láthair cad é mar atá athrú ó bhonn tagtha ar thionscal déiríochta na hÉireann, agus méadú corradh le €4 bhilliún tagtha in 2018 ar easpórtáil chomhábhair agus tháirgí déiríochta na hÉireann. Tháinig méadú ar tháirgeadh bainne in Éirinn in 2019 go raibh beagnach ocht billiún lítear ann. Tá treoirlínte curtha ar fáil ag Teagasc don earnáil déiríochta, ina n-aithnítear na gníomhaíochtaí is tábhachtaí is gá a ghlacadh le lorg comhshaoil an tionscail a laghdú agus leis na caighdeáin is airde i dtaca le leas ainmhithe a áirithiú.
Tá Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2019 Teagasc ar fáil ina n-iomláine ag https://www.teagasc.ie/publications/