Bileoga eolais seolta chun cuidiú le Feirmeoirí Cáilíocht an Uisce a Choinneáil
Tá cúig bhileog eolais seolta ag Teagasc chun cuidiú le feirmeoirí cáilíocht dobharlach a choinneáil agus a fheabhsú in Éirinn mar chuid den Chlár Tacaíochta agus Comhairleach maidir leis an Inbhuanaitheacht Talmhaíochta (ASSAP). Táthar i ndiaidh an chéad sciar seo de bhileoga eolais a scaoileadh amach ar an dara lá de Sheachtain Cáilíochta Uisce Teagaisc atá ar siúl ó Dé Luain an 22 Márta go Dé hAoine an 26 Márta.
Clúdaítear na topaicí seo a leanas sna bileoga eolais sin:
- Criosanna Maolánacha Bruachánacha
- Bainistíocht leasacháin orgánaigh
- Láisteadh níotráite ó thailte curaíochta
- Nítrigin luath d’fhéarthailte earraigh
- Úsáid luibhicíde i bhféarthailte agus cáilíocht an uisce
Tugtar leideanna praiticiúla iontu ar féidir le feirmeoirí iad a chur i bhfeidhm, a rachaidh chun tairbhe do na sruthanna agus aibhneacha agus dobharlaigh eile atá ag rith trína bhfeirmeacha. Má dhéantar Criosanna Maolánacha Bruachánacha a chur ar bun in áiteanna tábhachtacha ar d’fheirm, mar shampla, beidh siad sin ina gcuidiú chun cúrsaí uisce a chosaint ar chaillteanais cothaitheach, dríodar agus lotnaidicídí. Tá comhairleoir áitiúil ASSAP ar fáil le comhairle a chur maidir leis na háiteanna is fóirsteanaí agus maidir le méid ciumhaiseanna bruachánacha le haghaidh feirmeacha ar leith. Rachaidh na ceantair seo chun sochair ní hamháin do cháilíocht an uisce ach chomh maith leis sin beidh siad ina gcuidiú chun an bhithéagsúlacht agus an ceapadh carbóin a fheabhsú.
Dúirt Noel Meehan, Ceann ar an gClár Tacaíochta agus Comhairleach maidir leis an Inbhuanaitheacht Talmhaíochta (ASSAP); “Féadfaidh leasacháin orgánacha a bheith mar acmhainn luachmhar ar fheirm, ach caithfear iad a bhainistiú mar is ceart. Nuair a dhéantar é a leathadh, déanann an ithir agus na plandaí leasachán orgánach a ionsú, nó cailltear é san aer agus san uisce. Má dhéanann feirmeoirí é a leathadh go cúramach agus caillteanais a laghdú, féadfaidh siad níos mó cothaitheach a choimeád, éilliú báinsí a laghdú agus bille an leasacháin a ísliú ar an bhfeirm. Is é an toradh a bheidh air sin ná brabús na feirme a mhéadú agus san am céanna ár n-aer, atmaisféar agus cáilíocht an uisce a chosaint.”
Dúirt sé; tá roinnt leideanna an-úsáideach sa bhileog maidir le ‘Grassland Herbicide Use and Water Quality’ (Úsáid Luibhicídí ar Fhéarthalamh agus Cáilíocht an Uisce) chun an baol do dhobharlaigh a laghdú nuair atá lotnaidicídí á n-úsáid. Ba chóir gur léitheoireacht riachtanach a bheadh inti do na feirmeoirí ar fad atá ag spraeáil ar fhéarthalamh le haghaidh fiailí. Léirítear i sonraí ón GCC i 2019 gur sáraíodh an teorainn 82 uair, i 27 soláthar uisce óil. Bhí 52 acu sin (63.4%) ag baint le MCPA.”
Le haghaidh níos mó sonraí ar Sheachtain Cáilíochta Uisce Teagaisc tabhair cuairt ar www.teagasc.ie/waterqualityweek agus chun an chúig bhileog eolais a íoslódáil tabhair cuairt ar https://www.teagasc.ie/environment/water-quality/farming-for-water-quality-assap/assap-factsheets/