Ceachtanna Foghlamtha ó Chlár Ithreacha Troma Teagaisc
Bunaíodh an Clár Ithreacha Troma Teagaisc in 2011 le gréasán feirmeacha déiríochta a fhorbairt ar ithreacha le draenáil olc le feidhmiú mar bhinse tástála do straitéisí agus cleachtais bhainistíochta ar féidir leo a bheith curtha i bhfeidhm chun feidhmíocht agus éifeachtúlacht a fheabhsú ar fheirmeacha atá déanta suas den gcineál ithreach sin den chuid is mó, arb ionann iad agus 30% d’fhéarthailte na tíre.
Inniu, tá leabhrán nua foilsithe ag Teagasc - ‘Lessons learned - key findings of the Teagasc Heavy Soils programme’ (Ceachtanna foghlamtha - príomhthorthaí Chlár Ithreacha Troma Teagaisc). Tugann an foilseachán nua seo achoimre ar fhorbairt na bhfeirmeacha rannpháirteacha le deich mbliana anuas. Tarlaíonn an foilseachán i gcomhthráth le glacadh seilbhe thar chuntais meán sóisialta Teagaisc inniu ag duine de na rannpháirtithe sa Chlár Ithreacha Troma, Danny Bermingham, chun a thaispeáint cad atá ag tarlú ar a fheirm i gContae an Chláir.
Go dtí seo, bhí an clár dírithe ar na príomhréimsí seo a leanas: dearadh draenála talaimh, tréithriú ithreach agus bainistíocht talaimh, ithirthorthúlacht agus éifeachtúlacht úsáide cothaithigh, bainistíocht féaraigh agus bonneagar feirme. Tá sé fíorthábhachtach na gnéithe sin a optamú chun inbhuanaitheacht na bhfeirmeacha den chineál sin a fheabhsú.
Ó thús an chláir, tá méadú thart ar 32% tagtha ar mhéid na dtréad ar fheirmeacha rannpháirteacha ó leibhéal na bliana 2011, le méadú comhfhreagrach i ráta stocála ardáin bleáin ó 2.12 go 2.82 bó in aghaidh an heicteáir. Tá méadú tagtha ar EBI tréada ó €84 in 2011 go €139 in 2020.
Tá méadú 65% tagtha ar an meánaschur i dtearmaí solad bainne in aghaidh an heicteáir ó 850kg in aghaidh an heicteáir in 2011 go 1,405kg/Ha in 2020. Bhí oll-aschur meánach i dtearmaí luacha idir €2,935/Ha in 2016, agus praghas an bhainne ag a íosphointe, agu €4,530/Ha in 2018.
Déantar tomhas ar tháirgeacht fhéir i rith gnáthshiúlóidí feirme agus déantar taifead agus bainistiú air le Teagasc PastureBase. Tá méadú seasta tagtha ar tháirgeacht fhéir bhliantúil thar tréimhse an chláir. Caithfear an leibhéal táirgeachta seo a choinneáil chun inbhuanaitheacht agus brabúsacht na bhfeirmeacha sin a chinntiú. Le hathbhreithniú leanúnach ar bhanracha nach bhfuil ag feidhmiú go maith, is féidir infheistíocht a phleanáil maidir le hoibreacha draenála talún, feabhsúcháin ar ithirthorthúlacht, athshíolú agus bonneagar féaraigh.
Ghabh Patrick Tuohy, Bainisteoir Chlár Ithreacha Troma Teagaisc, buíochas leis na 10 bhfeirmeoir atá ag glacadh páirt sa chlár as a dtoilteanas monatóireacht agus taifead a dhéanamh ar eolas maidir le hionchuir feirme, cleachtais bhainistíochta, aschuir agus feidhmíocht airgeadais, agus an t-eolas sin a roinnt, agus atá ag óstáil imeachtaí agus grúpaí cuairte. Dúirt sé; “Mar gheall ar thiomantas na bhfeirmeoirí, tá éascú déanta ar mhionanailís na gcóras feirme le himeacht ama, agus ar fhorbairt réiteach ar shrianta coitianta ar éifeachtúlacht agus táirgiúlacht maidir le hithreacha le draenáil olc. Bhí oscailteacht gach feirmeora fíorthábhachtach don chomhroinnt faisnéise agus ceachtanna foghlamtha le feirmeoirí eile, le cuairteoirí agus leis an bpobal i gcoitinne chun tacú leis an iarracht cleachtais feirmeoireachta níos inbhuanaithe a fhorbairt ar ithreacha den chineál sin ina gceantair faoi seach. “
Is féidir an foilseachán iomlán a fheiceáil ag https://www.teagasc.ie/publications/2021/teagasc-heavy-soils-programme--lessons-learned.php agus níos mó eolais ar an gclár a fháil anseo www.teagasc.ie/heavysoils