Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Ceannasaí Nua ar Roinn Aistrithe Eolais Déiríochta Teagasc

Beidh an ceannasaí nua ar Roinn Aistrithe Eolais Déiríochta Teagasc, an Dr Joe Patton ag an lá oscailte déiríochta an tseachtain seo chugainn ag Teagasc An Chloch Liath chun bualadh le feirmeoirí agus dul i dteagmháil leo maidir leis na dúshláin atá roimh an earnáil.

Níos luaithe an samhradh seo, ceapadh an Dr Patton mar cheannasaí ar Aistriú Eolais Déiríochta i dTeagasc tar éis don Dr Tom O’ Dwyer dul i gceannas ar Chlár Signpost Teagasc. Beidh an Dr Patton i gceannas ar an bhfoireann speisialtóirí déiríochta san eagraíocht.

Ag labhairt dó roimh Lá Oscailte na Cloiche Léithe '21, dúirt Joe Patton: “Le deich mbliana anuas tá athrú bunúsach tagtha ar an tionscal déiríochta i dtéarmaí a chleachtais bhainistíochta feirme, a chaidrimh le hearnálacha talmhaíochta eile, agus a áit sa gheilleagar agus sa tsochaí i gcoitinne. Is í an tosaíocht atá agam d’fhoireann Déiríochta KT Teagasc ná inbhuanaitheacht comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch a chomhtháthú i gclár teicniúil láidir.

Déanfar é seo a sheachadadh ar fud na bpríomhréimsí bainistithe féaraigh agus éifeachtúlacht úsáide cothaitheach, saoráidí feirme agus saothair, agus pórú tréada agus bainistíocht torthúlachta. Oibreoimid go dlúth le comhghleacaithe Teagasc agus le comhpháirtithe tionscail chun cabhrú le tionscnaimh inbhuanaithe mairteola déiríochta a fhorbairt. Tá sé i gceist againn freisin ár gcumas tacaíochta cinntí a fheabhsú maidir le cothú féar-bhunaithe, airgeadas feirme, sláinte agus leas ainmhithe.”

Bhain Joe Patton céim amach san Eolaíocht Talmhaíochta ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 2002. Bhain a chuid taighde PhD le ‘Tionchar na cothromaíochta cothaithe agus fuinnimh ar an bhfeidhm atáirgthe in eallach déiríochta’, a chríochnaigh sé idir Teagasc agus COBÁC.

Thosaigh sé a ghairm le Teagasc in 2006 le post taighde conartha i réimse an chothaithe tréada déiríochta. In 2009, ghlac sé le ról mar speisialtóir déiríochta do tháirgeadh bainne geimhridh i dTeagasc, lonnaithe ag Teagasc An Ghráinseach. Ghlac sé freagracht freisin as tionscadal córais bainne geimhridh Teagasc atá lonnaithe i gCaisleán Bhaile Sheáin. In 2020, d’aistrigh sé go dtí post mar speisialtóir cothaithe athchogantaigh san eagraíocht tar éis dó ról ceannaireachta a ghlacadh roimhe seo maidir le cabhrú le seasamh Teagasc a chur le chéile agus a scaipeadh maidir le freagairtí ar thionchair aimsire crua in 2018 a bhainistiú.

Agus é ag déanamh comhghairdeas le Joe as a cheapachán, dúirt an tOllamh Pat Dillon, Ceannasaí an chláir um Thaighde agus Nuálaíocht Ainmhí agus Féaraigh: “Beidh Joe ag glacadh le ról ceannaireachta agus é ag dul i bhfeidhm ar chlár déiríochta Teagasc ag an am seo ina bhfuil dúshláin ag teacht chun cinn don tionscal náisiúnta.”