Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Ceapann Teagasc Stiúrthóir Taighde nua

Rinne Teagasc an tOllamh Pat Dillon a cheapadh mar Stiúrthóir Taighde. Rinne Údarás Teagasc an ceapachán a fhaomhadh ag a chruinniú Dé Céadaoin, an 1 Nollaig 2021. Rachaidh an tOllamh Dillon i mbun an róil nua seo láithreach bonn.

Senior Management

Beidh freagracht air as na ceithre Chlár a threorú i Stiúrthóireacht Taighde Teagasc; Taighde Ainmhí & Féaraigh agus Nuálaíocht; Barra, an Comhshaol agus Talamhúsáid; Bia; Geilleagar Tuaithe agus Forbairt. Tá na Cláir seo i bhfeidhm thar sé ionad taighde ag Baile an Ásaigh, Baile Átha an Rí, An Ghráinseach, Caisleán Bhaile Sheáin, An Chloch Liath agus Páirc na Darach. Chomh maith leis na ranna taighde, áirítear leis na Cláir seo na Ranna Aistrithe Eolais (Speisialtóireachta) agus na Ranna Forbartha Muc, Gairneoireachta agus Foraoiseachta.

Bhain an tOllamh Dillon céim B.Ag.Sc. amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 1986 agus chuaigh sé ar aghaidh chun PhD a chríochnú in Eolaíocht Féaraigh in COC. Chuaigh sé isteach san fhoireann taighde i dTeagasc in 1990.

Bhí sé ina Cheannasaí ar an Ionad Taighde um Tháirgeadh Ainmhithe sa Chloch Liath ó 2004 go 2009. Tá sé ina Cheannasaí ar an gclár um Thaighde agus Nuálaíocht Ainmhí & Féaraigh ó mhí Mheán Fómhair 2009 ar aghaidh. Aithnítear go hidirnáisiúnta é mar phríomheolaí i dtáirgeadh beostoic inbhuanaithe féarach-bhunaithe agus tugann sé cuimse taithí i bhforbairt teicneolaíochta agus rannpháirtíocht tionscail chuig an ról.

Mar Stiúrthóir Taighde, beidh an tOllamh Dillon i gceannas ar chlár taighde Teagasc a thabhairt chun cinn, ag obair i gcomhpháirtíocht leis na feidhmeanna comhairleacha agus oideachais i dTeagasc, na tionscail feirmeoireachta, bia agus ghaolmhara, institiúidí tríú leibhéal, chomh maith le heagraíochtaí tacaíochta Stáit eile agus institiúidí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta. Oibreoidh sé lena chinntiú go mbeidh Teagasc in áit mhaith mar cheannaire eolaíoch i dtaighde straitéiseach sa talmhaíocht agus san eolaíocht bia agus i réimsí gaolmhara.

Ag déanamh comhghairdeas leis an Ollamh Dillon ar a cheapachán, dúirt an tOllamh Frank O Mara, Stiúrthóir Teagasc; “Tá Pat i gceannas ar thaighde na heagraíochta i dtáirgeadh Ainmhí agus Féaraigh le 12 bliain anuas agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis agus muid ar thóir an eolais nua atá ag teastáil don chur chuige córas bia a leagtar amach in FoodVision 2030. Chun na dúshláin a chomhlíonadh agus na deiseanna a leagtar amach sa straitéis a thapú, beidh gá le taighde ceannródaíoch mar aon le comhairle den scoth, oideachas, agus beidh ról lárnach ag Pat lena chinntiú go mbainfidh Teagasc barr a chumas amach mar ghníomhaire don athrú.”

Agus é ag labhairt i ndiaidh a cheapacháin, dúirt an tOllamh Dilion; “Ní mór do thalmhaíocht na hÉireann leanúint ar aghaidh ag tógáil ar a buntáiste comparáideach i dtáirgeadh bia féar-bhunaithe, agus ag an am céanna deiseanna a fhorbairt do raon níos éagsúla de roghanna táirgeachta barr. Tá Teagasc i mbun taighde ar chórais táirgthe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, faoi stiúir ár nIonad Taighde Comhshaoil i gCaisleán Bhaile Sheáin. Táim muiníneach gur féidir dul i ngleic go rathúil leis na dúshláin a bhaineann le cáilíocht uisce, athrú aeráide, astaíochtaí amóinia agus bithéagsúlacht trí na teicneolaíochtaí atá bunaithe ar an eolaíocht, atá á iniúchadh.”