Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Eolaithe fáis á seoladh ag Teagasc le haghaidh Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí

Tá an bhliain seo ainmnithe ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe mar 'Bliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí', agus cumhdófar an téama gur bunriachtanais chothaithe iad torthaí agus glasraí. Moltar dúinn i dtreoirlínte an FSS, Beatha Shláintiúil don Bheatha, níos mó glasraí, sailéid agus torthaí a ithe – suas le seacht gcuid acu gach lá.

Chun tacú le luach torthaí agus glasraí, agus chun daoine a chur ar an eolas ina leith, beidh an téama seo á chur san áireamh ag Roinn Forbartha Talmhaíochta Teagasc ina chlár beartaithe gníomhaíochtaí i rith 2021.

Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte meascán torthaí agus glasraí éagsúla atá i séasúr a ithe. Foinse thábhachtach snáithín agus photaisiam is ea torthaí agus glasraí úra a laghdaíonn an baol a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha.

Arsa an tOllamh Paul Cotter, Ceann Roinn Eolaíochtaí Bitheacha Teagasc; Foinsí saibhre polaifeanól cothaithe is ea bianna agus deochanna atá “plandabhunaithe, torthaí agus glasraí san áireamh. Tá baint idir bianna plandúla a ithe agus baol níos ísle ann ó thaobh galair ainsealacha de, ailse, galair croí, diaibéiteas chineál 2 agus galair athlastacha eile ina measc. Comhpháirteanna fíteicheimiceacha bianna plandúla is cúis le cuid mhór de na héifeachtaí bitheolaíocha sin. Anuas air sin, táthar á thabhairt le fios gur trí ionramháil baictéir sa phutóg agus an t-athrú ó bhonn a dhéanann na baictéir phutóige atá ann ar na baictéir sin a bhaintear amach an-chuid d’éifeachtaí dearfacha na meitibilítí tánaisteacha sin ar an tsláinte ar an iomlán”.

Agus é ag labhairt faoin earnáil gairneoireachta, arsa Dermot Callaghan, Ceann Roinn Forbartha Gairneoireachta Teagasc; Tá oll-aschur ag gairneoireacht tráchtála na hÉireann atá sa cheathrú háit, chun deiridh ar an déiríocht, mairteoil agus feoil muice. Tá luach ‘ag geata na feirme’ de €477 milliún ag baint léi mar earnáil i 2019. Áirítear ar Bhia Gairneoireachta Muisiriúin €119m, Prátaí €111m, Glasraí ón nGort €78m, Torthaí faoi Chosaint €43m, Glasraí faoi Chosaint €34m, Torthaí Taobh Amuigh €11m agus Mil €4m. In ainneoin gur gníomhaíocht atá tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de torthaí agus glasraí a tháirgeadh, agus go dtuairiscítear go forleathan na buntáistí sláinte a bhaineann le torthaí agus glasraí a ithe, buntáistí nach dtugtar aitheantas ceart dóibh is dócha, luíonn sé le réasún go bhfuil freagracht orainne mar thomhaltóirí chun inmharthanacht fhadtéarmach a chinntiú i gcás tionscal ina gcuirtear glasraí áitiúla úra den chaighdeán is airde ar sheilfeanna ollmhargaí. Tá sé riachtanach tacaíocht a léiriú le haghaidh bia a fhástar go háitiúil lena chinntiú go mbeidh slabhraí níos giorra soláthair ann, chomh maith le cáilíocht ard táirgí. Tá sé riachtanach chomh maith tacú le bia a fhástar ar bhealach inbhuanaithe ina mbíonn cleachtais táirgeachta ag teacht le tosca áitiúla”.

Tá a lán tomhaltóirí ag tabhairt faoi aistí bia atá plandabhunaithe níos mó agus tá a gcuid torthaí agus glasraí á bhfás ag cuid acu, iad ag tabhairt aghaidh ar ghairdín an tí nó cuibhreann an phobail le gairid. Is é an t-earrach an t-am is fearr le torthaí agus glasraí a chur. Cé go mbíonn Teagasc ag díriú ar an earnáil ghairmiúil gairneoireachta, tá Teagasc i ndiaidh eolas ábhartha agus eolaithe úsáideacha a nuashonrú don gharraíodóir sa bhaile:

Acmhainní den scoth atá in dhá fhoilseachán de chuid Theagasc faoi choinne aon duine atá ag iarraidh ‘a gcuid féin a fhás’: ‘A Guide to Vegetable Growing’ (Eolaí maidir le Glasraí a Fhás) agus ‘Greenhouse Salad Crops – A Guide for Home Gardeners’ (Barra Sailéid sa Teach Gloine – Eolaí faoi choinne Garraíodóirí Baile)’. Is féidir iad a íoslódáil saor in aisce ar Shuíomh Gréasáin Teagasc anseo

Tá cruachóipeanna de A Guide to Vegetable Growing, Eagrán 9 ar fáil ar chostas €15 euro an ceann, postas san áireamh. Déan teagmháil le Therese Dempsey, Teagasc, Páirc na Darach, Ceatharlach ar 059 9183422 chun mionsonraí a fháil.