Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Osclaíonn An Taoiseach Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta nua ag Teagasc An Chloch Liath

D'oscail An Taoiseach Micheál Martin infheistíocht €8.8 milliún ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag Teagasc An Chloch Liath go hoifigiúil inniu, Dé hAoine 17 Meán Fómhair.

Is áis nuathógtha é an Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta atá taobh le hIonad Taighde Bia Teagasc ag An gCloch Liath, Contae Chorcaí. Soláthraíonn an Mol spásanna sábháilte, rúnda oifige agus saotharlainne ar léas do chuideachtaí bia chun a bhfoirne Taighde agus Forbartha a bhunú. Trí bhonn taighde a bhunú ag an Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta, is féidir le cuideachtaí bia comhoibriú leis na saineolaithe bia ó Chlár Taighde Bia Teagasc, agus rochtain a fháil ar shaoráidí planda píolótacha den scoth atá in aice láimhe ag Moorepark Technology Ltd (MTL).

Ag labhairt ag an oscailt, dúirt An Taoiseach Micheál Martin TD: “Tá lúcháir orm a bheith anseo chun an Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta nua a oscailt go hoifigiúil, a ceapadh chun tacú le cuideachtaí bia atá lonnaithe in Éirinn chun margaí easpórtála nua a bhaint amach sa ré tar éis an Bhreatimeachta. Táim muiníneach go gcuirfidh cuideachtaí bia go mór lena n-acmhainn taighde agus nuálaíochta sa timpeallacht uathúil seo a cruthaíodh leis an áis seo.”

Tar éis dó a bheith críochnaithe i mí an Mheithimh 2021, tá an Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta lánáitithe cheana féin. Oibríonn cliantchuideachtaí i réimsí táirgí déiríochta agus táirgí cothaitheacha eile, dathúchán nádúrtha bia agus sláinte putóige, agus déanann na cliaint ionadaíocht ar mheascán de chuideachtaí nuathionscanta, cuideachtaí ilnáisiúnta, Comharchumainn Déiríochta na hÉireann agus infheistíocht dhíreach eachtrach.

Dúirt Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle: “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tacaíocht ón rialtas do thaighde bia in Éirinn. Bhí sé ríthábhachtach maidir le tógáil an bhonneagair laistigh de Teagasc, atá ar fáil anois chun tacú le hearnáil bia nua-aimseartha agus atá ag forbairt go leanúnach in Éirinn. Bainfidh an Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta leas as an mbonneagar próiseála bia den scoth ag MTL Moorepark, cruthaitheacht de chuid eolaithe bia den scoth atá ag Teagasc agus comhuaillmhian gnó na gcuideachtaí sa Mhol chun nuálaíocht, poist agus éagsúlú onnmhairithe a thiomáint.”

Tógann an Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta ar infheistíocht €10 milliún le déanaí ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i Moorepark Technology Ltd. Cuireann an meascán ar an láthair den Mhol Nuálaíochta Bia Náisiúnta, Ionad Taighde Bia Teagasc agus Moorepark Technology Ltd, comhoibriú chun cinn idir Clár Taighde Bia Teagasc agus an Tionscal Bia, ag tabhairt táirgí nua ó choincheap go saotharlann go scála réamhthráchtála ar aon champas amháin. Baineann cliaint an Mhoil leas as na háiseanna fairsinge anailíse agus an saineolas teicniúil atá ag bia-eolaithe Teagasc.

Ag fáiltiú roimh chríochnú an Mhoil Nuálaíochta Bia nua, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., go raibh a Roinn ag tacú go láidir leis an tionscadal ón tús agus le linn na céime forbartha: “Bhí áthas ar leith orainn maoiniú caipitil suntasach de thart ar €9m a chur ar fáil ó bhuiséad caipitil na Roinne chun cur ar chumas Teagasc an áis nua den scoth seo a chur i gcrích. Léirítear leis an maoiniú seo tiomantas láidir ón Rialtas chun an ráta Taighde agus Nuálaíochta san earnáil agraibhia a mhéadú agus chun tacú le cuideachtaí bia atá lonnaithe in Éirinn chun margaí easpórtála nua a bhaint amach sa ré tar éis an Bhreatimeachta. Agus fócas taighde ar phróiseáil, ar cháilíocht agus ar chothú bia, creidim go gcabhróidh an Mol Nuálaíochta Bia le hathrú suntasach ar ghníomhaíocht nuálaíochta a sheachadadh agus go bhfeidhmeoidh sé mar chúis mhór le comhoibriú níos fearr a chur chun cinn idir tionscal agus taighde poiblí”.

Tá campas na Cloiche Léithe mar cuid de thimpeallacht taighde uathúil in Éirinn, ag soláthar na ndaoine, an tsaineolais agus an bhonneagair do chuideachtaí bia chun a n-acmhainn taighde agus forbartha a mhéadú. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Mol Nuálaíochta Bia Náisiúnta tabhair cuairt ar https://www.teagasc.ie/food/research-infrastructure/food-innovation-hub/