Searmanas Oscailte Oifigiúil do Eastát, Músaem & Gairdíní Chaisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman
Tháinig an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., le chéile inniu le roinnt de shliocht iarfhoireann Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin ó 100 bliain ó shin, agus oscailt oifigiúil Eastát, Músaem & Gairdíní Maorga Chaisleán Bhaile Sheáin i gContae Loch Garman, á cheiliúradh acu.
D’oscail Caisleán Bhaile Sheáin a dhoirse don phobal den chéad uair in 2019, 850 bliain go díreach tar éis do na hAngla-Normannaigh teacht go Loch Garman. Mar gheall ar theacht na paindéime, níor cuireadh an ócáid i bhfeidhm go dtí inniu, Déardaoin an 11 Samhain 2021, nuair a d’fhógair an tAire McConalogue go raibh doirse athbheochana ghotach an chaisleáin ‘ar oscailt’.
Suite ar 120 acra, d’oscail an réadmhaoin stairiúil roimh na paindéime tar éis infheistíocht €7.5milliún a bheith críochnaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara agus Fáilte Éireann – agus úinéirí na réadmhaoine Teagasc, údarás an fhorbairt talmhaíochta & bia, i gcomhpháirtíocht le Irish Heritage Trust, eagraíocht neamhspleách neamhbhrábúis ag tabhairt faoi mhaoirseacht uirthi. Áiríodh leis an infheistíocht seo oibreacha caomhnaithe sa Chaisleán agus chuir sé ar chumas an eastáit ceann scríbe iontach a thairiscint do chuairteoirí in Oirdheisceart na hÉireann. Áirítear leis an tairiscint turais Chaisleáin, athoscailt tollán na seirbhíseach, atá 86 méadar; 'ionad cuairteoirí den chéad scoth a thógáil agus oibreacha athfhorbartha ag Músaem Talmhaíochta na hÉireann agus Gairdíní Ornáideacha Daniel Robertson mar aon le 4km de shiúlóidí iontacha ar an loch a nochtadh agus clós súgartha do leanaí a chur leis.
Mar chuid de cheiliúradh oscailte oifigiúil an lae inniu, tá roinnt de shliocht iarfhoireann an Eastáit a roinn a gcuimhní ‘stair bheo’ ar bheith ag fás aníos ar an eastát atá anois mar chuid de thuras treoraithe an Chaisleáin. Chuir Irish Heritage Trust, atá ag bainistiú agus ag cur beocht sa réadmhaoin, fáilte ar ais roimh May McDonald, 82 bliain d’aois a d’fhás aníos ar an eastát agus a bhfuil go leor cuimhní geala aici lena n-áirítear an fhreagracht a bhí uirthi uibheacha goir a chasadh faoi dhó sa lá faoi ghoradán pairifín agus na huibheacha úra a sheachadadh chuig cistineacha an Chaisleáin tríd an 'tollán seirbhíseach' i ndorchadas iomlán. “Ba é mo phost uibheacha na gcearc a sheachadadh chuig an gcócaire, iad clúdaithe i nuachtán i gciseán dronuilleogach… Bhí mé i gcónaí ar mo m'aire ag iompar na
n-uibheacha mar bhí eagla an domhain orm aon cheann a bhriseadh ach ar ndóigh, bheadh na buachaillí guail ag fanacht ag am éigin feadh an tolláin chun geit mhaith a bhaint asam.”
Ba é athair Majella Kehoe tiománaí an eastáit agus ba é a seanathair Fear Tionlacain na Bantiarna Maurice FitzGerald. Arsa Majella, “Agus muid ag fás aníos bhí saol iontach againn, bhí an tsaoirse againn bheith ag fánaíocht ar an eastát gach lá ach amháin ag 3 pm nuair a bheadh bantiarna an Chaisleáin ar a siúlóid. Is tearmann beag a bhí ann i ndáiríre agus chaith muintir FitzGerald chomh maith sin le gach duine. Ba é an clós súgartha ab fhearr riamh.”
Ó 2019 ar aghaidh, tá an-tóir go deo ag cuairteoirí ar Eastát, Músaem agus Gairdíní Chaisleán Bhaile Sheáin a tharraingíonn níos mó ná 100,000 cuairteoir in aghaidh na bliana faoi láthair agus baineann timpeall 7,600 ball Irish Heritage Trust taitneamh as na háiseanna ar feadh na bliana.
Dúirt an tAire McConalogue ag labhairt ag an searmanas oifigiúil i gCaisleán Bhaile Sheáin: “Tá lúcháir orm an tseoid náisiúnta seo a oscailt go hoifigiúil agus déanaim comhghairdeas le gach duine a bhí rannpháirteach le blianta beaga anuas ag Eastát, Músaem agus Gairdíní Chaisleán Bhaile Sheáin as an deis a thabhairt do chuairteoirí a bheith tumtha i scéal bia, feirmeoireachta agus saol an teaghlaigh in Éirinn, agus turas cumhach á sholáthar ag an am céanna trí fheirmeoireacht agus stair shóisialta na hÉireann ag Músaem an-suimiúil Talmhaíochta na hÉireann”.
Déanann Músaem Talmhaíochta na hÉireann iniúchadh ar shaol na tuaithe in Éirinn agus tá bailiúchán iontach de 19 dtaispeántas buan ann. Le bliain anuas, tá taispeántais nua seolta ag an Músaem, lena n-áirítear ceann faoi Teilgcheárta Pierce, an mórchomhlacht tionsclaíoch i Loch Garman, a bhfuil cáil dhomhanda bainteach amach aige. Aithnítear go náisiúnta go bhfuil an bailiúchán is fearr de dhéantúsáin talmhaíochta ag an músaem ag Caisleán Bhaile Sheáin.
“Tá mé féin agus mo Roinn fíor-bhródúil as a bheith in ann tacú leis an tionscadal iontach seo a thugann le chéile stair na talmhaíochta agus timpeallacht álainn Chaisleán Bhaile Sheáin. Molaim gach duine i mo Roinn féin chomh maith le Fáilte Éireann, Irish Heritage Trust agus Teagasc as an bhfiontar iontach seo a thabhairt chun críche. Tá a fhios agam go mbeidh sé ina bhunchloch d’earnáil turasóireachta na hÉireann sna blianta amach romhainn,” a dúirt an tAire McConalogue ansin.
“Tá an-lúcháir orainn fáilte a chur roimh shliocht na hiarfoirne ag Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin inniu chun an ócáid speisialta seo a cheiliúradh, mar go bhfuil muid an-tógtha as beocht a chur le stair,” arsa Anne O’Donoghue, POF Irish Heritage Trust. “Tá ár gcuid oibre ag Irish Heritage Trust treoraithe ag na prionsabail ‘Daoine, Áit agus Rannpháirtíocht’ mar creidimid, dá mhéad daoine a chothaíonn caidreamh le háiteanna speisialta, is láidre a bheidh na réadmhaoine sin amach anseo. Is iad na daoine seo sa lá atá inniu ann a chuireann beocht le háiteanna stairiúla agus le fíorscéalta ‘stair bheo’ Chaisleán Bhaile Sheáin a ghabháil agus a athinsint. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt freisin do thacaíocht an phobail áitiúil lena n-áirítear ár bhfoireann iontach de 120 nó os a chionn oibrí deonach a d’oibrigh ar go leor codanna den eastát ó 2019 ar aghaidh. Táimid thar a bheith buíoch freisin dár 7,600 nó os a chionn ball a d’fhan dílis le linn dhúshláin na paindéime,” a dúirt sí ansin.
Cinntíonn ballraíocht Irish Heritage Trust go leanann Eastát, Músaem & Gairdíní Chaisleán Bhaile Sheáin ag maireachtáil agus faoi bhláth le go mbainfidh na glúnta atá le teacht taitneamh astu. Leanann oibreacha agus ath-infheistíocht ar aghaidh go tapa ar Eastát, Músaem & Gairdíní Chaisleán Bhaile Sheáin, lena n-áirítear athfhorbairt an ghairdín suncáilte agus oibreacha caomhnaithe ar bhálseomra an Chaisleáin agus ar na tithe gloine Victeoiriacha.
Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Forbartha Táirgí le Fáilte Éireann:“Is iontach an rud é a bheith i Loch Garman inniu chun oscailt oifigiúil Eastát, Músaem agus Gairdíní Chaisleán Bhaile Sheáin a chomóradh. Soláthróidh an ní is díol spéise seo, arna thacú ag Fáilte Éireann i gcomhpháirtíocht le Teagasc agus Irish Heritage Trust, tarraingt bhreise chuig Oirdheisceart na hÉireann do chuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta. Leis an infheistíocht i gCaisleán Bhaile Sheáin agus an athfhorbairt air, méadaítear cáilíochtaí turasóireachta oidhreachta na hÉireann, cruthaítear ní is díol spéise nua do Loch Garman nach mór cuairt a thabhairt air agus neartaítear Oirthear Ársa na hÉireann mar cheann scríbe den scoth.”
Dúirt Cathaoirleach Údaráis Teagasc, Liam Herlihy: “Is iontach an rud é an chaibidil nua seo i scéal Chaisleán Bhaile Sheáin a fheiceáil. Le blianta fada anuas, tá an caisleán agus na tailte faoi chúram agus faoi mhaoirseacht Teagasc agus An Foras Talúntais a tháinig roimhe. Bhí na forbairtí eolaíocha ar cuireadh tús leo anseo sna 1940idí agus sna 50idí ríthábhachtach d’fhorbairt talmhaíochta agus eacnamaíochta luathstát na hÉireann. Is meabhrúchán tráthúil agus ceiliúradh é an taispeántas nua sa Chaisleán, sna saotharlanna taighde a bhí ann roimhe seo, ar an ionchar seo thar na mblianta fada. Tá ionchur eolaíochta ó Chaisleán Bhaile Sheáin dírithe anois ar inbhuanaitheacht comhshaoil na talmhaíochta agus tá siad chomh tábhachtach anois agus a bhí siad riamh. Is iontach an sásamh é an rath agus an tóir atá ar Eastát, Músaem agus Gairdíní Chaisleán Bhaile Sheáin a fheiceáil. Cinnteoidh cinneadh straitéiseach Teagasc chun Eastát, Músaem agus Gairdíní an Chaisleáin a fhorbairt in éineacht le Irish Heritage Trust, mar cheann scríbe turasóireachta don Oirdheisceart, go gcoimeádfar é do na glúnta atá le teacht."
Le haghaidh tuilleadh sonraí ar Chaisleán Bhaile Sheáin téigh chuig www.johnstowncastle.ie / 053 9184671