Síníonn an t-Ionad Teicneolaíochta Próiseála Déiríochta meabhrán tuisceana (MT) le VistaMilk chun an bealach a réiteach do chomhoibrithe déiríochta amach anseo
Éascóidh Meabhrán Tuisceana (MT) a síníodh an 9 Lúnasa 2021 idir Ollscoil Luimnigh agus Teagasc dhá phríomhionad taighde déiríochta – an t-Ionad Teicneolaíochta Próiseála Déiríochta (ITPD) agus VistaMilk – chun leas a bhaint as sineirgí agus deiseanna comhoibrithe ar mhaithe leis an taighde déiríochta amach anseo.
Is Ionad Teicneolaíochta Fhiontraíocht Éireann é ITPD atá dírithe ar fhás agus inbhuanaitheacht a thiomáint amach anseo in earnáil próiseála déiríochta na hÉireann trí dhul chun cinn sa phróiseáil agus sa déantúsaíocht inbhuanaithe. Tá sé mar aidhm aige athrú céime a sholáthar do phróiseálaithe déiríochta na hÉireann le taighde réamhiomaíoch ar ardchaighdeán, ag seachadadh tionchar teicniúil suntasach agus luach eacnamaíoch don earnáil.
Is Ionad Taighde Fhondúireacht Eolaíochta Éireann é VistaMilk a bhfuil sé mar phríomhfhócas aige a bheith ina ghníomhaire fáis freagrach do thionscal déiríochta agus Agra-Teicneolaíochta na hÉireann trí bheith ina cheannaire domhanda i dtaighde bunúsach agus aistritheach do dhéiríocht féarach-bhunaithe beacht.
Bainfidh an MT leas as gach ceann de bhuntáistí iomaíocha an Ionaid Taighde chun tacú le comhoibrithe ar ardchaighdeáin a rachaidh chun sochair d'earnáil déiríochta iomlán na hÉireann. Tá comhpháirtithe tionscail agus acadúla ag an ITPD agus VistaMilk agus mar sin beidh comhoibriú gníomhach an-bhuntáisteach agus sineirgíoch ann do gach páirtí. Éascóidh sé ailíniú cuspóirí taighde, chun an eolaíocht agus an teicneolaíocht is déanaí i bpróiseáil déiríochta a sheachadadh. Tá sé ina mhór-uaillmhian naisc a bhunú idir na gnéithe sin sa táirgeadh lena gcinntear inphróiseáilteacht bainne agus táirgí déiríochta. Soláthróidh an MT meicníocht ‘débhealach’ chun táirgeadh bainne agus sonraí próiseála a chomhroinnt, i dtimpeallacht thacúil.
Le síniú an MT, leagtar béim ar chomhiarrachtaí an dá pháirtí chun fócas oscailte, cuimsitheach agus forásach ar thaighde próiseála déiríochta a chur chun cinn, agus aithnítear agus athdhearbhaítear na sineirgí idir an dá ionad taighde.
Ag labhairt dó ar son VistaMilk, dúirt an tOllamh Donagh Berry, Stiúrthóir an Ionaid; “Tá róil tábhachtacha ag an dá Ionad san éiceachóras taighde agus nuálaíochta déiríochta; bainfidh an comhaontas straitéiseach seo leas as díograis, tiomantas agus bonn eolais an dá chuibhreannas tionscail-acadúil ina mbeidh daoine eile ar fud an domhain in éad leo mar gheall air. Tá lúcháir mhór orm faoin neartú seo ar an gcomhoibriú leis an ITPD”.
D’aontaigh an Dr Anne Marie Henihan, Stiúrthóir Ionaid ITPD a ceapadh le déanaí: “Aithníonn muid luach na hoibre atá ar siúl ag VistaMilk, agus táimid muiníneach go mbeidh an MT seo ina phríomhchuid de straitéis níos leithne an ITPD, ag cur le comhoibrithe straitéiseacha an dá pháirtí, agus ag méadú deiseanna don tionscal déiríochta. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le chéile”.