Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Tuairisc Grass10 2017-2020 Foilsithe

Foilsíodh tuairisc ar an gcéad chéim den chlár Grass10 inniu, Dé Máirt 19 Eanáir 2021. Cuireadh tús leis an gclár Grass10 in 2017 agus é mar aidhm ag an gclár spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí úsáid fhéir a mhéadú go 10 dtona ábhair thirim in aghaidh an heicteáir sa bhliain, agus 10 bhféarach in aghaidh na banraí a bhaint amach gach bliain.

Tugtar buntáiste comparáideach i dtáirgeadh bainne agus feola d’fheirmeoirí na hÉireann de bharr an chostais níos ísle ar fhéar innilte i gcomparáid le foinsí eile de bhia ainmhithe. Cuirtear barr feabhais ar úsáid fhéir nuair a bhíonn ithirthorthúlacht barrmhaith, nuair a bhíonn bonneagar iontach féaraigh ag an bhfeirm, nuair is seagal ilbhliantúil/seamair bhán den chuid is mó iad na talamh féaraigh agus nuair a chuirtear na cleachtais bainistíochta féaraigh is fearr i bhfeidhm agus monatóireacht sheachtainiúil ar an soláthar féir in úsáid.

Tá athruithe ar chleachtais feirme mar thosaíocht ag an gclár grass10:

  • Bonneagar innilte; leagan amach banraí, an córas uisce agus bóithre feirme a fheabhsú.
  • Ithirthorthúlacht; pH, P agus K ithreach a mhéadú
  • Athshíolú; banracha nach bhfuil ag déanamh go maith a athshíolú
  • PastureBase Ireland; líon na bhfeirmeacha agus líon tomhas na feirme sa bhliain á méadú ar PastureBase Ireland
  • Scileanna bainistíochta féaraigh; scileanna féaraigh feirmeoirí a fheabhsú trí chúrsaí Grass10.

Agus cur síos ar shonraí na tuairisce Grass10 á dhéanamh aige, dúirt an tOllamh Gerry Boyle, Stiúrthóir Teagasc, go bhfuil líon na bhfeirmeoirí féaraigh a bhfuil PastureBase Ireland (PBI) in úsáid acu méadaithe ó 2,393 in 2017, agus 14 thomhas clúdaigh féir na feirme curtha i gcrích ar an meán, go 3,664 feirmeoir féaraigh in 2020, agus 19 dtomhas clúdaigh féir na feirme curtha i gcrích ar an meán.

Luaigh an tOllamh Boyle gur ghlac níos mó ná 700 feirmeoir féaraigh páirt in 42 cúrsa Grass10 ar cuireadh ar siúl iad in 2019/20 agus gur tháinig méadú 1.8 tona DM/ha sa bhliain ar tháirgeadh féir ar na feirmeacha sin ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, tháinig méadú ar an leibhéal rannpháirtíochta maidir le tomhas féir ó 20% go 55%.

Tacaíonn Teagasc, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, AIB, FBD, Grassland Agro agus The Farmers Journal le clár Grass10. Dúirt an tOllamh Boyle: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomheagraíochtaí sa chlár Grass10 agus aitheantas a thabhairt dá dtiomantas agus tacaíocht. Táim ag tnúth leis an sárchaidreamh oibre lenár gcomhpháirtithe a choinneáil agus muid ag dul isteach i gcéim 2 den chlár Grass10.”

Dúirt Pádraig Walsh, cathaoirleach ar choiste geallsealbhóirí Teagaisc Grass10: “tá táirgeadh féir ar fheirmeacha déiríochta agus stoic thirim níos airde nuair a bhíonn níos mó ná 20 tomhas clúdaigh féir curtha i gcrích in aghaidh na bliana. Léirítear i sonraí ó PastureBase Ireland go bhfuil na feirmeacha sin ag táirgeadh 2.9 agus 2.3 tona DM/ha níos mó ná an gnáthfheirmeoir déiríochta agus stoic thirim sa tír seo, faoi seach. “

Dúirt sé: “Beidh an-tábhacht ag baint leis na cleachtais bainistíochta féaraigh is fearr a ghlacadh go leanúnach ag leibhéal na feirme chun inbhuanaitheacht feirmeoireachta féaraigh a mhéadú amach anseo trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na todhchaí maidir leis an athrú aeráide, astaíochtaí amóinia agus caighdeán uisce. Beidh méadú ar éifeachtúlacht úsáid na nítrigine ar fheirmeacha féaraigh ina chuspóir mhór.”

Is féidir breathnú ar Thuairisc Grass10 2017 – 2020 iomlán ag https://www.teagasc.ie/publications/2021/grass10-report-2017---2020.php